YouVersion Logo
Search Icon

Eoin 21:15-17

Eoin 21:15-17 ASN1943G

Ar an aḋḃar sin, nuair a ḃí biaḋ caiṫte acu, deir Íosa le Síomon Peadar: A Síomoin, a ṁic Eoin, an annsa leat-sa mise ná leo seo? Deir seisean leis: Cinnte, a Ṫiġearna, tá a fios agat gur ionṁuin liom ṫú. Deir sé leis: Beaṫuiġ mo ċuid uan. Deir sé leis aṫuair: A Ṡíomoin, a ṁic Eoin, an ionṁuin leat mé? Deir seisean leis: Cinnte, a Ṫiġearna, tá a ḟios agat gur ionṁuin liom ṫú. Deir sé leis: Beaṫuiġ mo ċuid uan. Deir sé leis an tríoṁaḋ h-uair: A Síomoin, a ṁic Eoin, an ḃfuil gráḋ agat daṁ? Ṫáinic brón ar Ṗeadar, de ḃríġ gur duḃairt sé leis an tríoṁaḋ h-uair: An ḃfuil gráḋ agat daṁ? Agus duḃairt sé leis: A Ṫiġearna, tá fios na n-uile neiṫe agat: tá a ḟios agat go ḃfuil gráḋ agam duit. Duḃairt sé leis: Beaṫuiġ mo ċuid caoraċ.