Marcus 4
4
1Agus do ṫosnuiġ sé aris ar ṫeagasc do ḋéanaṁ cois na fairrge. Agus do ċruinniġ sluaġ an‐ṁór ċuige, i dtreo go ndeaċaiḋ sé isteaċ i mbád, agus gur ṡuiḋ sé ann ar an ḃfairrge; agus do ḃí an sluaġ uile ar an talaṁ, le h‐ais na fairrge. 2Agus ṫug sé morán teagaisc dóiḃ i saṁlaoidiḃ, agus aduḃairt sé leo ’n‐a ṫeagasc, 3Éistiḋ liom: Féaċaiḋ, do ċuaiḋ síoladóir amaċ ag cur sil: 4agus tarla, ag cur an tsíl dó, gur ṫuit cuid de’n tsíol i n‐aice an ḃealaiġ, agus ṫáinig éanlaiṫe an aeir, agus d’iṫeadar é. 5Agus do ṫuit cuid eile ḋe ar ṫalaṁ cloċaċ, i n‐áit naċ raiḃ mórán úire ann; agus d’ḟás sé suas láiṫreaċ, de ḃriġ naċ raiḃ aon doiṁneaċt cré aige: 6agus nuair d’éiriġ an ġrian, do dóiġeaḋ é; agus de ḃriġ naċ raiḃ aon ḟréaṁ aige, d’ḟeoġ sé. 7Agus do ṫuit cuid eile ḋe i measc an drisliġ, agus d’ḟás an drisleaċ suas, agus do ṫaċt é, agus ní ṫug sé aon toraḋ uaiḋ. 8Agus do ṫuit cuid eile ḋe ar an talaṁ maiṫ, agus ṫug sé toraḋ, d’ḟás agus d’éiriġ, cuid de fá ṫrioċaid, cuid de fá ṫrí fiċid, agus cuid de fá ċéad. 9Agus aduḃairt sé, An té ag a ḃfuil cluasa ċum éisteaċta, éisteaḋ sé.
10Agus nuair do ḃí sé ’n‐a aonar, na daoine do ḃí ’n‐a ṫimċeall i n‐éinḟeaċt leis an dá‐réag, d’iarradar air briġ na saṁlaoide do ṁíniú ḋóiḃ. 11Agus aduḃairt sé leo, Tugaḋ eolas daoiḃ‐se ar rúin‐diaṁraiḃ ríoġaċta Dé: aċt dóiḃ‐sean atá amuiġ, déantar gaċ niḋ i saṁlaoidiḃ: 12ionnas, ag féaċain dóiḃ, go ndearcfaidís agus naċ ḃfeicfidís; agus ag éisteaċt dóiḃ, go n‐éistfidís agus naċ dtuigfidís; ar eagla go n‐iompóċaidís, agus go maiṫfiḋe a bpeacaiḋe ḋóiḃ.
13Agus aduḃairt sé leo, An é naċ dtuigeann siḃ briġ na saṁlaoide seo? Cionnas ṫuigfeas siḃ, mar sin, briġ na saṁlaoid go léir. 14An síol ċuireas an síoladóir, is é an briaṫar é. 15Agus na daoine ’n‐a gcurtar an síol i n‐aice an ḃealaiġ, is iad‐san na daoine ’n‐a gcurtar an briaṫar, aċt nuair ċloiseas siad é, tig Sátan ar an láṫair, agus tógann sé uaṫa an briaṫar do cuireaḋ ionnta. 16Agus ar an gcuma ċéadna, na daoine gur cuireaḋ an síol i n‐áiteannaiḃ cloċaċa ionnta, is iad‐san na daoine ġlacas ċuca an briaṫar ar an láṫair le h‐áṫas nuair a ċloiseas siad é; 17agus ní ḟuil fréaṁ aca ionnta féin, aċt seasann siad ar feaḋ tamaill; annsin, nuair éiriġeas trioblóid nó géir‐leanaṁain mar ġeall ar an mbriaṫar, glacann siad scannal ar an láṫair.
18Agus atá daoine eile go gcurtar an síol sa drisleaċ ionnta; is iad‐san na daoine éisteas leis an mbriaṫar, 19aċt tig cúram an tsaoġail, agus meallaḋ an tsaiḋḃris, agus an‐dúil i neiṫiḃ eile isteaċ ionnta, agus taċtaid‐sean an briaṫar, agus ní ṫugann sé aon toraḋ uaiḋ.
20Agus iad‐san gur cuireaḋ an síol sa talaṁ maiṫ ionnta; is iad na daoine éisteas leis an mbriaṫar, agus ġlacas ċuca é, agus do‐ḃeir toraḋ uaṫa, fá ṫrioċaid, agus fá ṫrí‐fiċid, agus fá ċéad.
21Agus aduḃairt sé leo, An dtugtar an lóċrann isteaċ ċum go gcuirfiḋe é fá ḃéal soiṫiġ, nó fá’n leabaiḋ? an é naċ gcurtar é ar ċoinnleoir? 22Óir ní curtar aon niḋ i ḃfolaċ, aċt ċum go noċtfar é; ná ní dearnaḋ aon niḋ fá rún, aċt ċum go dtiocfaiḋ sé ċum solais.
23An té ag a ḃfuil cluasa ċum éisteaċta, éisteaḋ sé.
24Agus aduḃairt sé leo, Taḃraiḋ aire do’n méid ċloiseas siḃ: an tóṁas ’n‐a dtóṁaiseann siḃ, is é sin an tóṁas ’n‐a dtóṁaisfear ċugaiḃ: agus do‐ḃéarfar tuilleaḋ ḋaoiḃ. 25Óir cibé duine ag a ḃfuil niḋ, do‐ḃéarfar dó: agus an té naċ ḃfuil niḋ aige, bainfear de a ḃfuil aige.
26Agus aduḃairt sé leo, Is aṁlaiḋ atá ríoġaċt Dé, mar do ċroṫfaḋ duine síol ar an talaṁ: 27agus go raċaḋ seisean a ċodlaḋ agus go ndúiseoċaḋ sé oiḋċe agus lá, agus go mbéaḋ an síol ag gobaḋ aníos agus ag dul i ḃfás, gan a ḟios aige cionnas ḟásas sé. 28Do‐ḃeir an talaṁ toraḋ uaiḋ féin; an geaṁar ar dtús, an dias ’n‐a ḋiaiḋ sin, agus annsin an t‐arḃar iomlán sa dís. 29Aċt nuair ḃíos an toraḋ aibiḋ, ar an laṫair cuireann seisean an corrán ann, de ḃriġ go ḃfuil am an ḟóġṁair ann.
30Agus aduḃairt sé, Cad leis an saṁlóċaimíd ríoġaċt Dé? cad í an tsaṁlaoid ’n‐a dtais‐beánfaimíd í? 31Is cosṁail í le gráinne síl mustáird, nuair curtar é sa talaṁ, bioḋ gur luġa é ná na síolta uile d’á ḃfuil ar doṁan, 32nuair curtar é, fásann sé suas agus éiriġeann sé níos mó ná aon luiḃ eile, agus cuireann sé amaċ géaga móra uaiḋ go ḃféadann éanlaiṫe na spéire dul ’n‐a gcóṁnaiḋe fá n‐a scáṫ.
33Agus is iomḋa saṁlaoid eile de’n tsórt sin i n‐ar laḃair sé an briaṫar leo, de réir mar do b’ḟéidir leo éisteaċt leis: 34agus níor laḃair sé leo aċt i saṁlaoidiḃ: aċt do ṁíniġ sé gaċ aon niḋ i leaṫtaoiḃ d’á ḋeisceablaiḃ féin.
35Agus aduḃairt sé leo an lá sin, nuair do ḃí an tráṫnóna ann, Téiġmís trasna anonn go dtí an taoḃ ṫall. 36Agus ag fágáil an tsluaiġ ḋóiḃ, ṫugadar leo é, mar do ḃí sé, sa mbád. 37Agus do ḃí báid eile ’n‐a ḟoċair. Agus d’éiriġ anfaḋ mór gaoiṫe, agus do ḃuail na tonna isteaċ sa mbád, i dtreo go raiḃ sí d’á líonaḋ. 38Agus do ḃí sé féin i dtile deiriḋ an ḃáid, agus é ’n‐a ċodlaḋ ar ṗeiliúr: agus do ḋúisiġeadar é, agus aduḃradar leis, A Ṁáiġistir, an cuma leat go ḃfuilmid‐ne d’ár mbáṫaḋ? 39Agus d’éiriġ sé ’n‐a ḋúiseaċt, agus do ḃagair sé ar an ngaoiṫ, agus aduḃairt sé leis an ḃfairrge, Éist, bí socair. Agus do stad an ġaoṫ, agus do ḃí ciúnas mór ann. 40Agus aduḃairt sé leo, Cad ċuige a ḃfuil eagla oraiḃ? An é naċ ḃfuil creideaṁ agaiḃ fós? 41Agus do ġaḃ eagla an‐ṁór iad, agus aduḃradar le ċéile, Cia h‐é seo, go n‐uṁluiġeann gaoṫ agus fairrge ḋó?
Currently Selected:
Marcus 4: JOYNTG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

: