Lúcás 9
9
1Agus do ġlaoḋ sé an dáréag ċuige, agus ṫug sé ḋóiḃ cuṁaċt agus uġdarás ar na deaṁnaiḃ go léir, agus ċum galair do leiġeas. 2Agus do ċuir sé amaċ iad ag craoḃscaoileaḋ ríoġaċta Dé, agus ag leiġeas na n‐easlán. 3Agus aduḃairt sé leo, Ná beiriḋ rud ar biṫ liḃ le h‐aġaiḋ ḃúr dturais, bata siuḃail, ná mála, ná arán, ná airgead; agus ná bíoḋ ḋá ċóta ag duine agaiḃ. 4Agus cibé teaċ i n‐a raċfaiḋ siḃ isteaċ, fanaiḋ annsin, agus imṫiġiḋ as sin. 5Agus cibé daoine naċ nglacfaiḋ ċuca siḃ, ag imṫeaċt as an gcaṫair sin daoiḃ, croṫaiḋ an luaiṫreaḋ de ḃúr gcosaiḃ mar ḟiaḋnaise ’n‐a n‐aġaiḋ. 6Agus d’imṫiġeadar‐san, agus do ġluaiseadar rómpa ar fud na mbailte mbeag, ag craoḃscaoileaḋ an tsoiscéil, agus ag leiġeas ins gaċ aon ḃall.
7Agus do‐ċuala Ioruaṫ an tetraċa i dtaoḃ gaċ niḋ do ḃí d’á ḋéanaṁ: agus do ḃí mearḃall mór air, mar do ḃí dream g‐á ráḋ gurḃ é Eoin d’éiriġ ó na marḃaiḃ; 8agus do ḃí dream eile g‐á ráḋ gurḃ é Élias do ṫaisbeán é féin, agus aduḃairt dream eile gur aiséiriġ duine éigin de na sean‐ḟáiḋiḃ. 9Agus aduḃairt Ioruaṫ, Do ḋí‐ċeannas‐sa Eoin: aċt cia h‐é seo go gcluinim a leiṫéide de scéalaiḃ ’n‐a ṫaoḃ? Agus do ṫeastuiġ uaiḋ raḋarc d’ḟáġáil air.
10Agus nuair d’ḟill na h‐abstail, d’inniseadar dó a raiḃ déanta aca. Agus do rug sé leis iad, agus do ċuaiḋ sé go h‐áit ar leiṫ, go caṫair ar a dtugtar Bétsáida. 11Aċt ar n‐a ḟeicsin sin do’n sluaġ, do leanadar é: agus d’ḟáiltiġ sé rómpa, agus do laḃair sé leo i dtaoḃ ríoġaċta Dé, agus do leiġeas sé iad‐san ag a raiḃ gáḃaḋ leis. 12Agus do ḃí an lá ag dul i ndéiḋeannaiġe; agus ṫáinig an dáréag, agus aduḃradar leis, Cuir na sluaiġte ċum bealaiġ, ionnas go raċaiḋ siad isteaċ ins na bailtiḃ beaga, agus sa tír ṫart ṫimċeall, ċum lóistín agus lón d’ḟáġáil: óir is i ḃfásaċ atáimíd annso. 13Aċt aduḃairt seisean leo, Taḃraiḋ‐se rud le n’iṫe ḋóiḃ. Agus aduḃradar‐san, Ní ḟuil againne aċt cúig bollóga agus ḋá iasc; muna dtéiġmís ag ceannaċ biḋ do na daoiniḃ seo go léir. 14Óir do ḃí timċeall cúig míle fear ann. Agus aduḃairt sé le n‐a ḋeisceablaiḃ, Cuiriḋ ’n‐a suiḋe ’n‐a gcipiḃ iad, timċeall caogad i ngaċ cipe. 15Agus do‐rinneadar aṁlaiḋ, agus do ċuireadar iad go léir ’n‐a suiḋe. 16Agus do ġlac sé na cúig bollóga agus an dá iasc, agus ag féaċain suas ar neaṁ ḋó, do ḃeannuiġ agus do ḃris sé iad; agus ṫug sé d’á ḋeisceablaiḃ iad ċum go gcuirfidís os cóṁair na ndaoine iad. 17Agus d’iṫeadar, agus do ḃí a ndóṫain aca go léir: agus do tógaḋ lán dá ċiseán déag de’n ḟuiġleaċ do ḃí fágṫa aca.
18Agus ṫarla, agus é ag guiḋe ’n‐a aonar, go raiḃ na deisceabail ’n‐a ḟoċair: agus do ċeistiġ sé iad, g‐á ráḋ, Cia h‐é adeir na daoine gur mise? 19Agus d’ḟreagradar‐san, g‐á ráḋ, Eoin Baiste; aċt adeir daoine eile, Élias; agus daoine eile, gur duine de na sean‐ḟáiḋiḃ d’éiriġ. 20Agus aduḃairt sé leo, Aċt cia h‐é adeir siḃ‐se gur mé? Agus d’ḟreagair Peadar, agus aduḃairt sé, Críost Dé. 21Agus ṫug sé fógra dóiḃ, agus d’órduiġ sé ḋóiḃ gan a innsin sin d’aoinneaċ; 22g‐á ráḋ, Caiṫfiḋ Mac an Duine mórán d’ḟulang, agus go séanfaḋ na seanóirí, agus uaċtaráin na sagart, agus na scríoḃaiḋṫe é, agus go marḃóċaiḋe é, agus go n‐aiséireoċaḋ sé an tríoṁaḋ lá. 23Agus aduḃairt sé leo uile, Má’s áil le h‐aoinneaċ mise do leanṁain, diúltaḋ sé ḋó féin, agus tógaḋ sé a ċros gaċ lá, agus leanaḋ sé mé. 24Óir cibé duine gur maiṫ leis a anam do ṡaoraḋ, caillfiḋ sé é; aċt cibé duine ċaillfeas a anam ar mo ṡon‐sa, is é sin ṡaorfas é. 25Óir caidé a ṫairḃe do ḋuine an doṁan mór do ġnóṫú, agus a anam féin do ċailleaṁain nó do ċur ar fán? 26Óir cibé duine gur nár leis mise agus mo ḃriaṫra, buḋ nár le Mac an Duine eisean, nuair ṫiocfas sé ’n‐a ġlóir féin, agus i nglóir a Aṫar agus na naoṁ‐aingeal. 27Aċt adeirim liḃ go fírinneaċ, Atá roinnt díoḃ‐san atá ’n‐a seasaṁ annso, naċ mblaisfiḋ bás, nó go ḃfeicfiḋ siad ríoġaċt Dé.
28Agus ṫarla, timċeall oċt lá tar éis na cainnte sin, go dtug sé leis Peadar, agus Eoin, agus Séamas, agus go ndeaċaiḋ sé suas ar ṡléiḃ ċum urnaiġe do ḋéanaṁ. 29Agus le linn guiḋe ḋó, ṫáinig aṫrú gné air, agus d’éiriġ a éadaiġe geal, lonnraċ. 30Agus féaċ, do ḃí beirt ag cóṁráḋ leis, agus ba iad Maois agus Élias iadsan; 31do ċonnacṫas iad i nglóir, agus do laḃradar i dtaoḃ a ḃáis do ḃí le fulang aige i nIarúsalem. 32Agus do ḃí codlaḋ trom ar Ṗeadar agus orṫa‐san do ḃí ’n‐a ḟoċair; aċt nuair do ḃíodar ’n‐a lán‐dúiseaċt, do ċonnacadar a ġlóir, agus an ḃeirt ḟear do ḃí ’n‐a seasaṁ ’n‐a ḟoċair. 33Agus ṫarla, nuair do ḃíodar‐san ag imṫeaċt uaiḋ go nduḃairt Peadar le h‐Íosa, A Ṁáiġistir, is maiṫ ḋúinn ḃeiṫ annso: déanaimís trí boṫa; boṫ ḋuit‐se, agus boṫ do Ṁaois, agus boṫ d’Élias: agus gan a ḟios aige créad do ḃí aige d’á ráḋ. 34Agus le linn cainnte ḋó, ṫáinig scamall, agus do ċlúduiġ sé iad: agus do ḃí eagla orṫa agus iad ag dul isteaċ fá’n scamall. 35Agus ṫáinig guṫ as an scamall amaċ, aduḃairt, Is é seo mo Ṁac, mo roġa: éistiḋ leis. 36Agus nuair do laḃair an guṫ, friṫ Íosa ’n‐a aonar. Agus d’ḟanadar‐san ’n‐a dtost, agus níor inniseadar d’aoinneaċ ins na laeṫiḃ sin i dtaob a ḃfacadar.
37Agus ṫarla, an lá ’n‐a ḋiaiḋ sin, ar dṫeaċt anuas ó’n tsléiḃ dóiḃ, go dtáinig sluaġ mór amaċ ’n‐a airċis. 38Agus féaċ, fear de’n tsluaġ do ġlaoḋ amaċ, g‐á ráḋ, A Ṁáiġistir, impiḋim ort, féaċ ar mo ṁac; óir is é m’aon ṁac é: 39agus féaċ, beireann spioraid air, agus screadann sé go h‐obann; agus tarraingeann sí as a ċéile é, go gcuireann sé cuḃar, agus is ar éigean ḟágas sí é, aċt í g‐á ḃrúġaḋ go millteaċ. 40Agus d’impiḋeas ar do ḋeisceablaiḃ a cur amaċ; aċt níor ḟéadadar a ḋéanaṁ. 41Agus d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé, A ṡlioċt ṁíċreidṁiġ, ċlaoin, cá ḟad ḃéas mé eadraiḃ, agus ḟuilingeoċas mé liḃ? taḃair ċugam do ṁac. 42Agus ag teaċt ċuige ḋó, do leag an deaṁan ar lár é, agus do ṫarraing sé as a ċéile é. Aċt do smaċtuiġ Íosa an spioraid neaṁ‐ġlan, agus do leiġeas sé an buaċaill, agus ṫug sé ar ais d’á aṫair é. 43Agus do ḃí uaṫḃás ar ċáċ mar ġeall ar ṁór‐ċuṁaċt Dé.
Agus nuair do ḃí gaċ uile ḋuine ag déanaṁ ionganta de gaċ niḋ do ḃí d’á ḋéanaṁ aige, aduḃairt sé le n‐a ḋeisceablaiḃ, 44Cuiriḋ‐se na ráiḋte seo i dtaisce ’n‐ḃúr gcluasaiḃ: óir atá Mac an Duine le taḃairt i láṁaiḃ daoine. 45Aċt níor ṫuigeadar briġ na cainnte sin, agus do ḃí sí fá ċeilt orṫa, ionnas naċ n‐aireoċaidís í: agus do b’eagal leo ceist do ċur air i dtaoḃ na cainnte sin.
46Agus d’éiriġ conspóid eadorṫa, d’ḟéaċain cia aca ḋíoḃ ba ṁó. 47Agus nuair ṫug Íosa fá deara an maċtnaṁ do ḃí ’n‐a gcroiḋe, do rug sé ar leanḃ beag, agus do ċuir sé ’n‐a ṡeasaṁ le n‐a ais é, 48agus aduḃairt sé leo, Cibé duine ġlacfas ċuige an leanḃ beag so im’ ainm‐se, glacann sé mise: agus cibé duine ġlacfas mise ċuige, glacann sé ċuige an té do ċuir uaiḋ mé: óir an té is luġa eadraiḃ uile, is é is mó.
49Agus d’ḟreagair Eoin agus aduḃairt sé, A Ṁáiġistir, do ċonnacamar duine ag cur deaṁain amaċ id’ ainm‐se; agus do ċoisceamar é, toisc naċ leanann sé i n‐éinḟeaċt linne. 50Aċt aduḃairt seisean leis, Ná ċoisciḋ é: óir an té naċ ḃfuil ’n‐ḃúr gcoinniḃ atá sé liḃ.
51Agus ṫarla, nuair do ḃí am a ḋeasgaḃála ag teaċt i ngiorraċt dó, gur ġlac sé de rún daingean aġaiḋ do ṫaḃairt ar Iarúsalem, agus do ċuir sé teaċtairí roiṁe: 52agus d’imṫiġeadar‐san, agus do ċuadar isteaċ i mbaile beag de ḃailtiḃ na Samáritánaċ, ċum ullaṁú do ḋéanaṁ fá n‐a ċoinne. 53Agus ní ġlacfaidís‐sean ċuca é, óir do ḃí a aġaiḋ mar ḃéaḋ sé ag dul go h‐Iarúsalem. 54Agus nuair ċonnaic Séamas agus Eoin, a ḋeisceabail, sin, aduḃradar, A Ṫiġearna, an toil leat go nglaoḋfaimís teine do ṫeaċt anuas ó neaṁ, agus iad súd do loscaḋ? 55Aċt d’iompuiġ seisean, agus do ċeartuiġ sé iad. 56Agus d’imtiġeadar go baile beag eile.
57Agus sa tsliġe ḋóiḃ, aduḃairt duine éigin leis, Leanfad‐sa ṫú cibé áit ’n‐a raċaiḋ tú. 58Agus aduḃairt Íosa leis, Atá pluaiseaċa ag na sionnaċaiḃ, agus atá neadaċa ag éanlaiṫiḃ an aeir; aċt ní ḟuil áit ag Mac an Duine ar a leagfaḋ sé a ċeann. 59Agus aduḃairt sé le duine eile, Lean‐sa mise. Aċt aduḃairt seisean, A Ṫiġearna, leig dom dul ar dtús agus m’aṫair do ċur. 60Agus aduḃairt seisean leis, Leig do na marḃaiḃ a mairḃ féin do ċur; aċt imṫiġ‐se agus fógair ríoġaċt Dé go foirleaṫan. 61Agus aduḃairt duine eile, Leanfad‐sa ṫú, a Ṫiġearna; aċt leig dom, ar dtús, slán d’ḟágáil aca‐san atá sa mbaile. 62Aċt aduḃairt Íosa leis, Aoinneaċ do ċuir a láṁ ar an gcéaċta, agus do ḋearc siar ’n‐a ḋiaiḋ sin, ní ḟuil sé oireaṁnaċ do ríoġaċt Dé.
Currently Selected:
Lúcás 9: JOYNTG
Highlight
Share
Copy
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapistaging.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fen.png&w=128&q=75)
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

: