Marcus 14
14
CAIBIDIOL XIV.
An ċéad ċuid de ṫuairisg páise Ċríost.
1Agus i gcionn dá lá ḃí féile na Cásga agus an aráin gan giost le ḃeiṫ ann, agus ḃí uaċtaráin na sagart agus na Sgríḃneóirí ’ġá ċuiṁneaṁ conus a ḋéanfaidís breiṫ air agus é ċur ċun báis. 2Aċ duḃradar: Ná deintear é lá na féile, le h-eagla go n-eireóċaḋ aċrann ameasg an ṗobuil.
3Agus ḃí sé i mBetánia, i dtiġ Ṡímóin loḃair, ’n-a ṡuiḋe ċun bíḋ agus ṫáinig bean agus bosca alabastair aici d’ola spícnáird a ḃí ana-ḋaor, agus do ḃris sí an bosca alabastair agus ḋoirt sí an ola ar a ċeann. 4Agus ḃí daoine láiṫreaċ agus ṫainig fearg orṫa, agus duḃradar ’n-a n-aigne féin: Cad ċuige an ḃásta san a ḋéanaṁ ar an ola? 5D’ḟéadfaí an ola san do ḋíol ar níos mó ’ná trí ċéad #14:5 Denarius (nó drachma) a tugtar ar an bpíosa airgid sin. B’é an ṗingin Róṁánaċ é. Feic Mait. 17:23; Lúc. 15:18, na nótaí.píosa airgid agus é ṫaḃairt do sna boċtaiḃ. Agus ḃíodar ag casaoid léi. 6Agus duḃairt Íosa: Leigiḋ di. Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag casaoid léi? Is gníoṁ maiṫ atá déanta aici orm-sa. 7Óir táid na boiċt i nḃúr ḃfoċair agaiḃ i gcóṁnuiġe, agus féadfaiḋ siḃ maiṫ a déanaṁ dóiḃ nuair is áil liḃ; aċ ní’limse i gcóṁnuiġe agaiḃ. 8An níḋ a ḃí aici seo le déanaṁ tá sé déanta aici; tá ola curṫa roim ré aici ar mo ċorp-sa i gcóir aḋlaċta. 9Go deiṁin adeirim liḃ: sé áit ’n-a gcraoḃsgaoilfar an soisgéal so ar fuid an doṁain go léir, neósfar ann, mar ċuiṁneaṁ uirṫi seo, an níḋ atá déanta aici.
10Agus d’imṫiġ Iúdás Iscariót, duine de’n dáréag, ag triall ar uaċtaránaiḃ na sagart, ċun é ḋíol leó. 11Agus nuair airiġeadar é ḃí áṫas orṫa, agus ġealla-dar dó go dtaḃarfaí airgead dó. Agus ḃí sé ag faire ċun caoi ḟáġail ar é ṫaḃairt suas.
12Agus an ċéad lá de laeṫiḃ an aráin gan giost nuair a deintí íḋbirt na Cásga, duḃairt a ḋeisgiobuil leis: Cár ṁaiṫ leat go raġmís agus go ndéanfaimís an Ċáisg d’ollaṁú ḋuit le n-iṫe? 13Agus ċuir sé uaiḋ beirt d’á ḋeisgiobuil agus duḃairt sé leó: Téiġiḋ isteaċ sa ċaṫair, agus casfar oraiḃ fear agus árṫaċ uisge ar a ṁuin aige; leanaiḋ é. 14Agus pé áit ’n-a raġaiḋ sé isteaċ abraiḋ le fear an tiġe, Deir an Máiġistir, Cá ḃfuil an seómra ’n-a n-íosfad an Ċáisg i dteannta mo ḋeisgiobul? 15Agus taisbeánfaiḋ sé daoiḃ seómra mór, agus é curṫa i dtreó, agus déiniḋ ollaṁú ḋúinn ann.
16Agus d’imṫiġ na deisgiobuil agus ṫánadar sa ċaṫair, agus fuaradar mar a duḃairt sé, agus d’ollaṁuiġeadar an Ċáisg.
17Agus nuair a ḃí an traṫnóna ann ṫáinig sé i n-aonḟeaċt leis an dáréag. 18Agus nuair a ḃíodar ’n-a suiḋe agus ag iṫe, duḃairt Íosa: Go deiṁin a deirim liḃ, tá duine agaiḃ-se, atá ag iṫe am ṫeannta, agus díolfaiḋ sé mé. 19Agus ṫáinig ḃuairt orṫa, agus ċromadar ar a ráḋ leis, ’n-a nduine a’s ’n-a nduine: An mise é? 20Agus duḃairt sé leó: Duine de’n dáréag, duine a ċuireaim a láṁ sa n-aon ṁéis liom. 21Is fíor go ḃfuil Mac an Duine ag imṫeaċt, #Salm 40:10; Gníoṁ. 1:16.fé mar atá sgríoḃṫa ’n-a ṫaoḃ; aċ is ró-ṁairg do’n ḟear san tré a ndéanfar Mac an Duine do ṫaḃairt suas. B’ḟearra ḋo’n ḟear san ná tiocfaḋ sé riaṁ ar an saoġal.
22 #
1 Cor. 11:24. Agus an ḟaid a ḃíodar ag iṫe do ṫóg Íosa arán agus ḃeannuiġ sé é, agus ḃris sé é, agus ṫug sé ḋóiḃ é, agus duḃairt sé: Glacaiḋ, iṫiḋ; is é mo ċorp é seo. 23Agus ṫóg sé cailís, agus ġaiḃ sé buiḋeaċas, agus ṫug sé ḋóiḃ í, agus d’óladar go léir aisti. 24Agus duḃairt sé leó: Isí mo ċuid fola, fuil an tiomna nua, í sin, a doirtfar ar son a lán. 25Go deiṁin adeirim liḃ, ná h-ólfad feasda de’n toraḋ so na fíneaṁna go dtí an lá san ’n-a n-ólfad nua é i ríġeaċt Dé.
26Agus tar éis an iomuin do ġaḃáil dóiḃ ċuadar go Cnoc na n-Ola-ċrann.
27Agus duḃairt Íosa leó: Glacfaiḋ siḃ go léir sgannal umam-sa anoċt; óir tá sgríoḃṫa, #Zach. 13:7.Buailfead an t-aoḋaire agus sgaipfar na caoire. 28Aċ tar éis m’aiseiriġe raġad róṁaiḃ go Gaililí. 29Agus duḃairt Peadar leis: Bíoḋ go nglacfaidís go léir sgannal umat, ní ġlacfad-sa. 30Agus duḃairt Íosa leis: Go deiṁin adeirim leat, sa lá so againn, anoċt féin, séanfair mé fó ṫrí sar a nglaoiḋfiḋ an coileaċ an tarna h-uair.#14:30 Ver 30. sar a nglaoiḋfiḋ an coileaċ an tarna h-uair. — Glaoiḋid na coiliġ ḋa uair fé leiṫ san oiḋċe, .i. tímpal uair an ṁeaḋan oiḋċe ar dtúis agus ansan airís tímpal na h-uaire ar a dtugtar “glaoḋ an ċoiliġ.” B’ṡiní an ġlaoḋ ar ar laḃair ár Slánuiġṫeóir: agus d’á ḃríġ sin ní ṫráctaid na soisgéalaiḋṫe eile i n-aon ċor ar an gcéad ġlaoḋ. 31Aċ sin mar ba ḋéine do laḃair seisean: Dá gcaiṫinn dul ċun báis i n-aonḟeaċt leat ní ṡéanfad tú. Agus do laḃradar go léir ar an gcuma gcéadna.
32Agus ṫánadar ċun na h-áite ar a dtugtar Getsémané, agus duḃairt sé le n-a ḋeisgiobuil: Suiḋiḋ anso go ndeinead úrnuiġṫe.
33Agus do rug sé leis Peadar agus Séamus agus Eóin, agus ṫusnuiġ sé ar ḃeiṫ go criṫ-eaglaċ agus go dúḃaċ; 34Agus duḃairt sé leó: Tá ḃrón an ḃáis ar m’anam; fanaiḋ anso agus deiniḋ faire.
35Agus d’imṫiġ sé tamall uaṫa, agus ṫuit sé anuas ar an dtalaṁ, agus ġuiḋ sé go ngeoḃaḋ an uair ṫairis dá mb’ḟéidir é. 36Agus duḃairt sé: Abba, a Aṫair, tá gaċ níḋ ar do ċumas; cuir an ċailís seo i leiṫ taoiḃ uaim; ná deintear áṁṫaċ, an níḋ is toil liom-sa, aċ an níḋ is toil leat-sa. 37Agus ṫáinig sé agus fuair sé ’n-a gcodlaḋ iad. Agus duḃairt sé le Peadar: A Ṡímóin, an ad’ ċodlaḋ ataoí? Nár ḟeadais faire ḋéanaṁ ar feaḋ aon uaire aṁáin? 38Déiniḋ faire agus guiḋe, ionus ná raġaḋ siḃ i gcaṫaíḃ. Tá an spioraid tugṫa, is fíor, aċ tá an ḟeóil lag. 39Agus d’imṫiġ sé airís, agus ḋein sé an guiḋe céadna ins na focalaiḃ céadna. 40Agus ṫáinig sé an tarna h-uair agus fuair sé ’n-a gcodlaḋ iad, (óir do ḃí mairḃitíġe ar a súiliḃ), agus ní ḟeadradar cad é an freagra ṫaḃarfaidís air. 41Agus ṫáinig sé an tríṁaḋ h-uair agus duḃairt sé leó: Deiniḋ codlaḋ anois agus suaiṁneas. Ní beag é: tá an uair tagaiṫe; féaċ, taḃarfar Mac an Duine ar láṁaiḃ na bpeacaċ. 42Eiriġiḋ, téanaíḋ; féaċ, tá i ḃfogus dúinn an fear a ḃraṫfaiḋ mé.
43Le linn na ḃfocal a ráḋ ḋó, ṫáinig Iúdás Iscariót, duine de’n dáréag, agus sluaġ ṁór i n-aonḟeaċt leis, ó uaċtaránaiḃ na sagart agus ó sna Sgríḃneóirí agus ó sna seanóirí, agus ḃí claiḋṁte agus bataí acu. 44Agus ḃí cóṁarṫa taḃarṫa aige-sean dóiḃ, mar duḃairt sé: An t-é go dtaḃarfad-sa póg dó, siné é; beiriḋ air agus tugaiḋ liḃ é go h-aireaċ. 45Agus nuair a ṫáinig sé do ḋein sé air isteaċ agus duḃairt sé: Go mbeannuiġṫear ḋuit, a Ṁáiġistir, agus ṫug sé póg dó. 46Agus ġreamuiġeadar-san a láṁa air, agus ċoimeádadar é. 47Agus ṫaraing duine d’á raiḃ láiṫreaċ claiḋeaṁ, agus ḃuail sé seirḃíseaċ an árdṡagairt agus ḃain ṡé an ċluas de. 48Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé: An dtánaḃair amaċ, agus claiḋṁte agus bataí agaiḃ, ċun beirṫe orm mar a ṫiocfaḋ siḃ cun beirṫe ar ḃiṫeaṁnaċ? 49Ḃíos gaċ lá i nḃúr measg sa teampul, ag teagasg agus níor rugaḃair orm. Aċ is ċun an sgriptiúra do ċóṁlíonaḋ é. 50Ansan d’ḟág a ḋeisgiobuil é agus do ṫeiṫeadar go léir. 51Agus ḃí buaċaill ’ġá leanṁaint n-a raiḃ ball línéadaiġ fan noċta a ċoím air, agus do rugadar air. 52Agus do sgaoil seisean an ball línéadaiġ leó, agus d’imṫiġ sé uaṫa tárnoċt.
53Agus ṫugadar Íosa leó i láṫair an árdṡagairt; agus do ċruinniġ ann na sagairt go léir agus na Sgríḃneóirí agus na seanóirí. 54Agus do lean Peadar é, aḃfad siar, go dtí go raiḃ sé istiġ i halla an árd-ṡagairt, agus ḃí sé ’n-a ṡuiḋe i dteannta na seirḃíseaċ, ċun na teine, ’ġá ṫéiḋ féin.
55Agus ḃí na h-árdṡagairt agus an ċóṁairle go léir ag lorg fínné i gcoinniḃ Íosa, ċun é ḋaoraḋ ċun báis; agus ḃí ag teip orṫa. 56Agus ḃí a lán ag taḃairt fiaḋnaise bréige ’n-a ċoinniḃ, aċ níor réiḋtiġ a ḃfiaḋnaise le n-a ċéile. 57Agus d’eiriġ daoine éigin agus ṫugadar fiaḋnaise bréige ’n-a ċoinniḃ agus duḃradar: 58D’airiġeamair-ne é agus duḃairt sé: #14:58 Aċ is ar ṫeampul a ċuirp do laḃair sé. Feic Eóin 2:9-21.An teampal so a deineaḋ le láṁaiḃ daoine, leagfad-sa é agus i gcionn trí lá cuirfead suas ceann eile, agus ní le láṁaiḃ daoine é. 59Agus níor réiḋtiġ a ḃfiaḋnaise le n-a ċéile. 60Agus d’eiriġ an t-árdṡagart, i lár na h-áite, agus ċuir sé ceist ċun Íosa, agus duḃairt: Ná fuil aon ḟreagra agat le taḃairt ar a ḃfuil acu san ’á ċur ad’ leiṫ? 61Aċ níor laḃair seisean agus níor ṫug sé aon ḟreagra. Agus do ċeistiġ an t-árdṡagart é, agus duḃairt sé: An tusa Críost Mac Dé ḃeannuiġṫe? 62Agus ansan duḃairt Íosa leis: Is mé; agus ċífiḋ siḃ Mac an Duine ’n-a ṡuiḋe ar deasláiṁ cóṁaċta Dé agus ag teaċt i sgamallaiḃ neiṁe. 63Ansan #14:63 Cóṁarṫa buarṫa acu é sin.do strac an t-árdṡagart a ḃrat, agus duḃairt sé: Cad ab aíl linn d’a ṫuille fínniṫe? 64D’airiġeaḃair an diaṁasla: cad a ċítear daoiḃ? Agus duḃradar go léir go raiḃ bás tuillte aige. 65Agus do ċrom cuid acu ar ṡeilí ċaiṫeaṁ air, agus ar a aġaiḋ do ċlúdaċ agus ar é ḃualaḋ le dóirniḃ, agus deiridís: Targair: agus ḃí na seirḃísiġ ’ġá ḃualaḋ le n-a mbasaiḃ.
66Agus ḃí Peadar sa halla ṫíos, agus ṫáinig duine de ċailíníḃ aimsire an árdṡagairt, 67Agus nuair a ċonaic sí Peadar ’ġá ṫéiḋ féin, d’ḟéaċ sí air agus duḃairt sí: Agus do ḃís-se leis i ḃfoċair Íosa Nasareit. 68Agus do ṡéan seisean agus duḃairt: Ní’l fios ná eólus agam ar cad deirir. Agus d’imṫiġ sé amaċ lasmuiġ de’n halla; agus do ġlaoiḋ an coileaċ. 69Agus do ċonaic an cailín airís é, agus duḃairt sí leis an muintir a ḃí ’n-a seasaṁ ann: Is duine acu súd é seo. 70Agus do ṡéan seisean airís. Agus tar éis tamaill ḃig duḃairt an ṁuintir a ḃí ’n-a seasaṁ ann airís, le Peadar: Go deiṁin is duine acu súd tu, mar is Gaililiaċ tu. 71Agus do ċrom seisean ar easgainiḋe agus ar a ḋearḃú: Ní’l aon aiṫne agam ar an nduine sin adeireann siḃ. 72Agus ansan do ġlaoiḋ an coileaċ an tarna h-uair. Agus do ċuiṁniġ Peadar ar an ḃfocal aduḃairt Íosa: Sar a nglaoiḋfiḋ an coileaċ ḋá uair séanfair mé trí h-uaire. Agus ċrom sé ar ġol.
Currently Selected:
Marcus 14: ABNPOLG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.

: