Matha 13
13
1An lá céadna sin do ċuaiḋ Íosa amaċ as an tiġ, agus ḃí sé ’n‐a ṡuiḋe ar ḃruaċ na fairrge. 2Agus do ċruinniġ na sluaiġte móra ċuige, ionnas go ndeaċaiḋ sé isteaċ i mbád, agus gur ṡuiḋ sé innti; agus do ḃí an sluaġ go léir ’n‐a seasaṁ ar an dtráiġ. 3Agus do ṁúin sé mórán neiṫe i saṁlaoidiḃ ḋóiḃ, agus aduḃairt sé, Féaċ, do ċuaiḋ síoladóir amaċ ag cur síl; 4agus ag cur an tsíl dó, ṫuit cuid de le h‐ais an ḃealaiġ ṁóir, agus ṫáinig na h‐éanlaiṫe agus d’iṫeadar é: agus do ṫuit cuid eile ḋe ar ṫalaṁ cloċaċ, 5i n‐áit naċ raiḃ mórán úire aige: agus d’ḟás se go luaṫ, toisc naċ raiḃ aon doiṁneaċt úire aige: 6agus nuair d’éiriġ an ġrian, do dóiġeaḋ é, agus de ḃriġ naċ raiḃ aon ḟréaṁ aige, d’ḟeoġ sé. 7Agus do ṫuit cuid eile ḋe ar an drisleaċ; agus d’ḟás an drisleaċ, agus do ṫaċt sé é; 8agus do ṫuit cuid eile ḋe ar an talaṁ maiṫ, agus ṫug sé toraḋ uaiḋ, cuid de fá ċéad, cuid eile fá ṫrí fiċid, cuid eile fá ṫrioċaid. 9An té ag a ḃfuil cluasa ċum éisteaċta, éisteaḋ sé. 10Agus ṫáinig na deisceabail, agus aduḃradar leis, Cad ċuige a laḃrann tú leo i saṁlaoidiḃ? 11Agus d’ḟreagair sé, agus aduḃairt, Tugaḋ ḋaoiḃ‐se eolas ar rúin‐diaṁair ríoġaċta na ḃflaiṫeas, aċt ní tugaḋ ḋóiḃ‐siúd é. 12Óir an té ag a ḃfuil niḋ, do‐ḃéarfar dó, agus béiḋ flúirse aige: aċt an té naċ ḃfuil éinniḋ aige, bainfear de fiú aṁáin a ḃfuil aige. 13Is ar an aḋḃar sin laḃraim leo i saṁlaoidiḃ: óir, giḋ go ḃfuil raḋarc aca, ní ḟeiceann siad, agus giḋ go ḃfuil éisteaċt aca, ní ċluineann siad, agus ní ṫuigeann siad. 14Agus cóiṁlíontar, ’n‐a dtaoḃsan, tarngaireaċt Ésáias adeir,
Le h‐éisteaċt cluinfiḋ siḃ, agus ní ṫuigfiḋ siḃ;
Agus ag féaċaint daoiḃ, dearcfaiḋ siḃ, agus ní ḟeicfiḋ siḃ;
15Óir atá croiḋe an ṗobail seo dúr,
Agus cluineann siad agus boḋaire ’n‐a gcluasaiḃ,
Agus atá a súile dúnta aca;
Ar eagla go ḃfeicfidís le n‐a súiliḃ,
Agus go gcluinfidís le n‐a gcluasaiḃ,
Agus go dtuigfidís le n‐a gcroiḋe
Agus go n‐iompóċaidís,
Agus go leiġeasfainn iad.
16Aċt is aoiḃinn d’ḃúr súiliḃ‐se, óir do‐ċíd: agus do ḃúr gcluasaiḃ, óir do‐ċluinid.
17Óir adeirim liḃ go fírinneaċ, gurḃ iomḋa fáiḋ agus fíréanaċ gur ṁian leo na neiṫe do‐ċí siḃ‐se d’ḟeicsin, agus naċ ḃfacadar iad; agus na neiṫe do‐ċluin siḃ‐se do ċluinsin, agus naċ gcualadar iad. 18Éistiḋ, mar sin, le saṁlaoid an tsíoladóra. 19Nuair do‐ċluin aoinneaċ briaṫar na ríoġaċta, agus naċ dtuigeann sé é, tig an ainspioraid, agus sciobann sí léi an niḋ do cuireaḋ ’n‐a ċroiḋe. Is é sin an té ’n‐ar cuireaḋ an síol le h‐ais an ḃealaiġ ṁóir. 20Agus an duine ’n‐ar cuireaḋ an síol ins na h‐áiteannaiḃ cloċaċa, is é sin an duine do‐ċluin an briaṫar, agus ġlacas le h‐áṫas ar an láṫair é; 21aċt ní ḟuil aon ḟréaṁ aige ann féin, aċt seasann sé ar feaḋ scaṫaiṁ; agus nuair éiriġeas trioblóid nó géirleanṁain, mar ġeall ar an mbriaṫar, glacann sé scannal ar an láṫair. 22Agus an duine ’n‐ar cuireaḋ an síol sa drisleaċ, is é sin an té do‐ċluin an briaṫar; agus taċtann cúram an tsaoġail, agus meallaḋ an tsaiḋḃris an briaṫar, agus bíonn sé gan toraḋ. 23Agus an duine ’n‐ar cuireaḋ an síol sa talaṁ maiṫ, is é sin an té do‐ċluin an briaṫar, agus ṫuigeas é; agus do‐ḃeir toraḋ uaiḋ, cuid de fá ċéad, cuid de fá ṫrí fiċid, cuid de fá ṫrioċaid.
24Agus do ċuir sé saṁlaoid eile rómpa, g‐á ráḋ, Is cosṁail ríoġaċt na ḃflaiṫeas le duine do ċuir síol maiṫ ’n‐a ġort: 25aċt nuair do ḃí na daoine ’n‐a gcodlaḋ, ṫáinig a náṁaid agus do ċroiṫ sé cogal i measc na cruiṫneaċtan, agus d’imṫiġ sé. 26Aċt nuair d’ḟás an geaṁar, agus ṫug sé toraḋ, annsin do‐ċonnacṫas an cogal, leis. 27Annsin ṫáinig na searḃóntaí ċum fir an tiġe, agus aduḃradar leis, A ḋuine uasail, naċ síol maiṫ do ċuiris id’ ġort? Cad fá ndeara an cogal ḃeiṫ ann mar sin? 28Agus aduḃairt seisean leo, Náṁaid do‐rinne é sin. Agus adeir na searḃóntaí leis, An áil leat go raċaimíd agus go gcnuasfaimíd é? 29Aċt aduḃairt seisean, Ní h‐áil liom; ar eagla, ag cnuasaċ an ċogail daoiḃ, 30go sracfaḋ siḃ an ċruiṫneaċt as a ḟréaṁaċaiḃ leis. Leigiḋ ḋóiḃ araoin fás go dtí an fóġṁar: agus i n‐aimsir an ḟóġṁar adéarfad‐sa leis na buanaiḋṫiḃ, Bailiġiḋ ar dtús an cogal, agus ceanglaiḋ é ’n‐a ṗunnannaiḃ le dóġaḋ; aċt bailiġiḋ an ċruiṫneaċt isteaċ im’ scioból.
31Do ċuir sé saṁlaoid eile rómpa, g‐á ráḋ, Is cosṁail ríoġaċt na ḃflaiṫeas le gráinne síl mustáird, do ġlac duine ċuige, agus do ċuir ’n‐a ġort: 32is é sin an síol is luġa d’á ḃfuil ann; aċt nuair ḟásas sé, is é an luiḃ is mó d’á ḃfuil ann, agus éiriġeann sé ’n‐a ċrann, i dtreo go dtig éanlaiṫe an aéir agus go neaduiġid ’n‐a ġéagaiḃ.
33Do laḃair sé saṁlaoid eile leo: Is cosṁail ríoġaċt na ḃflaiṫeas le laiḃín do ġlac bean, agus do ċuir i ḃfolaċ i dtrí tóṁasaiḃ mine, nó gur ġlac an t‐iomlán de an laiḃín.
34Do laḃair Íosa na neiṫe sin uile leis na sluaiġtiḃ i saṁlaoidiḃ; agus nior laḃair sé leo‐san aċt i saṁlaoidiḃ: 35ionnas go gcóiṁlíonfaiḋe an niḋ aduḃraḋ tríd an ḃfáiḋ, g‐á ráḋ,
Fosclóċad mo ḃéal i saṁlaoidiḃ;
Noċtfad neiṫe atá i ḃfolaċ ó cruṫuiġeaḋ an doṁan.
36Annsin d’ḟág sé na sluaiġte, agus do ċuaiḋ sé isteaċ sa tiġ: agus ṫáinig a ḋeisceabail ċuige, g‐á ráḋ, Míniġ ḋúinn saṁlaoid an ċogail sa ngort. 37Agus d’ḟreagair sé agus aduḃairt, An té ċuireas an síol maiṫ, is é Mac an Duine é; 38agus is é an doṁan an gort; agus is iad clann na ríoġaċta an síol maiṫ; agus is iad clann an droiċ‐spioraid an cogal; 39agus is é an diaḃal an náṁaid do ċuir iad: agus is é deireaḋ an tsaoġail an fóġṁar; agus is iad na h‐aingil na buanaiḋṫe, 40Agus fá mar bailiġtear an cogal agus dóiġtear é le teiniḋ; mar sin ḃéas i ndeireaḋ an tsaoġail. 41Cuirfiḋ Mac an Duine a aingil amaċ, agus baileoċaiḋ siad as a ríoġaċt gaċ aḋḃar scannail, agus luċt déanta an uilc, 42agus caiṫfiḋ sé isteaċ sa teiniḋ loiscniġ iad: annsin béiḋ gol agus gíoscán fiacal. 43Annsin béiḋ na fíréin ag soillsiú ar nós na gréine i ríoġaċt a nAṫar. An té ag a ḃfuil cluasa ċum éisteaċta, éisteaḋ sé.
44Is cosṁail ríoġaċt na ḃflaiṫeas le ciste i ḃfolaċ i ngort; go ḃfuair duine, agus gur ċuir sé fá ċeilt é; agus tré ṁéid a áṫais imṫiġeann sé, agus díolann sé a ḃfuil aige, agus ceannuiġeann sé an gort sin.
45Arís, is cosṁail ríoġaċt na ḃflaiṫeas le ceannaiḋe agus é ar lorg péarla luaċṁair: 46agus nuair fuair sé péarla an‐luaċṁar aṁáin, d’imṫiġ sé, agus do ḋíol sé a raiḃ aige, agus do ċeannuiġ sé é.
47Arís, is cosṁail ríoġaċt na ḃflaiṫeas le líon do cuireaḋ isteaċ sa ḃfairrge, agus do ṫóg gaċ uile ṡórt éisc: 48agus nuair do ḃí sé lán, do tarraingeaḋ é ar an gcladaċ; agus ar suiḋe ḋóiḃ, do ḃailiġ na daoine na h‐iascanna maiṫe i soiṫiġiḃ, aċt do ċaiṫeadar uaṫa na droċ‐iascanna. 49Mar sin ḃéas i ndeireaḋ an tsaoġail: tiocfaiḋ na h‐aingil amaċ, agus deaġlóċaid na droċ‐ḋaoine as lár na ḃfíréan, 50agus caiṫfid isteaċ sa teiniḋ loiscniġ iad: annsin béiḋ gol agus gíoscán fiacal.
51Ar ṫuigeaḃar an méid sin? Aduḃradar leis, Do ṫuigeamar. 52Agus aduḃairt seisean leo, D’á ḃriġ sin, gaċ scríoḃaiḋe atá ’n‐a ḋeisceabal do ríoġaċt na ḃflaiṫeas, is cosṁail é le fear tiġe, do‐ḃeir amaċ as a ċiste neiṫe nua agus neiṫe seanda.
53Agus ṫarla, nuair do ḃí na saṁlaoidí críoċnuiġṫe ag Íosa, gur imṫiġ sé as an áit sin. 54Agus ag teaċt isteaċ ’n‐a ḋúṫaiġ féin dó, ṫug sé teagasc dóiḃ ’n‐a sionagóig, i dtreo go raiḃ iongnaḋ orṫa, agus go nduḃradar, Cá ḃfuair an fear so an eagna, agus na cuṁaċta móra so. 55Naċ é seo mac an tsiúinéara? Naċ dtugtar Muire ar a ṁáṫair? agus Séamas, agus Seosaṁ, agus Síomón, agus Iúdás ar a ḋearḃráiṫriḃ? 56Agus a ḋeirḃṡeaṫraċa, naċ ḃfuilid‐sean go léir ’n‐ár measc. Cad as, mar sin, a ḃfuair an fear so na neiṫe sin go léir? 57Agus fuaradar scannal ann. Aċt aduḃairt Íosa leo, Ní ḃíonn fáiḋ gan onóir, aċt ’n‐a ḋúṫaiġ féin, agus ’n‐a ṫeaġlaċ féin. 58Agus ní ḋearna sé mórán míorḃal san áit sin mar ġeall ar a ndíṫċreideaṁ.
Currently Selected:
Matha 13: JOYNTG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

: