Eoin 8
8
Caibidil VIII
An ḃean a fuarṫas ag déanaṁ aḋaltranais. Críost ag deiṁniuġaḋ a ṫeagaisc.
1Agus ċuaiḋ Íosa go Sliaḃ na n-Ológ.
2Agus go luaṫ ar maidin ṫáinic sé arís ċun an teampaill, agus ṫáinic na daoine uilig ċuige, agus ṡuiḋ sé síos go dtug teagasc dóiḃ.
3Agus ḃeir na Scríoḃaiḋṫe agus na Fairisíniġ bean ċuige a fuarṫas ag déanaṁ aḋaltranais: agus ċuir siad ina seasaṁ i lár báire í,
4Agus duḃairt siad leis: A ṁáiġistir, rugaḋ ar an ṁnaoi seo anois ag déanaṁ aḋaltranais.
5Agus d’órduiġ Maoise dúinn san dliġe#Leiḃ. 20, 10. gaḃáil do ċloċa ina leiṫéid sin. Ar an aḋḃar sin, cad é deir tusa?
6Aċt duḃairt siad sin, ag cur féaċála air, ċun go mb’ḟéidir dóiḃ rud éigin a ċur ina leiṫ. Aċt ċroṁ Íosa é féin síos, agus scríoḃ sé ar an talaṁ le n-a ṁéir.
7Ar an aḋḃar gur lean siad de ċur na ceiste air, ḋíriġ sé é féin, agus duḃairt leo:#Deut. 17, 7. An té agaiḃ atá gan ṗeacaḋ, caiṫeaḋ sé an ċéad ċloċ léi.
8Agus ġá ċromaḋ féin aṫuair dó, scríoḃ sé ar an talaṁ.
9Agus ar a ċluinstin sin dóiḃ, d’imṫiġ siad amaċ, duine i ndiaiḋ an duine eile, ag toiseaċt ó’n té a ba sine. Agus fágaḋ Íosa má aonar, agus an ḃean ina seasaṁ i lár baill.
10Aċt ḋíriġ Íosa é féin suas, agus duḃairt léi: A ḃean, cá ḃfuil siad sin a ḃí ag cur i do leiṫ? Nár ḋaor aon duine ṫú?
11Agus duḃairt sise: Níor ḋaor, a Ṫiġearna. Agus duḃairt Íosa: Ní ḋaorfaiḋ mise ṫú aċt a oiread: imṫiġ leat, agus anois ná déan peacaḋ feasta.
12Ar an aḋḃar sin, laḃair Íosa leo arís, ag ráḋ: Is mise solus an doṁain:#1 Eoin 1, 3. an té a leanas mise, ní ṡiuḃlann sé san dorċadas, aċt béiḋ solus na beaṫa aige.
13Duḃairt na Fairisíniġ leis, dá ḃríġ sin: Tá tú ag déanaṁ fiaḋnaise duit féin: ní fuil do ḟiaḋnaise fíor.
14Duḃairt Íosa leo, ġá ḃfreagairt: Giḋ go ḃfuil mé ag déanaṁ fiaḋnaise daṁ féin, tá mo ḟiaḋnaise fíor: óir tá a ḟios agam cá h-as a ḋtáinic mé, agus cá ḃfuil mé ag dul: aċt ní ḟuil a ḟios agaiḃ-se cá h-as a dtigim, ná cá dtéiġim.
15Ḃeir siḃ-se breiṫeaṁnas do réir na colna: ní ṫaḃraim-se breiṫeaṁnas ar aoinneaċ.
16Agus má ḃeirim-se breiṫeaṁnas, tá mo breiṫeaṁnas fíor, óir ní ḟuil mé i m’aonar, aċt mise agus an t-Aṫair, a ċuir uaiḋ mé.
17Agus tá sé scríoḃṫa i ḃur ndliġe, go mbíonn fiaḋnaise ḋá ḋuine fíor.#Deut. 17, 6, agus 19, 15; Mait. 18, 16; 2 Cor. 13, 1; Eaḃ. 10, 28.
18Is mise a ḃeir fiaḋnaise orm féin: agus ḃeir an t-Aṫair a ċuir uaiḋ mé fiaḋnaise orm.
19Duḃairt siad leis, ar an aḋḃar sin: Cá ḃfuil d’Aṫair? D’ḟreagair Íosa: Ní ḟuil aiṫne agaiḃ orm-sa, ná ar m’Aṫair: dá mbéaḋ aiṫne agaiḃ orm-sa, b’ḟéidir go mbéaḋ aiṫne agaiḃ ar m’Aṫair fosta.
20Laḃair Íosa na briaṫra sin i seomra an ċiste, agus é ag teagasc san teampall: agus ní rug aoinneaċ air, de ḃríġ naċ dtáinic a uair go fóill.
21Ar an aḋḃar sin, duḃairt Íosa leo arís: Tá mise ag imṫeaċt, agus béiḋ siḃ ar mo lorg, agus ġeoḃaiḋ siḃ bás i ḃur bpeacaḋ. Mar a ḃfuil mise ag dul, ní féidir díḃ-se teaċt.
22Duḃairt na h-Iúdaiġ, dá ḃríġ sin: An aṁlaiḋ go muirfiḋ sé é féin, ar an aḋḃar gur ḋuḃairt sé: Mar a ḃfuil mise ag dul, ní féidir díḃ-se teaċt?
23Agus duḃairt sé leo: Is aníos siḃ-se, aċt is anuas mise. Is de’n tsaoġal seo siḃ-se, ní de’n tsaoġal seo mise:
24Ar an aḋḃar sin, duḃairt mé liḃ go ḃfuiġiḋ siḃ bás i ḃur bpeacaiḋe: óir muna gcreidiḋ siḃ gur mise an té is mé, ġeoḃaiḋ siḃ bás i ḃur bpeacaḋ.
25Ar an aḋḃar sin, duḃairt siad leis: Cé ṫú féin? Duḃairt Íosa leo: An tús, atá fosta ag cainnt liḃ.
26Tá mórán neiṫe le ráḋ agus le breaṫnuġaḋ agam fá dtaoiḃ díḃ, aċt tá an té a ċuir uaiḋ mé fírinneaċ:#Róṁ. 3, 4. agus na neiṫe a ċuala mé uaiḋ-sean, is iad a laḃraim san tsaoġal.
27Agus ní raiḃ a ḟios acu go raiḃ sé ag ráḋ gurḃ é Dia a Aṫair.
28Ar an aḋḃar sin, duḃairt Íosa leo: Nuair a ṫógfas siḃ suas Mac an Duine, annsin béiḋ a ḟios agaiḃ gur mise an té is mé, agus naċ ndéanaim aon níḋ uaim féin, aċt do réir mar ṫug m’Aṫair teagasc daṁ, laḃraim na neiṫe seo:
29Agus an té a ċuir uaiḋ mé, tá sé i m’ḟoċair, agus níor ḟág sé i m’aonar mé: de ḃríġ go ndéanaim i gcóṁnaiḋe na neiṫe a ḃíos taitneaṁaċ leis.
30Le linn na neiṫe sin a ráḋ dó, ċreid mórán ann.
31Duḃairt Íosa, ar an aḋḃar sin, leis na h-Iúdaiġ a ċreid ann: Má ḟanann siḃ ar mo ḃriaṫar, béiḋ siḃ i ḃur ndeisciobail agam go fíor:
32Agus béiḋ fios na fírinne agaiḃ, agus saorfaiḋ an ḟírinne siḃ.
33D’ḟreagair siad é: Is síol Abrahaim sinn, agus ní ḋear-namar seirḃís d’aoinneaċ ariaṁ: cad é mar deir tusa: Béiḋ siḃ saor?
34D’ḟreagair Íosa iaḋ: Amén, amén, adeirim liḃ: gaċ aoinneaċ dá ndéan an peacaḋ, is scláḃaiḋe an peaċaiḋ é.#Róṁ. 6, 15, agus 16; 2 Pead. 2, 19.
35Agus ní ḟanann an scláḃaiḋe san tiġ a ċoiḋċe: aċt fanann an mac a ċoiḋċe.
36Ar an aḋḃar sin, má ṡaorann an mac siḃ, béiḋ siḃ saor ḋá ríriḃ.
37Tá a ḟios agam gur clann Abrahaim siḃ: aċt tá siḃ i ḃfáṫaċ le mo ṁarḃaḋ-sa, de ḃríġ naċ ḃfaġann mo ḃriaṫar áit ionnarḃ.
38Laḃraim-se an níḋ a ċonnaic mé ag m’Aṫair: agus ġní siḃ-se na neiṫe a ċonnaic siḃ ag ḃur n-aṫair féin.
39Duḃairt siad-san leis, ġá ḟreagairt: Is é Abraham ár n-aṫair. Deir Íosa leo: Má’s clann Abrahaim siḃ, déanaigiḋ oibreaċa Abrahaim.
40Aċt anois tá siḃ ag iarraiḋ mise a ċur ċun báis, duine a laḃair liḃ an ḟírinne a ċuala mé ó Ḋia: ní ḋearna Abraham sin.
41Ġní siḃ-se oibreaċa ḃur n-aṫar féin. Duḃairt siad leis, dá ḃríġ sin: Ní ó ḋrúis a rugaḋ sinne: tá aon aṫair aṁáin againn, Dia.
42Duḃairt Íosa leo, ar an aḋḃar sin: Dá mb’é Dia ḃur n-aṫair, is cinnte go mbéaḋ gráḋ agaiḃ daṁ-sa, óir is ó Ḋia a ġluais mé, agus a ṫáinic mé: óir ní uaim féin a ṫáinic mé, aċt ċuir seisean uaiḋ mé.
43Cad ċuige naċ dtuigeann siḃ mo ċainnt? De ḃríġ naċ dtig liḃ éisteaċt le mo ḃriaṫar.
44Is ó’n diaḃal, mar aṫair, siḃ-se:#1 Eoin 3, 8. agus is iad mianta ḃur n-aṫar is áil liḃ a ḋéanaṁ. Ba dúnṁarḃṫóir eisean ó ṫús, agus níor ṡeasuiġ sé san ḟírinne: de ḃríġ naċ ḃfuil ḟírinne ann: nuair a laḃras sé an ḃréag, laḃrann sé an níḋ is leis féin, óir is bréagaire agus aṫair na bréige é.
45Aċt má innsim-se an ḟírinne, ní ċreideann siḃ mé.
46Cé agaiḃ a ċuirfeas peacaḋ i mo leiṫ? Má innsim an ḟírinne díḃ, cad ċuige naċ gcreideann siḃ mé?
47An té atá ó Ḋia, éisteann sé le briaṫra Dé.#1 Eoin 4, 6. Ar an aḋḃar sin, ní éisteann sib-se, de ḃríġ naċ ó Ḋia, siḃ.
48D’ḟreagair na h-Iúdaiġ, ar an aḋḃar sin, agus duḃairt siad leis: Naċ maiṫ a deirimíd é gur Samáirteánaċ ṫú, agus go ḃfuil deaṁan ionnat?
49D’ḟreagair Íosa: Ní ḟuil deaṁan ionnam: aċt ḃeirim onóir do m’Aṫair, agus ṫug siḃ-se easonóir daṁ-sa.
50Aċt ní iarraim-se mo ġlóir féin: tá Neaċ ann a iarras, agus a ḃeir breiṫeaṁnas.
51Amén, amén, adeirim liḃ: má ċongḃuiġeann duine ar biṫ mo ḃriaṫar-sa, ní ḟeicfiḋ sé bás a ċoiḋċe.
52Duḃairt na h-Iúdaiġ, dá ḃríġ sin: Anois tá a ḟios againn go ḃfuil deaṁan ionnat. Tá Abraham marḃ, agus na Fáiḋe: agus deir tusa: Má ċongḃuiġeann duine ar biṫ mo ḃriaṫar, ní ḃlaisfiḋ sé bás a ċoiḋċe.
53An mó ṫusa ná ár n-aṫair Abraham, atá marḃ? Agus tá na Fáiḋe marḃ. Cé a ġní tusa díot féin?
54D’ḟreagair Íosa: Má ḃeirim-se glóir dáṁ féin, is neiṁníḋ mo ġlóir: is é m’Aṫair, a n-abrann siḃ-se gurab é ḃur nDia é, a ḃeir glóir daṁ,
55Agus ní ḟuil aiṫne agaiḃ-se air: aċt tá aiṫne agam-sa air: agus má deirim naċ ḃfuil aiṫne agam air, béiḋ mé mo ḃréagaire cosaṁail liḃ-se. Aċt tá aiṫne agam air, agus congḃuiġim a ḃriaṫar.
56Ba ṁór le ḃur n-aṫair Abraham go ḃfeicfeaḋ sé mo lá-sa: ċonnaic sé é, agus ḃí lúṫġáir air.
57Ar an aḋḃar sin, ḋuḃairt na h-Iúdaiġ leis: Ní ḟuil tusa deiċ mbliaḋna agus dá ḟiċid go fóill, agus an ḃfaca tú Abraham?
58Duḃairt Íosa leo: Amén, amén, adeirim liḃ, sul ar geineaḋ Abraham, tá mise ann.
59Ar an aḋḃar sin, ṫóg siad cloċa le caiṫeaṁ air: aċt d’ḟoluiġ Íosa é féin, agus ċuaiḋ sé amaċ as an teampall.
Currently Selected:
Eoin 8: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: