Lúcás 3
3
CAIBIDIOL III.
Missiún Eóin agus a ṡeanmóiniú. Críost dá ḃaisteaḋ aige.
1Sa ċúigṁaḋ bliain déag d’ímpireaċt Ṫiberias Caesair, nuair a ḃí Pontius Pílát i n’uaċtarán ar Iúdaéa, agus Héród ’n-a ṫetrarc ar Ġaililí, agus a ḋriṫáir Pilib ’n-a ṫetrarc ar Ituria agus ar ċríċ Traconítis, agus Lisanias ’n-a ṫetrarc ar Abilína, 2#Gníoṁ. 4:6.I n aimsir an dá árdṡagart Annas agus Caiṗas, do ṫárla briaṫar Dé ar Eóin mac Sacariais sa ḃfásaċ. 3Agus ṫáinig sé ar fuid na gcríoċ go léir ar bruaċ Iórdain ag fógairt baiste ċun aiṫriġe agus ċun maiṫeaṁnaċais peacaí, 4Mar atá sgríoḃṫa i leaḃar na ḃfocal aduḃairt Isáias fáiḋ: #Isáias 40:3.Guṫ duine ag glaoḋaċ sa ḃfásaċ: Deiniḋ slíġ an Tiġearna d’ollaṁú: Deiniḋ na bóiṫre do ḋíriú ḋó; 5Líonfar gaċ gleann, agus ísleófar gaċ sliaḃ agus gaċ cnoc, agus beiḋ gaċ cam ’n-a ḋíreaċ agus gaċ garḃ ’n-a slíġ réiḋ, 6Agus ċífiḋ gaċ feóil an slánú a ḋéanfaiḋ Dia.
7Agus deireaḋ sé leis an muintir a ṫagaḋ amaċ ċun go mbaistfí iad: A ṡíol na n-aiṫreaċ niṁe, cé ṁúin daoiḃ-se conus dul ó’n ndíḃfeirg atá ag teaċt? 8Tugaiḋ uaiḃ, d’á ḃríġ sin, toraḋ a ḃeiḋ ċóṁ maiṫ leis an aiṫriġe, agus ná cromaiḋ ar a ráḋ: Tá Ábraham i n’aṫair againn. Deirim liḃ go ḃféadfaḋ Dia slioċt do ṫógaint ċun Ábrahaim ó-s na cloċaiḃ sin. 9Tá an tuaġ curṫa ar ṗréiṁ na gcrann ċeana féin. Agus gaċ crann ná taḃarfaiḋ toraḋ fóġanta uaiḋ gearrfar é, agus curfar sa teine é. 10Agus do ċeistiġ na daoine é, agus duḃradar: Cad ’tá le déanaṁ againn má ’seaḋ? 11Agus d’ḟreagair sé agus duḃairt leó: #Séam. 2:15; 1 Eóin 3:17.An t-é go ḃfuil ḋá ċasóig aige tugaḋ sé do’n t-é ná fuil aige; agus an t-é go ḃfuil bia aige deineaḋ sé mar an gcéadna. 12Agus ṫáinig puibliocánaiġ ag triall air go mbaistfí iad, agus duḃradar leis: A Ṁáiġistir, cad tá le déanaṁ againn? 13Agus duḃairt seisean leó: Ná deiniḋ níor mó ’ná mar atá ceapaiṫe ḋaoiḃ le déanaṁ. 14Agus do ċeistiġ saiġdiúirí é, agus duḃradar: Cad tá le déanaṁ againne? Agus duḃairt sé leó: Ná deiniḋ láṁláidir ar aoinne, agus ná deiniḋ cúlċaint ar aoinne, agus bíḋiḋ sásta le nḃúr dtuarasdal.
15Agus ḃí na daoine ag breiṫniú agus ag maċtnaṁ ’n-a gcroiḋe féin i dtaoḃ Eóin, go mb’ḟéidir gur ḃ’é Críost é. 16Agus d’ḟreagair Eóin agus duḃairt leó go léir: Táim-se ag ḃúr mbaisteaḋ le h-uisge; aċ tiocfaiḋ duine is treise ’ná mé, duine náċ fiú mé go ndéanfainn iall a ḃróige do sgaoileaḋ. #Gníoṁ. 1:5; 11:16; 19:4.Baistfiḋ sé sin siḃ leis an Spioraid Naoṁ agus le teine. 17Tá a ġaoṫrán ’n-a láiṁ aige agus glanfaiḋ sé a úrlár buailte, agus cruinneóċaiḋ sé a ċuid cruiṫneaċtan isteaċ ’n-a sgioból, agus dóġfaiḋ sé an cáṫ le teine náċ féidir a ṁúċaḋ.
18Agus do ċraoḃsgaoil sé a lán neiṫe eile do sna daoine ’ġá gcóṁairliú. 19Aċ Héród, an tetrarc, nuair a laḃair sé leis i dtaoḃ Héródias, bean a ḋriṫár, agus i dtaoḃ na ndroċ-ḃeart eile a ḋein Héród, 20Ċuir sé an méid seo leó go léir, agus ċuir sé Eóin i bpríosún.
21Do ṫárla, áṁṫaċ, nuair a ḃí na daoine go léir ḋ’á mbaisteaḋ, agus nuair a baisteaḋ Íosa agus ḃí sé ag guiḋe, gur h-osgalaḋ an spéir, 22Agus gur ṫúirling an Spioraid Naoṁ air i rioċt corparṫa, mar ḃeaḋ colúr, agus ṫáinig guṫ as an spéir: #Mait. 3:17; 17:5; Infra 9:35; 2 Pead. 1:17.Is tusa mo Ṁac dílis; is ort atá mo ġreann.
23Agus ḃí Íosa féin ag dul ’n-a ḋeiċṁaḋ bliain fiċid nó mar sin, ’n-a ṁac, dar le daoine, ag Ióseṗ, mac Hélí, mic Maṫat,#3:23 Ver. 23. mac Hélí, Ó Iacób a ṡiolruiġ N. Ióseph do réir nadúra, aċ i gcúntas na dlíġe mac do Hélí ab eaḋ é, óir clann aon ṁáṫar ab eaḋ Iacób agus Hélí, agus Hélí an fear ba ṡine acu. Fuair Hélí bás gan aon ċlann. Ansan b’éigion do Ióseph, do réir na dliġe baintreaċ Hélí do ṗósaḋ, agus an mac a ṫáinig ó’n bpósaḋ san, is do Hélí a h-ainmníġeaḋ é. B’ṡin é an dlíġ. 24mic Leḃí, mic Melċí, mic Ianna, mic Ióseṗ, 25Mic Matatias, mic Amos, mic Nahúm, mic Heislí, mic Nagge, 26Mic Mahat, mic Matatias, mic Semeí, mic Ióseṗ, mic Iúda. 27Mic Ioanna, mic Résa, mic Sorobabel, mic Salatiel, mic Nérí, 28Mic Melċí, mic Addí, mic Ċósam, mic Elmadain, mic Héir, 29Mic Iósé, mic Elieseir, mic Iórím, mic Maṫat, mic Leḃí, 30Mic Simeóin, mic Iúda, mic Ióseṗ, mic Iónain, mic Eliacim, 31Mic Melea, mic Menna, mic Matata, mic Nátán, mic Dáiḃid, 32Mic Iessé, mic Óbéd, mic Boos, mic Salmóin, mic Naassóin, 33Mic Aminadaiḃ, mic Áram, mic Esróin, mic Ṗáres, mic Iúda. 34Mic Iacóib, mic Isaaic, mic Ábrahaim, mic Tárá, mic Naċór, 35Mic Sarug, mic Ragau, mic Ṗaleg, mic Ebeir, mic Sale, 36Mic Cainan, mic Arṗacsad, mic Sém, mic Nóe, mic Lameċ, 37Mic Matúsala, mic Enóċ, mic Iáred, mic Malaleél, mic Caïnán, 38Mic Enós, mic Sét, mic Adam, mic Dé.
Currently Selected:
Lúcás 3: ABNPOLG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.

: