Gníomhartha 7
7
1Agus aduḃairt an t‐árd‐ṡagart, An fíor na scéala so? 2Agus aduḃairt seisean,
A ḃráiṫreaċa agus a aiṫreaċa, éistiḋ, Do ṫaisbeán Dia na Glóire é féin d’ár nAṫair Abraċam, an tráṫ ’n‐a raiḃ sé i Mesopotámia, sarar ċóṁnuiġ sé i gCarrán; 3agus aduḃairt sé leis, Éiriġ as do ṫír féin, agus as do ṁuinntir féin, agus tar isteaċ san tír ṫaisbeánfas mé ḋuit. 4Annsin d’ḟág sé tír na gCaldaeaċ, agus do ċóṁnuiġ sé i gCarrán, agus, nuair fuair a aṫair bás, d’aistriġ Dia é go dtí an tír seo ’n‐a ḃfuil siḃ‐se ’n‐ḃúr gcóṁnaiḋe anois: 5agus ní ṫug sé aon oiḋreaċt dó annsin, oiread agus coiscéim troiġe: agus do ġeall sé ḋó go dtiuḃraḋ sé mar ṡeilḃ é ḋó féin agus d’á ṡlioċt ’n‐a ḋiaiḋ, agus gan clann aige fós. 6Agus do laḃair Dia leis ar an gcuma so, go ndéanfaḋ a ṡlioċt cóṁnaiḋe i dtír ċoiṁiġṫiġ, agus go gcuirfiḋe fá ḃraiġdeanas iad, agus fá leaṫtrom ar feaḋ ceiṫre céad bliaḋan. 7Agus an náisiún go mbéiḋ siad fá ḋaoirse aige, do‐ġéanad‐sa breiṫeaṁnas air, aduḃairt Dia: agus tiocfaiḋ siad amaċ ’n‐a ḋiaiḋ sin, agus do‐ġéanaiḋ siad seirḃís dom san áit seo. 8Agus ṫug sé ḋó connraḋ an timċeall‐gearrṫa: agus mar sin do ġein sé Íosóg, agus do ṫimċeall‐ġearr sé é an t‐oċtṁaḋ lá; agus do ġein Íosóg Iácób, agus do ġein Iácób an dá ṗaitriárċa déag. 9Agus d’ḟás éad ar na paitriárċaiḃ le Seosaṁ, gur ḋíoladar isteaċ san Éigipt é: 10agus ḃí Dia leis, agus d’ḟuascail sé é ó n‐a anró uile, agus ṫug sé fáḃar agus eagna ḋó i láṫair Faraó rí na h‐Éigipte; go ndearna sé ceannṗort de ar an Éigipt agus ar a rí‐ṫeaġlaċ féin. 11Aċt ṫáinig gorta agus aṁgar mór ar an Éigipt ar fad agus ar Ċanaán: agus ní raiḃ biaḋ le fáġáil ag ár n‐aiṫreaċaiḃ. 12Aċt, ar n‐a ċlos do Iácób go raiḃ arḃar san Éigipt, do ċuir sé ár n‐aiṫreaċa annsin an ċéad uair. 13Agus an dara h‐uair do cuireaḋ Seosaṁ i n‐aiṫne d’á ḋearḃráiṫreaċaiḃ; agus do noċtaḋ cineaḋ Ṡeosaiṁ d’Ḟaraó. 14Agus ṫug Seosaṁ cuireaḋ, agus do ġlaoḋ sé ċuige Iácób a aṫair, agus a ċineaḋ go léir, cúig duine déag agus trí fiċid. 15Agus do ċuaiḋ Iácób síos san Éigipt; agus fuair sé bás, é féin agus ár n‐aiṫreaċa; 16agus tugaḋ go Suċem iad, agus do cuireaḋ iad san uaiġ do ċeannuiġ Abraċam ar airgead ó ċlann‐ṁac Emmór i Suċem. 17Aċt nuair do ḃí am na geallaṁna ṫug Dia d’Abraċam, ag teaċt, do ḃí an pobal ag dul i ḃfás agus i líonṁaire san Éigipt, 18nó gur éiriġ rí eile ar an Éigipt, naċ raiḃ aiṫne aige ar Ṡeosaṁ. 19Do‐rinne seisean feall ar ár gcineaḋ, agus do‐rinne sé leaṫtrom ar ár n‐áiṫreaċaiḃ, g‐á ċur d’ḟiaċaiḃ orṫa a naoiḋeana do ċaiṫeaṁ amaċ ionnas naċ mairfidís. 20Fá’n am sin rugaḋ Maois, agus leanḃ an‐ḃreaġ do ḃí ann; agus do h‐oileaḋ é ar feaḋ trí mí i dtiġ a aṫar: 21agus nuair do caiṫeaḋ amaċ é, do ṫóg inġean Ḟaraó é, agus d’oil sí é mar ṁac dí féin. 22Agus fuair sé oideas i n‐ealaḋantaiḃ uile na nÉigipteaċ; agus ḃí sé cumasaċ ’n‐a ḃriaṫraiḃ agus ’n‐a ġníoṁaraṫiḃ. 23Aċt nuair do ḃí sé dá ḟiċid bliaḋain d’aois, ṫáinig tnúṫán ’n‐a ċroiḋe dul agus cuairt do ṫaḃairt ar a ḃráiṫreaċaiḃ, clann Israel. 24Agus nuair ċonnaic sé duine aca agus éagcóir d’á déanaṁ air, do ċosain sé é, agus do‐rinne sé díoġaltas ar son an té go ndearnaḋ an éagcóir air, ag bualaḋ an Éigiptiġ: 25agus do ċeap sé gur ṫuig a ḃráiṫreaċa go raiḃ Dia g‐á ḃfuasclaḋ tré n‐a láiṁ‐sean; aċt níor ṫuigeadar. 26Agus, an lá ’n‐a ḋiaiḋ sin ṫáinig sé orṫa agus iad ag troid le ċéile, agus b’áil leis síoṫċáin do ḋéanaṁ eadorṫa, g‐á ráḋ, A ḟeara, is bráiṫreaċa siḃ; cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag déanaṁ éagcóra ar a ċéile? 27Aċt an té do ḃí ag déanaṁ na h‐éagcóra ar a ċoṁarsain do ċuir sé uaiḋ é, g‐á ráḋ, Cia rinne riaġlóir agus breiṫeaṁ ḋíot‐sa os ár gcionn? 28Arḃ áil leat mise do ṁarḃaḋ, fá mar ṁarḃais an t‐Éigipteaċ indé? 29Agus nuair do‐ċuala Maois sin do ṫeiċ sé, agus do‐rinne sé ċóṁnaiḋe i dtír Ṁadian, agus do ḃí beirt ċlann‐ṁac aige annsin. 30Agus nuair do ḃí ḋá ḟiċid bliaḋan imṫiġṫe, do taiḋḃriġeaḋ aingeal dó i ḃfásaċ sléiḃe Sína, i lasair teineaḋ i dtor. 31Agus nuair do ċonnaic Maois é, do ċuir an taiḋḃse iongnaḋ air: agus ag tarraing i ngar dó g‐á ḃreaṫnú, do laḃair guṫ an Tiġearna, 32Is mise Dia do ṡinnsear, Dia Abraċaim agus Dia Íosóig, agus Dia Iácóib. Agus do ḃí Maois ar crioṫ, agus níor láṁ sé féaċain. 33Agus aduḃairt an Tiġearna leis, Scaoil na bróga ded’ ċosaiḋ: óir an áit ’n‐a ḃfuil tú is talaṁ naoṁṫa é. 34Do ċonnacas go soiléir aṁgar mo ṗobail atá san Éigipt, agus d’airiġeas a gcneadaċ, agus ṫáinig mé le tárrṫáil do ḋéanaṁ orṫa: agus anois, tar, cuirfead ċum na h‐Éigipte ṫú. 35An Maois seo d’ár ḋiúltadar, g‐á ráḋ, Cia do‐rinne riaġlóir agus breiṫeaṁ ḋíot‐sa? do ċuir Dia uaiḋ eisean ’n‐a riaġlóir agus ’n‐a ḟuascaltóir le láiṁ an aingil do taiḋḃriġeaḋ ḋó san tor. 36Do ṫreoruiġ sé sin amaċ iad, tar a éis dó míorḃailtí agus cóṁarṫaí do ḋéanaṁ san Éigipt, agus san Muir Ruaiḋ, agus san ḃfásaċ ar feaḋ dá ḟiċid bliaḋan. 37Is é an Maois sin aduḃairt le clainn Israel, Tógfaiḋ Dia suas fáiḋ mar mise ḋaoiḃ as lár ḃúr mbráiṫreaċ. 38Is é sin an té do ḃí san gcóṁ‐ċruinniú san ḃfásaċ i ḃfoċair an aingil do laḃair leis ar ṡliaḃ Sína, agus i ḃfoċair ár n‐aiṫreaċ: do ġlac briaṫra na beaṫaḋ le n‐a ṫaḃairt dúinne: 39an té nárḃ áil le n‐ár n‐aiṫreaċaiḃ ḃeiṫ uṁal dó, aċt do ḋiúltadar dó, agus d’ḟilleadar ’n‐a gcroiḋeaċaiḃ ċum na h‐Éigipte, 40g‐á ráḋ le h‐Aarón, Déan déiṫe ḋúinn raċas róṁainn; aċt maidir leis an Maois seo, do ṫreoruiġ amaċ as tír na h‐Éigipte sinn, ní ḟuil a ḟios againn créad d’éiriġ ḋó. 41Agus do ċumadar laoġ ins na laeṫiḃ sin, agus do‐rinneadar íoḋbairt do’n íoḋal, agus do‐rinneadar gáirdeaċas as obair a láṁ féin. 42Aċt d’iompuiġ Dia, agus ṫug sé suas iad ċum sluaġ neiṁe d’aḋraḋ: mar atá scríoḃṫa i leaḃar na ḃfáiḋ,
An beiṫiḋiġ marḃa agus íoḋbarta d’ofráileaḃar dom
Ar feaḋ dá ḟiċid bliaḋan san ḃfásaċ, a ṫeaġlaiġ Israel?
43Agus do ṫógaḃar tabernacal Ṁóloċ,
Agus réalta an dé Refan,
Na h‐íoṁáġṫa do‐rinneaḃar le n‐a h‐aḋraḋ:
Agus aistreoċad ṫar an mBaibiolóin anonn siḃ.
44Do ḃí tabernacal na fiaḋnaise ag ár sinnsearaiḃ san ḃfásaċ, mar d’órduiġ an té do laḃair le Maois, go ndéanfaḋ sé é de réir na h‐eisiomplára do ċonnaic sé. 45Agus ṫug ár sinnsir isteaċ i n‐éinḟeaċt le Iósua é ’n‐a ḋiaiḋ sin, agus iad ag gaḃáil seilḃe ar ṫír na gcineaḋaċ, do ḋíbir Dia amaċ roiṁ aġaiḋ ár sinnsear, go dtí laeṫe Ḋáiḃi: 46fuair grás i láṫair Dé, agus d’iarr áitreaḃ d’ḟáġáil do Ḋia Iácóib. 47Aċt ba é Solaṁ do ṫóg teaċ dó. 48Ní i dtiġ do rinneaḋ le láṁaiḃ, áṁ, ċóṁnuiġeas an Té is Áirde; mar adeir an fáiḋ,
49Is é neaṁ mo rí‐ċaṫaoir,
Agus is é an talaṁ stól mo ċos:
Cia an cineál tiġe ṫógfas siḃ daṁ‐sa? adeir an Tiġearna:
Nó cá ḃfuil áit mo ṡuaiṁnis?
50Nárḃ í mo láṁ‐sa do‐rinne na neiṫe sin go léir?
51A luċt na muineál riġin, gan cluasa ná croiḋe timċeall‐ġearrṫa agaiḃ, bíonn siḃ i gcóṁnaiḋe ag cur i gcoinniḃ an Spioraid Naoiṁ: fá mar rinne ḃúr sinnsir, is mar sin do‐ġní siḃse. 52Cia aca de na fáiḋiḃ naċ ndearna ḃúr sinnsir géir‐leanaṁain air? agus do ṁarḃadar iad‐san d’ḟógair roiṁ ré teaċt an Ḟíréin úd; go ḃfuil siḃ‐se ’n‐ḃúr mbraṫadóiriḃ agus ’n‐ḃúr ndúnṁarḃṫóiriḃ aige; 53siḃ‐se fuair an reaċt tugaḋ tríd na h‐aingliḃ, agus nár uṁluiġ dó.
54Ag éisteaċt dóiḃ‐sean leis na briaṫraiḃ sin, d’éiriġ colg ’n‐a gcroiḋeaċaiḃ agus do ḃíodar ag gioscán a ḃfiacal ċuige. 55Aċt do ḋearc seisean go géar suas ar neaṁ, agus é lán de’n Spiorad Naoṁ, agus do ċonnaic sé glóir Dé, agus Íosa ’n‐a ṡeasaṁ ar ḋeasláiṁ Dé, 56agus aduḃairt sé, Féaċ, ċím na flaiṫis ar ḟoscailt, agus Mac an Duine ’n‐a ṡeasaṁ ar ḋeasláiṁ Dé. 57Aċt do ġáireadar‐san amaċ i n‐árd a ngoṫa, agus do ḋúnadar a gcluasa agus ṫugadar ruaṫar faoi i n‐éinḟeaċt le ċéile, 58agus do ruaigeadar as an gcaṫair amaċ é, agus do ġaḃadar de ċloċaiḃ air: agus do leag na fiaḋnaiḋṫe a mbrait ag cosaiḃ fir óig darḃ ainm Saul. 59Agus do ġaḃadar de ċloċaiḃ ar Stiofán, agus é ag guiḋe, g‐á ráḋ, A Ṫiġearna Íosa, glac ċugat mo spioraid. 60Agus do leig sé é féin ar a ġlúnaiḃ, agus do ġlaoḋ sé de ġuṫ árd, A Ṫiġearna, ná cuir an peacaḋ so ’n‐a leiṫ. Agus, ar n‐a ráḋ sin dó, do ṫuit a ċodlaḋ air. Agus do ḃí Saul ag aontú le n‐a ḃás.
Currently Selected:
Gníomhartha 7: JOYNTG
Highlight
Share
Copy
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapistaging.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fen.png&w=128&q=75)
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

: