YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 31

31
Salm 31.
In te, Domine, speravi.
1Is ionat, a Ṫiarna, a ċuir mé mo ḋóċas: ná lig dom náire a ḟáil, aċ fuascail mé i dʼḟíréantaċt.
2Taḃair cluas dom: déan deifir agus fuascail mé.
3Agus bí agam mar ċarraig láidir, agus mar ṫeaċ ṫearmainn: go slánaí tú mé.
4Óir is tú mo ċarraig láidir, agus mo ċaisleán: bí tusa agam fós mar eolaí, agus ar son dʼAinm bí do mo ṡeolaḋ.
5Tarraing amaċ as an líon mé, a cuireaḋ roṁam os íseal: óir is tú mo neart.
6Tiomnaim mʼanam faoi do láṁa: óir ċeannaiġ tú mé, a Ṫiarna, a Ḋia na fírinne.
7Bʼḟuaṫ liom luċt leanúna na bpiseog baoṫ: ba é an Tiarna mo ḋóċas.
8Beiḋ do ṫrócaire mar ċúis ġairdis agus lúċáire agam: óir ṫug tú beann ar mo ḃuaireaṁ, agus ḃí aiṫne agat ar mʼanam sa ċúnglaċ.
9Níor ḋún tú láṁ an naṁad orm: aċ ċuir tú mo ċosa ina seasaṁ in áit ḟairsing.
10Bíoḋ trócaire agat dom, a Ṫiarna, ó táim i mbuaireaṁ: tá mo ṡúil á snoí ag an gcuṁa; táim do mo ṡnoí idir ċorp agus anam.
11Óir ċuir an buaireaṁ le mʼaois: agus ċuir an brón le mo ḃlianta.
12Ċlis mo neart orm, de ḃarr mʼéagóra: agus tá mo ċnáṁa críonta.
13Ċuaiġ mo naiṁde uile do mo ċáineaḋ, agus go háiriṫe mo ċoṁarsana: ḃí eagla ar mo luċt aiṫeantais roṁam; an dream a dʼḟeiceaḋ amuiġ mé, ṫeiṫidís roṁam.
14Rinneaḋ dearmad glan díom, ligeaḋ as cuiṁne mé mar ḋuine atá marḃ: táim mar ṡoiṫeaċ briste.
15Óir ċuala mé tarcaisne an tslua, agus níl ní i mo ṫimpeall naċ gcuireann eagla orm: téann siad i gcogar eatarṫu féin, agus cuireann siad coṁairle go raiḃ mʼanam acu.
16Aċ dob asat a ḃí mo ḋóċas, a Ṫiarna: is é dúirt mé, Is tú mo Ḋia.
17Tá mo ré i do láiṁ; fuascail mé ó láiṁ mo naiṁde: agus ó luċt mo ġéarleanúna.
18Taispeáin solas do ġnúise do do ṡeirḃíscaċ: agus saor mé ar son do ṫrócaire.
19Ná faiġim náire, a Ṫiarna, ó ġlaoiġ mé ort: faiġeaḋ luċt an oilc náire, agus cuirtear ina dtost san uaiġ iad.
20Balḃaítear béal na bréige: a ḃíos ċoṁ míṫrócaireaċ, mioscaiseaċ, mailíseaċ, ag cáineaḋ an ḟíréin.
21Níl insint ar an ollṁaiṫeas atá i dtaisce agat le haġaiḋ an dreama darb eagal tú: agus atá ullṁaiṫe agat don dream a ċuireas a ndóċas ionat, agus naċ gceileann é ar ċlann na ndaoine!
22Beiḋ tú féin i láṫair lena ḃfolaċ ionas naċ gcuirfeaḋ aon duine caṫú orṫu: cuṁdóiḋ tú faoi ċeilt i do ṗailliún iad ó ċlampar na dteangaċa.
23Altú don Tiarna; a ṫaispeáin a ṁórṁaiṫeas iontaċ dom i gcaṫair láidir.
24Ba róṫobann a dúirt mé: ruaigeaḋ mé as aṁarc do ṡúl.
25Aċ ina ḋiaiḋ sin, dʼéist tú le mo ġuí: nuair a ġlaoiġ mé ort.
26Tugaigí grá don Tiarna, a naoiṁ uile an Tiarna: óir cuṁdaíonn an Tiarna an dream a ḃíos dílis dó, agus cuireann sé tromṗionós ar luċt na ngníoṁarṫa uaiḃreaċ.
27Bíoḋ misneaċ agaiḃ, agus nár lagaí sé ḃur gcroí: a ḋaoine a ċuireas ḃur ndóċas sa Tiarna.

Currently Selected:

Na Sailm 31: OC1965G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in