Matha 16
16
1Agus ṫáinig na Fairisíniġ agus na Saddúicíniġ, agus, ċum triail do ḃaint as, d’iarradar air cóṁarṫa ó neaṁ do ṫaisbeáint dóiḃ. 2Aċt d’ḟreagair seisean, agus aduḃairt sé leo, Nuair ḃíos an tráṫnóna ann, deir siḃ, Béiḋ soineann ann: óir atá an spéir dearg. 3Agus ar maidin, Béiḋ droċ‐aimsear ann indiu, óir atá an spéir ag deargaḋ agus ag dorċú, Atá a ḟios agaiḃ cionnas gné na spéire d’aiṫint; aċt ní féidir liḃ cóṁarṫaí na h‐aimsire d’aiṫint. 4Bíonn droċ‐ṡlioċt aḋaltrannaċ ar lorg cóṁarṫa, aċt ní tiuḃarfar cóṁarṫa ḋó, aċt cóṁarṫa Iónáis. Agus d’ḟág sé iad, agus d’imṫiġ sé.
5Agus ṫáinig na deisceabail ċum tíre ar an taoḃ ṫall agus do ḋearmadar arán do ḃreiṫ leo. 6Agus aduḃairt Íosa leo, Taḃraiḋ aire agus seaċnaiḋ laiḃín na ḃFairisíneaċ agus na Saddúicíneaċ. 7Agus do‐rinneadar maċtnaṁ eadorṫa féin, g‐á ráḋ, Ní ṫugamar aon arán linn. Agus ṫug Íosa fá deara é, 8agus aduḃairt sé, A ḋaoine an lag‐ċreidiṁ, cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag déanaṁ maċtnaiṁ eadraiḃ féin, toisc gan aon arán ḃeiṫ agaiḃ? 9An é naċ dtuigeann siḃ, agus naċ cuiṁin liḃ cúig bollóga an ċúig míle, agus cá méad ciseán do ṫógaḃar? 10Ná seaċt mbollóga an ċeiṫre míle, agus cá ṁéad ciseán do ṫógaḃar? 11Cad ċuige naċ dtuigeann siḃ naċ d’arán do ḃíos ag tagairt. Aċt seaċnaiḋ laiḃín na ḃFairisíneaċ agus na Saddúicíneaċ. 12Do ṫuigeadar annsin nárḃ é laiḃín an aráin aduḃairt sé leo a ṡeaċaint, aċt teagasc na ḃFairisíneaċ agus na Saddúicíneaċ.
13Agus nuair ṫáinig Íosa isteaċ i gcríoċaiḃ Ċaesarea Ṗilib, d’ḟiafruiġ sé d’á ḋeisceablaiḃ, g‐á ráḋ, Cia h‐é adeir na daoine gur Mac an Duine? 14Agus aduḃradar‐san, Adeir cuid aca, Eoin Baiste; cuid eile, Élias; agus cuid eile, Ieremias, nó duine de na fáiḋiḃ. 15Aduḃairt sé leo, Aċt cia h‐é adeir siḃ‐se gur mé? 16Agus d’ḟreagair Síomón Peadar, agus aduḃairt, Is tú an Críost, Mac Dé ḃí. 17Agus d’ḟreagair Íosa, agus aduḃairt sé leis, Is aoiḃinn duit, a Ṡíomóin ṁic Ióna: óir ní fuil agus feoil d’ḟoillsiġ duit é, aċt m’Aṫair‐se atá ar neaṁ. 18Agus adeirim‐se leat gur tusa Peadar, agus gur ar an gcarraig seo ṫógfad‐sa m’eaglais; agus naċ mbuaiḋfiḋ geataí ifrinn uirṫi. 19Do‐ḃéarfad duit eoċraċa ríoġaċta na ḃflaiṫeas: agus cibé niḋ ċeanglóċas tú ar talaṁ, ceanglóċar é ar neaṁ: agus cibé niḋ scaoilfeas tú ar talaṁ, scaoilfear é ar neaṁ. 20Annsin ṫug sé raḃaḋ d’á ḋeisceablaiḃ gan a innsint d’aoinneaċ gurḃ é féin an Críost.
21Ó’n am sin amaċ do ṫosnuiġ Íosa ar a ṁíniú d’á ḋeisceablaiḃ gur ab éigean dó dul go h‐Iarúsalem, agus mórán d’ḟulang ó na seanóiriḃ, agus ó na h‐árd‐ṡagartaiḃ, agus ó na scríoḃaiḋṫiḃ, agus go gcuirfiḋe é ċum báis, agus go n‐aiséireoċaḋ sé an tríoṁaḋ lá. 22Agus ṫug Peadar é i leaṫtaoiḃ, agus do ṫosnuiġ sé ar a ċeartú, g‐á ráḋ, I ḃfad uait‐se é sin, a Ṫiġearna: ní ṫiocfaiḋ sin ort ċoiḋċe. 23Aċt d’iompuiġ seisean, agus aduḃairt sé le Peadar, Druid siar uaim, a Ṡátain: atáir‐se id’ ċeap tuisle ḋom: óir ní ḟuil do ḋearcaḋ ar a mbaineann le Dia, aċt ar a mbaineann le daoiniḃ. 24Annsin aduḃairt Íosa le n‐a ḋeisceablaiḃ, Má’s mian le h‐aoinneaċ teaċt im’ ḋiaiḋ‐se, diúltaḋ sé ḋó féin, agus tógaḋ sé a ċros, agus leanaḋ sé mise. 25Óir, cibé duine gur mian leis a anam do ṡaoraḋ, caillfiḋ sé é; agus cibé duine ċaillfeas a anam ar mo ṡon‐sa, saorfaiḋ sé é. 26Óir cad é a ṫairḃe do ḋuine dá ngnóṫuiġeaḋ sé an doṁan go h‐iomlán, agus a anam do ċailleaṁain? nó cad í an ṁalairt ḋéanfas duine ar a anam féin? 27Óir tiocfaiḋ Mac an Duine i nglóir a Aṫar mar aon le n‐a aingliḃ; agus annsin ċúiteoċaiḋ sé gaċ aoinneaċ de réir a ġníoṁarṫa. 28Go fírinneaċ adeirim liḃ, Atá cuid díoḃ‐san atá n‐a seasaṁ annso, naċ mblaisfiḋ bás nó go ḃfeicid Mac an Duine ag teaċt ’n‐a ríoġaċt.
Currently Selected:
Matha 16: JOYNTG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

: