Lúcás 5
5
1Agus ṫarla, nuair do ḃí an sluaġ ag brúġaḋ air agus ag éisteaċt le briaṫar Dé, go raiḃ sé ’n‐a ṡeasaṁ le h‐ais loċa Ġenésaret; 2Agus do ċonnaic sé ḋá ḃád ar imeall an loċa: aċt do ḃí na h‐iascairí imṫiġṫe asta, agus do ḃíodar ag niġe a líonta. 3Agus ag dul isteaċ ḋó i mbád díoḃ, bád Ṡíomóin, d’iarr sé air dul amaċ tamall beag ó’n tír. Agus do ṡuiḋ sé síos agus do ṫeagaisc sé na sluaiġte ó’n mbád. 4Agus nuair do ḃí deireaḋ ráiḋte aige, aduḃairt sé le Síomón, Buail amaċ ar an doiṁneaċt, agus taḃraiḋ dol eangaiġe ag iascaċ. 5Agus d’ḟreagair Síomón agus aduḃairt, A Ṁáiġistir, Do ḃíomar ag obair ar feaḋ na h‐oiḋċe, agus níor ṫógamar éinniḋ; aċt ċeana, ó deirir‐se an focal, cuirfead amaċ an líon. 6Agus nuair do ḃí sé déanta aca, do ġaḃadar a lán mór iasc; agus do ḃí na líonta d’á mbriseaḋ; 7agus do ḃagradar ar a bpáirtiḋṫiḃ sa mbád eile teaċt le congnaṁ ṫaḃairt dóiḃ. Agus ṫángadar‐san, agus do líonadar an dá ḃád, i dtreo go raḃadar i rioċtaiḃ dul fá uisce. 8Aċt nuair do ċonnaic Síomón Peadar sin, do ṫuit sé ag glúnaiḃ Íosa, agus aduḃairt sé, Imṫiġ uaim, a Ṫiġearna, mar is duine peacaṁail mé. 9Óir do ḃí uaṫḃás air féin, agus orṫa‐san uile do ḃí ’n‐a ċuideaċtain mas ġeall ar an ngaḃáil éisc do ḃí tógṫa aca; 10agus ar Ṡéamas agus ar Eoin, mic Ṡebedé, leis, do ḃí ’n‐a bpáirtiḋṫiḃ ag Síomón. Agus aduḃairt Íosa le Síomón, Ná bíoḋ eagla ort; as so amaċ béiḋ tú id’ iascaire ar ḋaoiniḃ. 11Agus tar a éis dóiḃ a mbáid do ṫaḃairt ċum tíre, d’ḟágadar gaċ uile niḋ ’n‐a ndiaiḋ, agus do leanadar é.
12Agus ṫarla, nuair do ḃí sé i gceann de na caṫraċaiḃ, féaċ, fear do ḃí lán de loḃra; agus ar ḟeicsin Íosa ḋó, do ṫuit sé ar a aġaiḋ roiṁe, agus do ċuir sé aṫċuinġe air, g‐á ráḋ, A Ṫiġearna, má’s toil leat é, is féidir leat mise do ġlanaḋ. 13Agus do ṡín sé amaċ a láṁ, agus do ċuir sé air í, agus aduḃairt, Is toil liom é; glantar ṫú. 14Agus ar an láṫair d’imṫiġ an loḃra ḋe. Agus d’órduiġ sé ḋó gan a innsin d’aon duine: aċt imṫiġ, agus taisbeán ṫú féin do’n tsagart, agus íoḋbair i n‐éiric do ġlanta mar órduiġ Maois duit, mar ḟiaḋnaise ḋóiḃ. 15Aċt ba ṁóide do leaṫ na scéala ’n‐a ṫaoḃ go mór: agus ṫáinig na sluaiġte móra i n‐éinḟeaċt le ċéile ċum éisteaċta leis, agus ċum go leiġeasfaiḋe a ngalair. 16Aċt d’imṫiġeaḋ seisean uaṫa isteaċ sa ḃfásaċ, agus do‐ġníoḋ sé urnaiġe ann.
17Agus ṫarla, go raiḃ sé lá ag teagasc; agus go raiḃ ’n‐a suiḋe ann Fairisíniġ agus doċtúirí na dliġe a ṫáinig ó gaċ baile beag sa nGáilile agus i nIúdaea, agus ó Iarúsalem: agus do ḃí cuṁaċt an Tiġearna aige ċum slánuiġṫe. 18Agus féaċ, daoine agus fear pairilise ar iomċar ar ṫoċt aca: agus do ḃíodar ag iarraiḋ a ṫaḃairt isteaċ, agus a ċur ’n‐a láṫair roiṁe. 19Agus nuair do ċinn orṫa caoi d’ḟáġáil ċum a ṫaḃairt isteaċ mar ġeall ar an sluaġ, do ċuadar suas go bárr an tiġe, agus do leigeadar síos tré lár na slinn é féin agus an toċt, i ḃfiaḋnaise Íosa. 20Agus nuair do ċonnaic sé a gcreideaṁ, aduḃairt sé. A ḋuine, aṫá do ṗeacaiḋe maiṫte ḋuit. 21Agus do ṫosnuiġ na scríoḃaiḋṫe agus na Fairisíniġ ar ċeasnú, agus iad g‐á ráḋ, Cia h‐é seo atá ag laḃairt dia‐ṁasla? Cia ḟéadas peacaiḋe do ṁaiṫeaṁ, aċt Dia aṁáin? 22Aċt ó ba léir d’Íosa a smaointe, d’ḟreagair sé agus aduḃairt sé leo. Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag ceasnú i n‐ḃúr gcroiḋṫiḃ? 23Cia aca is fusa a ráḋ, Atá do ṗeacaiḋe maiṫte ḋuit; nó a ráḋ, Éiriġ agus siuḃail? 24Aċt ċum go mbéiḋ a ḟios agaiḃ go ḃfuil uġdarás ag Mac an Duine ar talaṁ ċum peacaiḋe do ṁaiṫeaṁ (aduḃairt sé leis an ḃfear pairiliseaċ), Adeirim leat, Éiriġ, agus tóg do ṫoċt, agus téiriġ ċum do ṫiġe. 25Agus d’éiriġ sé ar an láṫair ’n‐a ḃfiaḋnaise, agus do ṫóg sé an toċt ar a raiḃ sé ’n‐a luiġe, agus d’imṫiġ sé ċum a ṫiġe, agus é ag aḋṁolaḋ Dé. 26Agus ṫáinig uaṫḃás ar ċáċ, agus do ḃíodar ag molaḋ Dé; agus do ḃíodar lán d’eagla, g‐á ráḋ, Do ċonnacamar neiṫe iongantaċa indiu.
27Agus tar a éis sin d’imṫiġ sé amaċ, agus ċonnaic sé poibleacán, darḃ ainm Léḃí, n‐a ṡuiḋe ag bórd na cíos‐ċánaċ agus aduḃairt sé leis, Lean‐sa mise. 28Agus d’ḟág sé gaċ éinniḋ, agus d’éiriġ sé ’n‐a ṡeasaṁ agus do lean sé é. 29Agus do‐rinne Léḃí fleaḋ ṁór dó ’n‐a ṫiġ: agus do ḃí cuideaċta ṁór poibleacán agus daoine eile ann agus iad ’n‐a suiḋe ċum biḋ ’n‐a ḃfoċair. 30Agus do ḃí na Fairisíniġ agus a scríoḃaiḋṫe ag ceasaċt le n‐a ḋeisceablaiḃ, g‐á ráḋ, Cad ċuige ḋaoiḃ‐se ḃeiṫ ag ól agus ag iṫe i gcuideaċtain poibleacán agus peacaċ? 31Agus d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Ní h‐ag daoiniḃ sláinteaṁla atá gáḃaḋ le liaiġ; aċt ag daoiniḃ breoite. 32Ní ċum fíréin do ġlaoḋaċ ċum aiṫriġe ṫánag‐sa, aċt ċum peacaiġ do ġlaoḋaċ. 33Agus aduḃradar‐san leis, Do‐ġní deisceabail Eoin troscaḋ go minic, agus do‐ġníd urnaiġe; do‐ġní deisceabail na ḃFairisíneaċ mar an gcéadna; aċt bíonn do ḋeisceabailse ag iṫe agus ag ól. 34Agus aduḃairt Íosa leo, An féidir liḃ a ċur d’ḟiaċaiḃ ar luċt cóisire an ḟir nua‐ṗósta troscaḋ do ḋéanaṁ agus an fear nua‐ṗósta ’n‐a ḃfoċair? 35Aċt tiocfaiḋ na laeṫe; agus nuair béarfar uaṫa an fear nua‐ṗósta annsin déanfaid troscaḋ ins na laeṫiḃ sin. 36Agus aduḃairt sé leo tré ṡaṁlaoid: Ní stiallann aoinneaċ preabán de ḃrat nua ċum sean‐ḃrat do ḋeiṡiú; óir stiallfaiḋ sé an t‐éadaċ nua, agus ní oirfiḋ an preabán do baineaḋ ó’n éadaċ nua do’n tsean‐éadaċ. 37Agus ní ċuireann aon duine fíon úr i sean‐ḃuidéalaiḃ leaṫair: óir réabfaiḋ an fíon úr na buidéil leaṫair, agus doirtfear an fíon, agus caillfear na buidéil. 38Aċt ní foláir fíon úr do ċur i mbuidéalaiḃ nua. 39Agus aoinneaċ ḃíos ag ól sean‐ḟíona, ní ċuireann sé dúil i ḃfíon úr: óir adeir sé, Is é an sean‐ḟíon is fearr.
Currently Selected:
Lúcás 5: JOYNTG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

: