Maitiú 15
15
Caibidil XV
Cáineann Críost na Scríoḃaiḋṫe. Leiġeasann sé inġean na mná as Canán, agus mórán eile: coṫuiġeann sé ceiṫre ṁíle le seaċt n-aráin.
1Annsin ṫáinic Scríoḃaiḋṫe agus Fairisíniġ#Marc. 7, 1. as Ierusalem ċuige, ag ráḋ:
2Cad ċuige a mbriseann#Marc. 7, 5. do deisciobail seanġnás na sinnsear? Óir ní niġeann siad a láṁa, ag iṫe arám dóiḃ.
3Agus duḃairt seisean leo, gá ḃfreagairt: Cad ċuige fosta a mbriseann siḃ-se aiṫne Dé ar son ḃur seanġnáis? Óir duḃairt Dia:
4“Onóruiġ d’aṫair agus do ṁáṫair,”#Ecs. 20, 12; Deut. 5, 16; Eṗ. 6, 2. agus: “An té a ṁallóċas aṫair nó ṁáṫair, cuirtear ċun báis é.”#Ecs. 21, 17; Leiḃ. 20, 9; Sean-ḟ. 20, 20.
5Aċt deir siḃ-se: Cibé déarfas le n-a aṫair nó le n-a ṁáṫair: Gaċ taḃartas#15, 5 Taḃartas. Is é sin le ráḋ, an ofráil a ḋéanfas mise le Ḋia, béiḋ sé i n-ionad an ruda a ba ċóir daṁ a ċaiṫeaṁ ort-sa. Do réir teagasc na ḃFairisíneaċ, dá dtugaḋ duine do’n teampall agus do na sagairt an rud a ḃí le n-a aṫair agus a ṁáṫair a ċongḃáil, ḃéaḋ sé saor ó ḋualgas ar biṫ cuidiuġaḋ le n-a ṫuismiġṫeoirí as sin amaċ. Teagasc é sin a ṫéiġeaḋ i dtairḃe do na Fairisíniġ a ḃíoḋ ina sagairt. Daorann Críost an teagasc sin, óir ḃí sé i n-aġaiḋ dliġe Dé agus i n-aġaiḋ na nádúra. a ṫig uaim-se, raċaiḋ sé i dtairḃe duit-se.
6Agus ní ṫaḃarḟaiḋ sé onóir dá aṫair ná dá ṁáṫair: agus rinne siḃ neiṁníḋ d’aiṫne Dé ar son ḃur seanġnáis.
7A ḃréagċráiḃṫeaċa, is maiṫ a ṫairngir Isaias oraiḃ, nuair a duḃairt:#Isaias 29, 13; Marc. 7, 6.
8Ḃeir an pobal seo onóir daṁ le n-a mbeola; aċt is fada uaim a gcroiḋe.
9Is i n-aisciḋ a ḃeir siad aḋraḋ daṁ, ag múineaḋ teagaisc agus aiṫeanta daoine#15, 9 Aiṫeanta daoine. Is iad na h-aiṫeanta daoine atá i gceist, an teagasc a ḃíos i n-aġaiḋ dliġe Dé, mar ḋiúltaḋ caḃarṫa do ṫuismiġṫeoirí ar an leiṫscéal gur tugaḋ taḃartas do Ḋia, agus teagasc a ḃíos amaideaċ agus gan tairḃe, mar an teagasc fá niġeaċáin, gan suim a ċur i nglaineċt an ċroiḋe. Na riaġlaċa a rinne ah Eaglais fá ṫroscaḋ agus fá ḟéilte, ⁊c., ní ḟuil siad i n-aġaiḋ aċt do réir ḃriaṫar Dé agus do réir na fíor-ċráiḃṫeaċta. Ní teagasc ná aiṫeanta daoine iad sin óir ní uġdarás daoine atá leo, aċt an t-uġdarás a ṫug Críost do’n Eaglais, san ċruṫ go ḃfuil orainn éisteaċt le tréadaiḋṫe na h-Eaglaise mar d’éistfeaḋ sinn le Críost é féin. (Mait. 18, 17; Lúc. 10, 16.).
10Agus ar ġairm na sluaġ ċuige dó, duḃairt sé leo: Éistigiḋ agus tuigigiḋ.
11Ní h-é an níḋ a ṫéid isteaċ san ḃéal#15, 11 Ní h-é an níḋ a ṫéid isteaċ san ḃéal, ⁊c. Ní ṫig le neaṁġlaine ar biṫ san ḃiaḋ, ná le salaċar ar biṫ ar na láṁa le linn a ḃeiṫ ag caiṫeaṁ bíḋ, an t-anam a ṡaluġaḋ. Ní ṫig le rud ar biṫ sin a ḋéanaṁ aċt peacaḋ, nó easuṁlaċt an ċroiḋe do aiṫeanta agus do ṫoil Dé. Nuair a d’iṫ Aḋaṁ uḃall na h-aiṫne, níorḃ é an t-uḃall a d’iṫ sé a ṡaluiġ é, aċt a easuṁlaċt do ḋliġe Dé. B’aṁlaiḋ sin do’n lúdaċ faoi’n tSean Reaċt a d’iṫeaḋ muicḟeoil, nó do’n Ċríostaiḋe le linn ha n-Abstal a d’iṫead fuil, agus is aṁlaiḋ sin do Ċríostaiḋe ar biṫ a ḃriseas an troscaḋ a d’órduiġ an Eaglais. I ngaċ cás acu sin, ní h-é an biaḋ a ṫéid isteaċ san ḃéal a ṫruailleoċaḋ an t-anam, aċt easuṁlaċt an ċroiḋe i mbriseaḋ aiṫeanta Dé, nó aiṫeanta na ndaoine a dtug Dia uġdarás dóiḃ. a ṡaluiġeas an duine, aċt an níḋ a ṫig amaċ as an ḃéal, is é sin a ṡaluiġeas an duine.
12Annsin ṫáinic a ḋeisciobail ċuige agus duḃairt leis: An ḃfuil a ḟios agat gur ġlac na Fairisíniġ scainneal nuair a ċuala siad an briaṫar sin?
13Aċt d’ḟreagair seisean, agus duḃairt:#Eoin 15, 2. Gaċ plannta nár ċuir m’Aṫair neaṁḋa, réabfar as a ḟréaṁaċa é.
14Ná bacaigiḋ leo sin: is daill agus treoruiḋṫe dall iad;#Lúc. 6, 39. agus má ḃíonn dall ag treoruġaḋ daill, tuitfiḋ siad araon isteaċ i bpoll.
15Agus duḃairt Peadar leis, ġá ḟreagairt: Míniġ dúinn an fáiṫscéal sin agat.#Marc. 7, 17.
16Aċt ḋuḃairt seisean: An ḃfuil siḃ-se fosta gan tuigsin go fóill?
17Naċ dtuigeann siḃ gur san ġoile a ṫéid gaċ níḋ dá dtéid isteaċ san ḃéal, agus go gcaiṫtear amaċ san ċamra é?
18Aċt na neiṫe a ġluaiseas ó’n ḃéal, is ó’n ċroiḋe a ṫig siad, agus saluiġeann siad-san an duine.
19Óir is ó’n ċroiḋe a ṫig droċ-smaointe, dúnṁarḃaḋ, aḋaltranas, drúis, gadaiḋeaċt, fiaḋnaise ḃréige, diaṁasla;
20Is iad sin na neiṫe a ṡaluiġeas an duine. Aċc biaḋ a ċaiṫeaṁ gan a láṁa a niġe, ní saluiġeann sé an duine.
21Agus ar imṫeaċt as sin do Íosa, ċuaiḋ sé isteaċ go críoċa na Tiora agus na Sídoine.#Marc. 7, 24.
22Agus ḟéaċ, ṫáinic bean as Canán amaċ as na críoċa sin, ag glaoḋaċ, agus ag ráḋ leis: Déan trócaire orm, a Ṫiġearna, a Ṁic Ḋáiḃiḋ: tá mo inġean dá cráḋaḋ go mór ag deaṁan.
23Aċt aon ḟreagair ní ṫug sé uirṫí. Agus ṫáinic a ḋeisciobail ċun tosaiġ gur ġuiḋ siad é, ag ráḋ: Cuir ar ṡiuḃal í, óir tá sí ag scairtiġ i n-ár ndiaiḋ.
24Aċt d’ḟreagair seisean, agus duḃairt: Níor cuireaḋ mise aċt aṁáin ċuig caoiriġ; seaċráin ṫiġe Israéil.#Eoin 10, 3.
25Aċt ṫáinic sise agus ṡléaċt sí dó, ag ráḋ: A Ṫiġearna, cuidiġ liom.
26D’ḟreagair seisean, agus duḃairt: Ní cóir breiṫ ar arán na cloinne agus a ċaiṫeaṁ ċuig na madaiḋ.
27Agus duḃairt sise: Is fíor duit, a Ṫiġearna; óir iṫeann fiú na coileáin na graḃrógaí a ṫuiteas ó ṫábla a gcuid máiġistrí.
28Annsin duḃairt Íosa léi, ġá freagairt: A ḃean, is mór do ċreideaṁ: déantar duit mar is toil leat. Agus ḃí a h-inġean slán ó’n uair sin.
29Agus nuair a d’imṫiġ Íosa as sin, ṫáinic sé i n-aice le muir na Gailile, agus ar ḋul suas ar an tsliaḃ dó, ṡuiḋ sé annsin.
30Agus ṫáinic sluaiġte móra ċuige, ag a raiḃ balḃáin, daill, daoine bacaċa, daoine cioṫraṁaċa, agus cuid ṁór eile: agus ċaiṫ siad síos ag a ċosa iad, agus leiġeas sé iad.
31Ionnas go raiḃ iongantas ar na sluaiġte, nuair a ċonnaic siad#Isaias 35, 5. na balḃáin ag laḃairt, na bacaiġ ag siuḃal, agus a n-aṁarc ag na daill; agus ṫug siad glóir do Ḋia Israéil.
32Agus ar ġairm a ḋeisciobal ċuige do Íosa, duḃairt sé: Tá truaiġe agam do’n tsluaġ,#Marc. 8, 1. óir d’ḟan siad anois trí lá i mo ċuid-eaċta, agus ní ḟuil rud ar biṫ le h-iṫe acu; agus ní h-áil liom iad a ċur ar ṡiuḃal ina dtroscaḋ, ar eagla go dtéiġeaḋ siad ar laige ar an ḃealaċ.
33Agus deir na deisciobail leis: Cá h-as a ḃfuiġimís a oiread arán san ḟásaċ, mar sin, agus a ṡásóċaḋ a leiṫéid de ṡluaġ?
34Agus duḃairt Íosa leo: Cá ṁéad arán agaiḃ? Agus duḃairt siad-san: Seaċt gcinn, agus beagán de ṁin-éisc.
35Agus d’órduiġ sé do’n tsluaġ suiḋe síos ar an talaṁ.
36Agus ag glacaḋ na seaċt n-arán agus na n-iasc dó, d’altuiġ sé, ḃris, agus ṫug dá deisciobail; agus ṫug na deisciobail do na daoine.
37Agus d’iṫ siad uilig, agus ḃí a sáiṫ acu. Agus de na conamair a ḃí i ḃfuiġleaċ, ṫóg siad lán ṡeaċt gcliaḃ.
38Agus ḃí siad sin a d’iṫ i lion a gceiṫre míle fear, taoḃ amuiġ de ṗáistí agus mná.
39Agus nuair a ċuir sé ar ṡiuḃal an sluaġ, ċuaiḋ sé san ḃád, agus ṫáinic sé go críoċa Ṁagedain.
Currently Selected:
Maitiú 15: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: