Eóin 12
12
CAIBIDIOL XII.
Cosa Ċríost d’á n-ungaḋ. A ḋul isteaċ i gcaṫair Ierúsalem ar muin asail. An guṫ ó neaṁ.
1Aċ sé lá roim ḟéile na cásga ṫáinig Íosa go #Mait. 26:6; Marc. 14:3.Betánia mar a ḃfuair Lasarus bás agus gur ṫóg Íosa ó’n mbás é. 2Agus ḋeineadar féasta ḋó ann, agus ḃí Marta ag frioṫálaṁ, agus duine de’n ċuideaċtain a ṡuiḋ ċun bíḋ i n’ḟoċair ab eaḋ Lasarus. 3Agus ṫóg Máire púnt meaġċaint d’ola ana-uasal, de spícnárd ḋílis, agus ċuir sí ar ċosaiḃ Íosa é, agus ansan do ċimil si a ċosa le n-a gruaig; agus do líonaḋ an tiġ de ḃaluiṫ ċúṁra an spícnáird. 4Agus duḃairt duine de sna deisgiobuil, Iúdás Iscariót, an fear a ḃí ċun é ḋíol: 5Cad ’n-a ṫaoḃ nár díolaḋ an ola so ar trí ċéad pingin agus é ṫaḃairt do sna boċtaiḃ? 6Ní tré aon speóis a ḃeiṫ aige ins na boċtaiḃ aduḃairt sé an méid sin, áṁṫaċ, aċ é ḃeiṫ ’n-a ḃiṫeaṁnaċ, agus is aige a ḃíoḋ an sparán, agus isé a ḋ’iomparaḋ an méid a curtí ann. 7Ansan duḃairt Íosa: Leigiḋ di féin, agus coimeádaḋ sí é sin i gcóir lae m’aḋlacṫa. 8Bíd na boiċt i gcóṁnuiġe i nḃúr ḃfoċair agaiḃ, aċ ní ḃím-se agaiḃ i gcóṁnuiġe.#12:8 aċ ní ḃím-se agaiḃ i gcóṁnuiġe .i. go soḟeicse, mar a ḃí sé anso ar an saoġal ’n-a measg, agus mar atáid na boiċt againn, ċun caḃruiġṫe leó i n-aġaiḋ an lae.#Mait. 26:11.
9Agus ḃí ḟios ag sluaġ ṁór de sna Iúdaíġ é ḃeiṫ sa n-áit, agus ṫanadar, ní h-aṁáin mar ġeall ar Íosa, aċ ċun go ḃfeicfidís Lasarus, an duine a ṫóg sé ó sna mairḃ. 10Agus ḃí uaċtaráin na sagart ’ġá ḃeartú go marḃóċaidís Lasarus, mar an gcéadna, 11Mar ḃí mórán de sna Iúdaiġ ag imṫeaċt agus ag creideaṁaint i n-Íosa mar ġeall air.
12Aċ amáireaċ a ḃí ċúgainn do ġluais amaċ sluaġ ṁór de sna daoine a ḃí tagaiṫe ċun na féile, mar d’airiġeadar Íosa ḃeiṫ ag teaċt go Ierúsalem 13Agus ṫógadar géaga ṗailime agus ṡiuḃluiġeadar fé n-a ḋéin agus iad ag liúiriġ: Hósanna, molaḋ do’n t-é atá ag teaċt i n-ainim an Tiġearna, rí Israéil. 14Agus do fuair Íosa asal óg, agus do ṡuiḋ sé ar a ṁuin, do réir mar atá sgríoḃṫa: 15#Zach. 9:9.Ná bíoḋ eagal ort, a inġean Ṡióin; Féaċ, tá do rí ag teaċt agus é ’n-a ṡuiḋe ar ṡearraċ asail. 16Níor ṫuig a ḋeisgiobuil na neiṫe sin ar dtúis; aċ nuair a tugaḋ glóire d’Íosa do ċuiṁniġeadar ar na neiṫiḃ sin a ḃeiṫ sgríoḃṫa ’n-a ṫaoḃ, agus gur ḋeineadar na neiṫe sin leis. 17An tsluaġ a ḃí i n-a ḟoċair nuair a ġlaoiḋ sé Lasarus as an dtuama agus ṫóg sé ó sna mairḃ é, ṫugadar fiaḋnaise uaṫa. 18Agus uime sin do ṫáinig an tsluaġ amaċ ’n-a ċoinniḃ, mar d’airiġeadar gur ḋein sé an ṁírḃúilt sin. 19Duḃairt na Fairisíniġ, d’a ḃríġ sin, eatarṫa féin: An ḃfeiceann siḃ ná fuil ag eiriġe linn i n-aon ċor? Siné an saoġal go léir imṫiġṫe ’n-a ḋiaiḋ.
20Ḃí, áṁ, geinteaċa áiriṫe ar na daoine a ṫáinig go Ierúsalem ċun Dia d’aḋraḋ lá na féile. 21Ṫánadar san ag triall ar Ṗilib, an fear ó Ḃetsaida Gaililí, agus d’iarradar níḋ air agus duḃradar: A ḋuine ċóir, ba ṁaiṫ linn Íosa ḋ’ḟeisgint. 22Ṫáinig Pilib agus d’innis sé d’Aindrias é, agus ansan d’innis Pilib agus Aindrias d’Íosa é. 23Aċ d’ḟreagair Íosa iad agus duḃairt sé: Ṫáinig an uair ċun glóire ṫaḃairt do Ṁac an Duine. 24Go deiṁin, deiṁin, a deirim liḃ, mura ḃfaġaiḋ an gráinne arḃair a ṫuiteann sa talaṁ bás, 25Ní ḃíonn ann aċ é féin; aċ má ġeiḃeann sé bás tugann sé toraḋ mór uaiḋ. #Mait. 10:39; 16:25; Marc. 8:35; Lúc. 9:24; 17:33.An t-é a ġráḋann a anam féin caillfiḋ sé é; agus an t-é a ḋ’ḟuaṫuiġeann a anam féin ar an saoġal so, coimeádann sé é i gcóir na beaṫa síoruiḋe. 26Má ḟrioṫálann duine mise, leanaḋ sé mé; agus an áit i n-a ḃfuilim-se is ann a ḃeiḋ an t-é a ḟrioṫálfaiḋ. Má ḋeineann duine frioṫálaṁ orm-sa taḃarfaiḋ m’Aṫair onóir dó. 27Tá m’anam ar buaireaṁ anois. Agus cad déarfad? A Aṫair, dein mé ṡaoraḋ ó’n uair seo. Aċ is ċuige seo do ṫánag ċun na h-uaire seo. 28A Aṫair, dein t’ainim do ṡoillsiú. Ansan do ṫáinig guṫ ó neaṁ: Do ṡoillsíġeas ċeana é, agus soillseóċad airís é.
29Agus na sluaiġte a ḃí láiṫreaċ d’airiġeadar an guṫ agus duḃradar gur ṫóirṫneaċ a deineaḋ. Aċ duḃairt tuille acu: Do laḃair aingeal leis. 30D’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé: Ní mar ġeall orm-sa a ṫáinig ag guṫ so, aċ mar ġeall oraiḃ-se. 31Anois atá breiṫ taḃarṫa ar an saoġal so; anois a caiṫfar amaċ priúnsa an tsaoġail seo. 32Agus má árduíġ-ṫear mise ó’n dtalaṁ taraiceóċad gaċ níḋ ċúġam féin. 33Agus duḃairt sé an méid sin ’ġá ċur i gcéill cad é an bás a ġeoḃad sé. 34D’ḟreagair na daoine é: D’airiġeamair-ne as an ndlíġ #Salm 109:4; 116:2; Isáias 40:8; Ezech. 37:25.Críost a ḃeiṫ ann do ṡíor: agus conus a deirir-se naċ foláir Mac an Duine d’árdú? Cé h-é an Mac san an Duine? 35Ansan duḃairt Íosa leó: Tá an solus agaiḃ tamall beag fós. Deiniḋ siuḃal an ḟaid atá an solus agaiḃ, i dtreó ná béarfaiḋ an doirċeaċt oraiḃ; agus an t-é ḃíonn ag siuḃal sa doirċeaċt ní ḟea-dair sé cá mbíonn sé ag dul. 36An ḟaid atá an solus agaiḃ creidiḋ sa tsolus, i dtreó go mbeaḋ siḃ i nḃúr gclann ag an solus. Do laḃair Íosa na neiṫe sin agus d’imṫiġ sé agus do ċeil sé é féin orṫa.
37Agus bíoḋ gur ḋein sé an oiread san mírḃúiltí os a gcóṁair níor ċreideadar ann; 38Ionus go gcóṁlíonfaí an ċaint aduḃairt Isáias Fáiḋ: #Isáias 53:1.A Ṫiġearna, cé ċreid a gcloistear uainn? Agus cé ḋó gur foill-siġeaḋ cuisle an Tiġearna? 39Uime sin níor ḟéadadar creideaṁaint, óir duḃairt Isáias airís:#12:39 Ver. 39. níor ḟéadadar creideaṁaint, “Mar sin níor ḃ’áil leó.” N. Aug. Tr. 33 ar Eóin. Feic an nóta ar Marc. 4:12. 40#Isáias 6:9.Do ḋall sé a súile, agus do ḋúr sé a gcroiḋe, sar a ḃfeicfidís le n-a súiliḃ agus sar a dtuigfidís ’n-a gcroiḋe, agus go n-iompóċaidís, agus go saorfainn iad. 41Duḃairt Isáias na neiṫe sin nuair a ċonaic sé a ġlóire, agus nuair a laḃair sé air. 42Aċ sa n-am gcéadna do ċreid a lán de sna h-uaċtaráin féin ann; aċ níor adṁuiġeadar é, le h-eagla roimis na Fairisíniġ, sar a gcurfaí as na sinagógaiḃ iad. 43Óir bá ṁó acu glóire daoine ’ná glóire Dé.
44Ansan do laḃair Íosa do ġuṫ árd, agus duḃairt sé: An t-é a ċreideann ionam-sa, ní h-ionam-sa a ċreideann sé aċ san t-é a ċuir uaiḋ mé. 45Agus an t-é a ċíonn mise, ċíonn sé an t-é a ċuir uaiḋ mé. 46Is am’ ṡolus do ṫánag ar an saoġal, ionus, an t-é a ċreideann ionam, ná fanfaḋ sé sa doirċeaċt. 47Agus má airiġeann aoinne mo ḃréiṫre agus ná coimeádfaiḋ sé iad, ní ṫugaim-se breiṫ air, óir ní ċun breiṫeaṁantais a ṫaḃairt ar an ndoṁan do ṫánag, aċ ċun an doṁain do ṡaoraḋ. 48An t-é ná tugann toraḋ orm-sa agus ná glacann mo ḃréiṫre, tá aige an t-é a ṫugann breiṫ air; #Marc. 16:16.an briaṫar atá ráiḋte agam-sa, taḃarfaiḋ an briaṫar san breiṫ air an lá déanaċ. 49Óir ní h-uaim féin do laḃras-sa, aċ an t-Aṫair a ċuir uaiḋ mé, ṫug sé sin órdú ḋom, cad déarfad agus cad a laḃarfad. 50Agus tá ḟios agam gur beaṫa ṡíoruiḋe a órdú. Na neiṫe a laḃraim, d’á ḃríġ sin, is mar aduḃairt an t-Aṫair liom do laḃraim iad.
Currently Selected:
Eóin 12: ABNPOLG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.

: