YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 7

7
CAIBIDIOL VII.
An tríṁaḋ cuid de’n tseanmóin ar an gcnoc.
1Ná beiriḋ breiṫ, #Lúc. 6:37; Róṁ. 2:1.ionus na béarfaí breiṫ oraiḃ. 2Mar is do réir na breiṫe a ṫaḃarfaiḋ siḃ a taḃarfar breiṫ oraiḃ; agus an tóṁas le n-a dtóṁaisfiḋ síḃ, is leis a tóṁasfar ċúġaiḃ. 3Cad ċuige ḋuit an dúradán d’ḟeisgint i súil do ḃráṫar, agus ná feiceann tu an tsail atá ad’ ṡúil féin? 4Nó cad ċuige ḋuit a ráḋ led’ ḃráṫair: Leig dom an dúradán a ḃaint as do ṡúil; agus sin sail ad’ ṡúil féin? 5A ċluanaire, bain an tsail as do ṡúil féin ar dtúis, agus ansan ċífir conus an dúradán a ḃaint a’ súil do ḃráṫar.
6Ná tugaiḋ an níḋ naoṁṫa dos na madraíḃ#7:6 .i. do sna droċ-ḋaoiniḃ a ṫaḃarfaḋ masla do’n níḋ naomṫa.; agus na caiṫiḋ ḃúr bpéarlaí ċun na muc, le h-eagla go ngeóḃaidís do ċosaiḃ ionta, agus ansan go n-iompóċaidís oraiḃ agus go stracfaidís siḃ.
7Iarraiḋ, agus taḃarfar daoiḃ; loirgiḋ, agus ġeóḃaiḋ siḃ; buailiḋ, agus osgalófar daoiḃ. 8Óir gaċ aoinne a iarrann tugtar dó; agus gaċ aoinne a loirgeann ġeiḃeann sé, agus gaċ aoinne a ḃuaileann osgal-tar dó. 9#Lúc. 11:11.cé h-é an duine agaiḃ-se go n-iarrfaiḋ a ṁac arán air agus gur cloċ a ṫaḃarfaiḋ sé ḋó? 10Nó má iarrann sé iasg air a’ dtaḃarfaiḋ sé aṫair niṁe ḋó? 11Má’s eól, d’á ḃríġ sin, daoiḃ-se atá go h-olc, conus neiṫe fóġanta ṫaḃairt d’ḃúr gclainn, náċ dóiċíġe gó mór go dtaḃarfaiḋ ḃúr n-Aṫair atá ins na flaṫais neiṫe fóġanta ḋaoiḃ-se aċ iad d’iarraiḋ air?
12 # Tobias 4:16; Lúc. 6:31. Gaċ níḋ, d’á ḃríġ sin, ba ṁaiṫ liḃ a ḋéanfaḋ daoine ḋaoiḃ-se deiniḋ-se ḋóiḃ-sin. Siné agaiḃ an dlíġ agus na fáiḋe.
13Téiġiḋ isteaċ an dorus cuṁang, óir is fairsing an dorus agus is leaṫan an bóṫar a ṡeólann ċun díṫe, agus tá a lán a leanann é. 14Is ana-ċuṁang an dorus agus is ana-ċaol an bóṫar a ṡeólann ċun na beaṫa, agus ní mór a ġeiḃeann eólus air.
15Seaċanaiḋ na fáiḋe fallsa, a ṫagann ċúġaiḃ i gclúid na gcaoraċ agus gur faolċoin ċraosaċa laistiġ iad. 16Ó n-a dtorṫaíḃ iseaḋ ḋ’aiṫneóċaiḋ siḃ iad. An mbaintear caora fíneaṁna de ḋriseaċ nó fígí d’ ḟeóċadánaiḃ? 17Mar sin tugann gaċ crann fóġanta toraḋ fóġanta uaiḋ, agus tugann an droċ-ċrann droċ-ṫoraḋ uaiḋ. 18Ní féidir do’n ċrann ḟóġanta droċ-ṫoraḋ ṫaḃairt ná do’n droċ-ċrann toraḋ fóġanta ṫaḃairt. 19Gaċ crann ná tugann toraḋ fóġanta, gearrfar é agus curfar sa teine é. 20D’á ḃríġ sin, as a dtorṫaíḃ iseaḋ ḋ’ aiṫneóċaiḋ siḃ iad.
21Ní h-é gaċ aoinne adeir liom-sa, A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, do raġaiḋ isteaċ i ríġeaċt na ḃflaṫas; aċ an t-é a ḋéanfaiḋ toil m’Aṫar atá ins na flaṫais, siné a raġaiḋ isteaċ i ríġeaċt na ḃflaṫas. 22Déarfaid a lán daoine liom-sa an lá san; A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, náċ ad’ ainim-se a ḋeineamair targaireaċt, agus náċ ad’ ainim-se a ḋeineamair na deaṁain do ċur amaċ, agus náċ ad’ ainim-se ḋeineamair mórán mírḃuiltí? 23Agus ansan adṁóċaiḋ mé ḋóiḃ: Níor ċuireas-sa aiṫne riaṁ oraiḃ; #Salm 6:9; Lúc. 13:27.Imṫiġiḋ uaim, a luċt an uilc a ḋéanaṁ.
24 # Lúc. 6:48. Gaċ duine, d’á ḃríġ sin, a ċloiseann an ċaint seo adeirim-se agus do ḋeineann beart d’á réir, saṁlófar é le duine ciallṁar a ḋein a ṫiġ ar an gcaraig. 25Agus do ṫuit an ḟearṫainn, agus do ṫáinig na h-aiḃní, agus d’eiriġ an ġaoṫ, agus do ġluaiseadar i gcoinniḃ an tiġe sin; agus níor ṫuit sé; mar ḃí sé ’n-a ṡeasaṁ ar an gcaraig. 26Agus gaċ duine a ċloiseann na focail seo uaim-se agus ná deineann beart d’á réir, beiḋ sé ar nós an amadáin a ḋein a ṫiġ ar an ngainiṁ; 27Agus do ṫuit an ḟearṫainn, agus do ṫáinig na h-aiḃní, agus d’eiriġ an ġaoṫ, agus ġluaiseadar i gcoinniḃ an tiġe sin, agus do ṫuit sé; agus ba ṫiubaisteaċ é a ṫuitim.
28Agus do ṫárla nuair a ḃí an ċaint sin críoċnuiġṫe ag Íosa go raiḃ na daoine ag déanaṁ iongna d’á ṫeagasg. 29Óir do ḋein sé an teagasg mar a ḋéanfaḋ duine go raiḃ cóṁaċt aige, murar ḃ’ionan agus na Sgríḃneóirí agus na Fairisíniġ.

Currently Selected:

Maitiú 7: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in