Lúcás 24
24
1Agus do ġlacadar a suaiṁneas, lá na sabóide, de réir na h‐aiṫne. Aċt an ċéad lá de’n tseaċtṁain, le fáinniú an lae go moċ, ṫángadar go dtí an tuama, agtaḃairt na spíosraiḋ do ḃí ullṁuiġṫe aca leo. 2Agus fuaradar an ċloċ iompuiġṫe i leaṫtaoiḃ ó’n tuama. 3Agus do ċuadar isteaċ ann, agus ní ḟuaradar corp an Tiġearna Íosa. 4Agus ṫarla, nuair do ḃí mearḃall orṫa ’n‐a ṫaoḃ sin, gur, féaċ, do ṡeas beirt ḟear ’n‐a n‐aice, agus éadaiġe lonnraċa orṫa: 5agus do ḃí scannraḋ orṫa, agus do ċromadar a n‐aiġṫe ċum na talṁan, agus aduḃradar‐san leo, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag lorg an ḃeo i measc na marḃ? 6Ní h‐annso atá sé, aċt atá sé aiséiriġṫe: cuiṁniġiḋ mar aduḃairt sé liḃ agus é fós san nGalilé, g‐á ráḋ 7gurḃ éigean go dtiuḃarṫaiḋe Mac an Duine ar láiṁ do na peacaċaiḃ, agus a ċéasaḋ, agus a aiséirġe an treas lá. 8Agus do ċuiṁniġeadar ar a ḃriaṫraiḃ, 9agus d’ḟilleadar ó’n tuama, agus d’inniseadar na neiṫe sin uile do’n aon duine déag, agus do na daoiniḃ eile go léir. 10Agus do b’iad Máire Ṁagdaléne, agus Ióanna, agus Máire Ṡéamais, agus na mná eile do ḃí n‐a ḃfoċair d’innis na neiṫe sin do na h‐abstalaiḃ. 11Aċt do ṁeasadar‐san naċ raiḃ ’n‐a mbriaṫraiḃ aċt mar ḃéaḋ cainnt gan ċéill; agus níor ċreideadar iad. 12Aċt d’éiriġ Peadar, agus do riṫ sé isteaċ sa tuama; agus ag cromaḋ agus ag dearcaḋ isteaċ dó, do ċonnaic sé na h‐éadaiġe lín ann, agus d’imṫiġ sé ċum a ṫiġe ag déanaṁ ionganta d’á dtarla.
13Agus féaċ, do ḃí beirt aca ag dul an lá céadna sin fá ḋéin baile ḃig darḃ ainm Emmáus, do ḃí trí fiċid staid ó Iarúsalem. 14Agus do ḃíodar ag cóṁráḋ le ċéile i dtaoḃ na neiṫe sin uile do ṫuit amaċ. 15Agus ṫarla, agus iad ag cainnt agus ag cóṁráḋ le ċéile, gur ṫarraing Íosa féin ’n‐a n‐aice, agus gur ṡiuḃail sé i n‐éinḟeaċt leo. 16,17Agus do coisceaḋ a súile gan a aiṫint. Agus aduḃairt sé leo, Créad é an t‐aḋḃar cainnte atá agaiḃ, sa tsiuḃal daoiḃ? Agus do stadadar, agus cuma an ḃróin orṫa. 18Agus d’ḟreagair duine aca, darḃ ainm Cléopas, agus aduḃairt sé leis, An tusa an ċéad duine aṁáin ċóṁnuiġeas i nIarúsalem naċ eol dó na neiṫe do ṫuit amaċ ins na laeṫiḃ seo? 19Agus aduḃairt seisean leo, Créad iad na neiṫe? Agus aduḃradar‐san leis, Na neiṫe i dtaoḃ Íosa Nasarḋa do ḃí ’n‐a ḟáiḋ cuṁaċtaċ i ngníoṁ agus i mbriaṫar i láṫair Dé agus daoine: 20agus cionnas ṫug na h‐árd‐ṡagairt agus ár n‐uaċtaráin ar láiṁ é le n‐a ḋaoraḋ ċum báis, agus do ċéasadar é. 21Aċt do ḃí súil againne go mba eisean do ḃí ċum Israel d’ḟuascailt. Ṫairis sin, is é seo an treas lá ó ṫuit na neiṫe sin amaċ. 22Agus fós do ḃí mná linn do ċuir iongnaḋ orainn, iar mbeiṫ ḋóiḃ ag an tuama le h‐éirġe lae; 23agus nuair naċ ḃfuaradar a ċorp, ṫángadar, g‐á ráḋ go ḃfacadar mar ḃéaḋ taiḋḃreaḋ aingeal aduḃairt go raiḃ sé beo. 24Agus do ċuaiḋ roinnt díoḃ‐san do ḃí n‐ár ḃfoċair go dtí an tuama, agus fuaradar mar aduḃairt na mná: aċt ní ḟacadar é féin. 25Agus aduḃairt sé leo, A ḋaoine díċéilliḋe, dúr‐ċroiḋeaċa ċum gaċ a nduḃairt na fáiḋe do ċreideaṁain! 26Nárḃ éigean do’n Ċríost na neiṫe sin d’ḟulang ar an gcuma sin, agus dul isteaċ ’n‐a ġlóir? 27Agus ag tosnú ḋó le Maois agus leis na fáiḋiḃ, do ṁíniġ sé ḋóiḃ gaċ a raiḃ ins na scrioptúiriḃ ’n‐a ṫaoḃ féin. 28Agus do ḃíodar ag druidim leis an mbaile beag ċum a raḃadar ag dul: agus, de réir cosṁalaċta do ḃí sé ag dul níba ṡia. 29Aċt do ċuireadar taṫant air, g‐á ráḋ, Fan againne: óir atá sé ’n‐a ṫráṫnóna, agus atá an lá caiṫte ċeana féin. 30Agus do ċuaiḋ sé isteaċ ag fanaṁain aca. Agus ṫarla, nuair do ḃí sé ’n‐a ṡuiḋe ċum biḋ ’n‐a ḃfoċair, gur ṫóg sé an t‐arán, agus gur ḃeannuiġ sé é, agus gur ḃris agus go dtug sé ḋóiḃ é. 31Agus do fosclaḋ a súile, agus d’aiṫniġeadar é: agus d’imṫiġ sé as a raḋarc. 32Agus aduḃradar le ċéile, Naċ raiḃ ár gcroiḋeaċa ar lasaḋ ionnainn nuair do ḃí sé ag cainnt linn ar an mbóṫar, agus é ag míniú briġe na scrioptúir dúinn? 33Agus d’éiriġeadar an uair ċéadna sin, agus d’ḟilleadar go h‐Iarúsalem, agus fuaradar an t‐aon duine déag, agus iad‐san do ḃí i n‐éinḟeaċt leo i ḃfoċair a ċéile, 34agus aduḃradar‐san leo, Atá an Tiġearna éiriġṫe go deiṁin, agus do ṫaisbeán sé é féin do Ṡíomón. 35Agus d’inniseadar féin gaċ ar ṫuit amaċ ar an sliġe, agus cionnas d’aiṫniġeadar é ar ḃriseaḋ an aráin.
36Agus le linn na cainnte sin dóiḃ, do ṡeas sé féin ’n‐a measc, agus aduḃairt sé leo, Síoṫċáin daoiḃ. 37Aċt do ḃí scannraḋ agus criṫ‐eagla orṫa, agus do ṡíleadar gur spioraid do ċonnacadar. 38Agus aduḃairt seisean leo, Cad ċuige a ḃfuil buaiḋirt oraiḃ? agus cad ċuige a ḃfuil ceisteanna ag éirġe i n‐ḃúr gcroiḋe? 39Féaċaiḋ mo láṁa agus mo ċosa, gur mise atá ann: cuiriḋ ḃúr láṁa orm, agus féaċaiḋ; óir ní ḟuil feoil agus cnáṁa ag spioraid, mar do‐ċí siḃ a ḃeiṫ agam‐sa. 40Agus nuair aduḃairt sé an méid sin, do ṫaisbeán sé a láṁa agus a ċosa ḋóiḃ. 41Agus ó ḃíodar díċreidṁeaċ fós le méid a n‐áṫais, agus iad ag déanaṁ ionganta, aduḃairt sé leo, An ḃfuil rud ar biṫ le n’iṫe agaiḃ annso? 42Agus ṫugadar dó blúire d’iasc rósta. 43Agus do ġlac sé é, agus d’iṫ sé é os a gcóṁair.
44Agus aduḃairt sé leo, Is iad so na briaṫra do laḃras liḃ, an ḟaid do ḃíos fós ’n‐ḃúr ḃfoċair, gurḃ éigean gaċ a ḃfuil scríoḃṫa i reaċt Ṁaoise, agus ins na fáiḋiḃ, agus ins na salmaiḃ, im’ ṫaoḃ‐sa, do ċóiṁlíonaḋ. 45Annsin d’ḟoscail sé a h‐inntinn dóiḃ, ċum go dtuigfidís na scrioptúirí; 46agus aduḃairt sé leo, Is aṁlaiḋ atá scríoḃṫa gurḃ éigean do’n Ċríost fulang, agus aiséirġe ó na marḃaiḃ an treas lá; 47agus go ḃfógróċaiḋe ’n‐a ainm aiṫriġe agus maiṫeaṁnas na bpeacaḋ do na ciniḋeaċaiḃ uile, ag tosnú ó Iarúsalem. 48Agus is fiaḋnaisí siḃ‐se ar na neiṫiḃ sin. 49Agus féaċ, atáim ag cur geallaṁna m’Aṫar ċugaiḃ: aċt fanaiḋ‐se sa gcaṫair, nó go gclúduiġtear siḃ le cuṁaċt ó neaṁ.
50Agus rug sé amaċ fá ḋéin Ḃetánia iad: agus do ṫóg sé a láṁa, agus do ḃeannuiġ sé iad. 51Agus ṫarla, nuair do ḃí sé g‐á mbeannaċaḋ, gur scar sé leo, agus gur tógaḋ suas é ins na flaiṫeasaiḃ. 52Agus d’aḋradar é, agus d’ḟilleadar go h‐Iarúsalem lán d’áṫas: 53agus do ḃídís de ġnáṫ sa teampall, ag aḋṁolaḋ Dé.
Currently Selected:
Lúcás 24: JOYNTG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

: