Eoin 16
16
1D’inniseas an méid sin daoiḃ ċum naċ nglacfaḋ siḃ scannal. 2Cuirfear amaċ as na sionagógaiḃ siḃ: ṫairis sin, atá an uair ag teaċt go measfaiḋ an té ṁarḃas siḃ gur ag déanaṁ seirḃíse do Ḋia atá sé. 3Agus do‐ġéanaid an méid sin, de ċionn naċ aiṫnid dóiḃ an t‐Aṫair ná mise. 4Aċt d’inniseas na neiṫe sin daoiḃ ċum go gcuiṁneoċaiḋ siḃ ar a nduḃairt mé liḃ, nuair ṫiocfas an t‐am. Aċt níor inniseas na neiṫe sin daoiḃ ó ṫosaċ, toisc go raḃas‐sa ’n‐ḃúr ḃfoċair. 5Aċt atáim ag dul anois ċum an té do ċuir uaiḋ mé; agus ní ḟuil duine agaiḃ g‐á ḟiafruiġe ḋíom, Cá ḃfuilir ag dul? 6Aċt de ḃriġ gur laḃras na neiṫe sin liḃ, do líon ḃúr gcroiḋe de ḋólás. 7Aċt ċeana atáim ag innsin na fírinne ḋaoiḃ; Is é ḃúr leas mé d’imṫeaċt: óir muna n‐imṫiġim, ní ṫiocfaiḋ an Sólásaiḋe ċugaiḃ, aċt má imṫiġim, cuirfead ċugaiḃ é. 8Agus nuair ṫiocfas seisean, pléiḋfiḋ sé leis an saoġal i dtaoḃ an ṗeacaiḋ, agus an ċirt, agus an ḃreiṫeaṁnais: 9i dtaoḃ an ṗeacaiḋ, de ċionn naċ gcreidid ionnam‐sa; 10i dtaoḃ an ċirt, toisc go ḃfuilim ag dul ċum m’Aṫar, agus naċ ḃfeicfiḋ siḃ feasta mé; 11i dtaoḃ an ḃreiṫeaṁnais, de ḃriġ go ḃfuil breiṫeaṁnas taḃarṫa ar ṗrionnsa an tsaoġail seo. 12Is iomḋa niḋ eile atá agam le ráḋ liḃ fós, aċt ní ḟuil ar ċumas daoiḃ a ḟulang anois. Aċt ċeana, 13nuair ṫiocfas an Spiorad úd na fírinne, treoróċaiḋ sé ċum na fírinne uile siḃ: óir ní h‐uaiḋ féin laḃras sé; aċt laḃarfaiḋ sé gaċ a gcluineann sé: agus noċtfaiḋ sé ḋaoiḃ na neiṫe atá le teaċt. 14Do‐ḃéarfaiḋ sé glóir ḋaṁ‐sa: óir glacfaiḋ sé dem’ ċuid‐se, agus noċtfaiḋ sé ḋaoiḃ é. 15Gaċ a ḃfuil ag an Aṫair, is liom‐sa é: d’á ḃriġ sin aduḃairt mé go nglacann sé dem’ ċuid‐se, agus go noċtfaiḋ sé ḋaoiḃ é. 16Tamall beag, agus ní ḟeicfiḋ siḃ me; agus tamall beag eile, agus ċífiḋ siḃ mé. 17Annsin aduḃairt cuid d’á ḋeisceablaiḃ le n‐a ċéile, Caidé seo adeir sé linn, Tamall beag, agus ní ḟeicfiḋ siḃ mé; agus tamall beag eile, agus ċífiḋ siḃ mé; agus, Toisc go ḃfuilim ag dul ċum an Aṫar? 18Uime sin aduḃradar, Caidé seo adeir sé, Tamall beag? 19Ní ṫuigimíd an ċainnt sin aige. Do ḃí a ḟios ag Íosa gur ṁian leo ceist do ċur air, agus aduḃairt sé leo, An ḃfuil siḃ ag ceistiú eadraiḃ féin fá go nduḃairt mé, Tamall beag, agus ní ḟeicfiḋ siḃ mé, agus tamall beag eile, agus ċífiḋ siḃ mé? 20Go fírinneaċ adeirim liḃ, go ndéanfaiḋ siḃ‐se gol agus caoineaḋ, aċt béiḋ áṫas ar an saoġal: béiḋ brón oraiḃ‐se, aċt aṫróċar ḃúr mbrón ċum gáirdeaċais. 21Nuair ḃíos bean i leabaiḋ luiġe seolta, bíonn dólás uirṫi, toisc a h‐am ḃeiṫ tagṫa: aċt ċóṁ luaṫ agus beirtear an naoiḋean, ní ċuiṁniġeann sí a ṫuilleaḋ ar an doilġeas le gáirdeaċas go ḃfuil daonnaiḋe tagṫa ar an saoġal. 22Mar sin daoiḃ‐se, agus brón oraiḃ fá láṫair: aċt do‐ċífead arís siḃ, agus béiḋ áṫas ar ḃúr gcroiḋe, agus ní ḃainfiḋ aoinneaċ ḃúr n‐áṫas díḃ. 23Agus ins an lá sin ní ċuirfiḋ siḃ ceist orm. Go fírinneaċ adeirim liḃ, Má iarrann siḃ niḋ ar biṫ ar an Aṫair, do‐ḃéarfaiḋ sé ḋaoiḃ é im’ ainm‐se. 24Go dtí seo níor iarraḃar éinniḋ im’ ainm‐se: iarraiḋ, agus do‐ġeoḃaiḋ siḃ, ionnas go mbéiḋ ḃúr n‐áṫas iomlán.
25Do laḃras an méid sin liḃ i saṁlaoidiḃ: atá an uair ag teaċt naċ laḃarfad liḃ feasta i saṁlaoidiḃ, aċt go n‐innseoċad daoiḃ go soiléir i dtaoḃ an Aṫar. 26Iarrfaiḋ siḃ im’ ainm‐se an lá sin: agus ní abraim liḃ go nguiḋfead ċum an Aṫar ar ḃúr son: 27óir atá gráḋ ag an Aṫair féin daoiḃ, de ḃriġ go raiḃ gráḋ agaiḃ‐se ḋaṁ‐sa, agus gur ċreideaḃar gur ó Ḋia ṫáinig mé. 28Ṫáinig mé amaċ ó’n Aṫair, agus ṫáinig mé ar an saoġal: atáim ag fágáil an tsaoġail arís, agus atáim ag dul ċum an Aṫar. 29Aduḃairt a ḋeisceabail, Féaċ, anois atáir ag laḃairt go soiléir, agus ní saṁlaoid atá agat d’á ráḋ. 30Atá a ḟios againn anois gur ab eol duit an uile niḋ, agus naċ gáḃaḋ ḋuit aon duine ḃeiṫ gad’ ċeistiú: creidimíd d’á ḃriġ sin go dtáinig tú amaċ ó Ḋia. 31D’ḟreagair Íosa ḋóiḃ, An gcreideann siḃ anois? 32Féaċ, atá an uair ag teaċt, atá sí ann anois féin, ’n‐a scaipfear gaċ duine agaiḃ ċum a ḃaile féin, agus ’n‐a ḃfágfaiḋ siḃ mise im’ aonar: aċt ċeana, ní im’ aonar atáim, óir atá an t‐Aṫair im’ ḟoċair. 33Aduḃairt mé an méid sin liḃ, ċum go mbéaḋ síoṫċáin agaiḃ ionnam‐sa. Ata anró oraiḃ sa tsaoġal so: aċt bíoḋ meisneaċ agaiḃ; atá buaiḋte agam‐sa ar an saoġal.
Currently Selected:
Eoin 16: JOYNTG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

: