Marcus 5
5
CAIBIDIOL V.
Legión deaṁan ag Críost dá ċur amaċ a duine. An ċailleaṁaint fola aige dá leiġeas. Inġean Iaíruis aige á tógaint ó’n mbás.
1 #
Mait. 8:28; Lúc. 8:26. Agus ṫanadar treasna na faraige go tír na nGerasénaċ. 2Agus nuair a ṫáinig sé amaċ as an luing do ḃuail uime duine agus é ag teaċt as na h-uaġnaiḃ, agus ḃí deaṁan ann, 3Agus ins na h-uaġnaiḃ a ċóṁnuiġeaḋ sé, agus níor ḃ’ḟéidir feasda é ċeangal le slaḃraíḃ féin, 4Óir do ceangalaḋ é go minic le geiṁliḃ agus le slaḃraíḃ, agus do ḃris sé na slaḃraí agus do strac sé na geiṁle as a ċéile, agus ní raiḃ ar ċumas aoinne smaċt a ċur air. 5Agus ḃíoḋ sé i gcóṁnuiḋe, do ló agus d’oiḋċe, ins na h-uaġnaiḃ agus ins na cnocaiḃ, ag liúiriġ agus ’ġá ġearraḋ féin le cloċaiḃ. 6Agus nuair a ċonaic sé Íosa aḃfad uaiḋ do riṫ sé ċuige agus do ṡléaċt sé ḋó. 7Agus do liúiġ sé do ġuṫ árd agus duḃairt: Cad é an ċuid atá agat díom-sa, a Íosa, a Ṁic Dé is aoirde? Iarraim ort i n-ainim Dé gan mé ṗianaḋ. 8Óir duḃairt sé leis: Imṫiġ amaċ as an nduine, a spioraid ṡailiġ. 9Ansan do ċeisdiġ sé é: Cad is ainim duit? Agus duḃairt seisean: #5:9 .i. sluaġ ṁór. Feic Mait. 26:53, an nóta.Legión is ainim dom, óir is líonṁar sinn. 10Agus ḃí sé ’ġá iarraiḋ go cruaiḋ air gan é ċur as an áit amaċ. 11Ḃí tréad mór muc ann agus iad ag inníor tímpal an ċnuic. 12Agus d’iarr na deaṁain aċainíġe air, agus duḃradar: Cuir ins na mucaiḃ sinn go raiġmíd isteaċ ionta. 13Agus ṫug Íosa an aċainíġe ḋóiḃ láiṫreaċ. Agus d’imṫig na deaṁain ṡalaċa amaċ agus ċuadar isteaċ ins na mucaiḃ, agus do ġluais na muca, suas le ḋ’á ṁíle acu, i ndiaiḋ ṁullaċ a gcinn, isteaċ sa ḃfaraige agus do báṫaḋ iad sa ḃfaraige. 14Agus na daoine a ḃí ’ġa n-aoḋaireaċt do riṫeadar agus d’innseadar sa ḃaile agus ar fuid na tíre é. Agus ṫáinig na daoine amaċ féaċaint cad a ṫarla. 15Agus ṫánadar ag triall ar Íosa agus ċonacadar an fear go mbíoḋ an deaṁan ’ġa ṁilleaḋ, ’n-a ṡuiḋe agus a ċuid éadaiġ uime agus é ’n-a lán-ṁeaḃair, agus ṫáinig eagal orṫa. 16Agus d’innis an ṁuintir a ċonaic é ḋóiḃ cad a ṫarla do ’n ḟear go raiḃ an deaṁan ann, agus i dtaoḃ na muc. 17Agus ċromadar ar ṫaṫant air go n-imṫeóċaḋ sé as a dtír.
18Agus nuair a ḃí sé ag dul ar bórd na luinge do ċrom an fear, go raiḃ an deaṁan ’ġa ċráḋ, ar a iarraiḋ go leigfí leis é. 19Aċ níor leig sé leis é, aċ duḃairt leis: Imṫiġ ċun do ṫiġe agus ċun do daoine, agus innis dóiḃ ar ḋein an Tiġearna ḋuit agus an trócaire a ḋein sé ort. 20Agus d’imṫiġ sé agus ċrom sé ar a innsint i nDecapolis cad iad na neiṫe móra a ḋein Íosa ḋó, agus ḃí iongna orṫa go léir.
21Agus nuair a ṫainig Íosa ṫar uisge airís, sa luing, do ḃailiġ pobul mór ċuige, agus é ar bruaċ na faraige. 22#Mait. 9:18; Lúc. 8:41.Agus ṫáinig duine d’uaċtaránaiḃ na sinagóige, dár ḃ’ ainim Iaírus, agus nuair a ċonaic sé é do ċaiṫ sé é féin ag á ċosaiḃ, 23Agus d’iarr sé aċainíġe air, agus duḃairt: Tá m’inġean ag dul ċun báis; tar agus cuir do láṁ uirṫi ionas go leiġisfí í agus go mairfeaḋ sí. 24Agus d’imṫiġ sé ‘n-a ṫeannta, agus ċuaiḋ mórán daoine i n-aonḟeaċt leis, agus ḃíodar ag brúṫ air.
25Agus ḃí bean ann go raiḃ a cuid fola ag imṫeaċt uaiṫi ar feaḋ ḋá ḃliain déag, 26Agus ḃí mórán fuilingṫe aici ó iomad doċtúirí, agus ḃí a raiḃ an tsaoġal aici caiṫte aici leó, agus ní raiḃ aon ḟeaḃus uirṫi, aċ í ag dul i n-olcas; 27Nuair airiġ sí i dtaoḃ Íosa ṫáinig sí ameasg na ndaoine lastiar dé, agus ċuir sí a láṁ ar a éadaċ; 28Óir duḃairt sí: Mura ndeinead aċ fiú baint le n-a ḃrat beiḋ mé slán. 29Agus do ṫriomuiġ sruṫ a cod’ fola an neómat san, agus d’aiṫin sí ar a colainn go raiḃ sí leiġiste ó’n ngearán. 30Agus láiṫreaċ do ṫuig Íosa, ann féin, an ċóṁaċt san do ḋul amaċ uaiḋ, agus d’iompuiġ sé ċun na ndaoine, agus duḃairt sé: Cé ṫeangḃuiġ le m’ċuid éadaiġ? 31Agus duḃairt a ḋeisgiobuil leis: Ċíonn tú na daoine ag brúṫ ort, agus deirir: Cé ṫeangḃuiġ liom? 32Agus d’ḟéaċ sé ’n-a ṫímpal go ḃfeicfeaḋ sé an ḃean a ḋein é. 33Agus ṫáinig criṫ-eagla ar an mnaoi, mar ḃí ’ḟios aici cad a ṫárla, agus ṫáinig sí agus do ṡléaċt sí ḋó, agus d’innis sí ḋó iomláine na fírinne. 34Agus duḃairt seisean léi: A ’nġean ó, do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫú. Imṫiġ i síoṫċáin, agus bí slán ó’n ngearán.
35Le línn na ḃfocal san a ráḋ ḋó, ṫáiníg cuid de ṁuintir uaċtaráin na sinagóige, agus duḃradar: Tá t’inġean tar éis ḃáis. Cad ab áil leat ag cur a ṫuille trioblóide ar an Máiġistir? 36Agus d’airiġ Íosa an focal san agus duḃairt sé le h-uaċtarán na sinagóige: Ná bíoḋ eagal ort, aċ aṁáin creid. 37Agus níor leis sé d’aoinne dul leis aċ Peadar agus Séamus agus Eóin driṫáir Séamuis. 38Agus ṫánadar isteaċ i dtiġ uaċtaráin na sinagóige, agus ċonaic sé an ḃuairt agus an t-árd-ġol agus an lógóireaċt go léir. 39Agus nuair a ċuaiḋ sé isteaċ duḃairt sé leó: Cad ċuige an ḃuairt agus an gol? Ní marḃ atá an cailín, aċ ’n-a codlaḋ. 40Agus do ġáireadar uime. Aċ do ċuir sé iad go léir amaċ, agus ṫóg sé leis aṫair agus máṫair an ċailín, agus an ṁuintir a ḃí le n-a ċois féin, agus ċuaiḋ sé isteaċ mar a raiḃ an cailín ’n-a luiġe. 41Agus do rug sé ar láiṁ ar an gcailín agus duḃairt sé léi: Talita cúmí, ’sé sin, ar ṁíniú, Eiriġ, (adeirim leat) a ċailín. 42Agus d’eiriġ an cailín ’n-a suiḋe láiṫreaċ agus ṡiúḃluiġ sí, (ḃí sí ḋá ḃliain déag) agus ṫainig uaṫḃás ana-ṁór orṫa. 43Agus d’órduiġ sé ḋóiḃ go dian gan a ḟios a ḃeiṫ ag aoinne, agus duḃairt sé rud le n-iṫe ṫaḃairt di.
Currently Selected:
Marcus 5: ABNPOLG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.

: