YouVersion Logo
Search Icon

Lúcas 4:9-12

Lúcas 4:9-12 ASN1943G

Agus ṫug sé go h-Ierusalem é, agus ċuir sé ar ḃeinn an teampaill é, agus duḃairt leis: Má’s Mac Dé ṫú, teilg ṫú féin síos as seo. Óir tá sé scríoḃṫa: Go dtug sé órduġaḋ dá ċuid aingeal i do ṫaoiḃ, ċun tú ċosaint, Agus tógfaiḋ siad ina láṁa ṫú, ar eagla go mbuailṫeá do ċos i n-éadan cloiċe. Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt leis: Tá sé ráiḋte: Ní ċuirfiḋ tú féaċáil ar an Tiġearna, do Ḋia.