Matha 17
17
1Agus sé lá ’n‐a ḋiaiḋ sin, ṫug Íosa leis Peadar, agus Séamas, agus Eoin a ḋearḃráṫair‐sean, agus do rug sé suas iad ar ṡléiḃ árd fá leiṫ: agus do h‐aṫruiġeaḋ a ġné os a gcóṁair: 2agus do ṡoillsiġ a ġnúis ar nós na gréine, agus d’éiriġ a éadaiġe ċóṁ geal leis an solas. 3Agus féaċ, do taiḋḃriġeaḋ ḋóiḃ Maois agus Élias, agus iad ag cainnt leis. 4Agus d’ḟreagair Peadar, agus aduḃairt sé le h‐Íosa, A Ṫiġearna, is maiṫ ḋúinn ḃeiṫ annso: má’s áil leat‐sa é, déanaimís annso trí boṫa, boṫ ḋuit‐se, boṫ do Ṁaois, agus boṫ d’Élias. 5Le linn a ċainnte, féaċ, do leaṫ scamall lonnraċ orṫa: agus féaċ, an guṫ as lár an scamaill, aduḃairt, Is é seo mo Ṁac ionṁain, ’n‐a ḃfuil mo mór‐aoiḃneas; éistiḋ leis. 6Agus nuair do‐ċuala na deisceabail é, do ṫuiteadar ar a n‐aġaiḋ, agus do ḃí eagla ṁór orṫa. 7Agus ṫáinig Íosa, agus do ċuir sé a láṁ orṫa, agus aduḃairt sé, Éiriġiḋ, agus ná bíoḋ eagla oraiḃ. 8Agus ag féaċain suas dóiḃ, ní ḟacadar aoinneaċ aċt Íosa aṁáin.
9Agus ag teaċt anuas ó’n sléiḃ dóiḃ, ṫug Íosa raḃaḋ ḋóiḃ, g‐á ráḋ, Ná h‐innsiġiḋ an raḋarc do ḋuine ar biṫ, nó go n‐aiséiriġiḋ Mac an Duine ó na marḃaiḃ. 10Agus d’ḟiafruiġ a ḋeisceabail de, g‐á ráḋ, Cad ċuige a n‐abrann na scríoḃaiḋṫe go gcaiṫfiḋ Élias teaċt ar dtús? 11Agus d’ḟreagair seisean agus aduḃairt, Tiocfaiḋ Élias go fírinneaċ, agus aṫnuaḋfaiḋ sé gaċ aon niḋ: 12aċt adeirimse liḃ go dtáinig Élias ċeana, agus nior aiṫniġeadar é, aċt d’imreadar a dtoil féin air. Is mas sin ḟulaingeoċas Mac an Duine uaṫa, leis. 13Annsin do ṫuig na deisceabail gur i dtaoḃ Eoin Ḃaiste do ḃí sé ag laḃairt leo.
14Agus nuair ṫángadar go dtí an sluaġ, ṫáinig ċuige fear, ag sléaċtaḋ ar a ġlúnaiḃ ḋó, agus g‐á ráḋ, 15A Ṫiġearna, déan trócaire ar mo ṁaċ: óir atá an galar tuitimeaċ air, agus atá sé go h‐an‐dona: óir tuiteann sé isteaċ sa teiniḋ go minic, agus san uisce go minic. 16Agus ṫugas ċum do ḋeisceabal é, agus níor ḟéadadar a leiġeas. 17Agus d’ḟreagair Íosa, agus aduḃairt, A ṡlioċt ḋíṫċreidiṁ ḋo‐ṫeagascṫa, cá ḟad ḃéas mé eadraiḃ? cá ḟad ḟúlaingeoċas mé siḃ? taḃraiḋ ċugam‐sa annso é. 18Agus do smaċtuiġ Íosa an deaṁan; agus d’imṫiġ sé as: agus do ḃí an buaċaill slán ó’n uair sin amaċ. 19Annsin ṫáinig na deisceabail ċum Íosa ar leiṫliġ, agus aduḃradar, Cad ċuige nár ḟéadamair‐ne a ċaiṫeaṁ amaċ? 20Agus aduḃairt seisean leo, Mar ġeall ar ḃúr n‐easbaiḋ creidiṁ: óir adeirim liḃ go fírinneaċ, Dá mbéaḋ oiread le gráinne síl mustáird de ċreideaṁ agaiḃ, adéarfaḋ siḃ leis an sliaḃ so, Aistriġ as so annsúd anonn; agus aistreoċaiḋ sé; agus ní ḃéiḋ éinniḋ ann naċ mbéiḋ ar ċumas daoiḃ a ḋéanaṁ. 21Aċt ní féidir deaṁan de’n tsórt so do ċaiṫeaṁ amaċ aċt le h‐urnaiġe agus le troscaḋ.
22Agus nuair do ḃíodar ’n‐a gcóṁnaiḋe sa nGaililé, aduḃairt Íosa leo, Do‐ḃéarfar Mac an Duine i láṁaiḃ daoine; 23agus cuirfid ċum báis é, agus éireoċaiḋ sé an treas lá. Agus do ḃí cuṁa an‐ṁór orṫa.
24Agus nuair ṫángadar go Cafarnaúm, ṫáinig luċt na cíos‐ċánaċ do ġlacaḋ ċum Peadair, agus aduḃradar, Naċ n‐íocann do ṁáiġistir‐se an ċíos‐ċáin? 25Aduḃairt seisean, Íocann. Agus nuair ṫáinig sé isteaċ sa tiġ do laḃair Íosa leisean ar dtús, g‐á ráḋ, Cad é do ḃaraṁail‐se ḋe, a Ṡíomóin? riġṫe na talṁan, cé uaṫa an nglacann siad cíos nó cáin? ó n‐a gclainn féin, nó ó ċoiṁiġṫeaċaiḃ? 26Agus aduḃairt seisean, ó ċoiṁiġṫeaċaiḃ. Aduḃairt Íosa leis, D’á ḃriġ sin, atá an ċlann saor. 27Aċt, an eagla go dtiuḃraimís scannal dóiḃ, imṫiġ‐se ċum na fairrge, agus caiṫ duḃán, agus tóg an ċéad iasc ṫiocfas aníos; agus nuair ḟosclóċas tú a ḃéal, do‐ġeoḃair píosa airgid ann: glac é sin, agus taḃair ḋóiḃ‐sean é ar mo ṡon‐sa agus ar do ṡon féin.
Currently Selected:
Matha 17: JOYNTG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.