Gníoṁarṫa 7
7
Caibidil VII
Freagra ḋíaġa Steṗain, ag foillsiuġaḋ bríġ an dlíġe; 59 agus aris a ḃás féin áindliġeaċ.
1Ann sin a duḃairt an tárdsagárt, An ḃfuilid na neiṫese mar so? 2Agus a duḃairt seision,
A ḃraiṫreaċa, agus a aiṫreaċa, éisdiġ; Dfoillsiġ Día na glóire é féin dar naṫair Abraham, an tan do ḃí sé sa Mésopotámia, suil do ċóṁnuiḋ sé a Gcárran, 3Agus a duḃairt sé ris, Fág do ṫír féin, agus do ċineaḋ, agus tárr don tír ḟoillseaċus misi ḋuit. 4Dimṫiġ sé ann sin as talaṁ na Gcaldéanaċ, agus do ċoṁnuiġ sé a Gcárran: Agus as sin, tar éis ḃáis a aṫar, dárrṫuiġ sé é don talaṁsa, ann a ḃfuiltíse a nois ḃur gcóṁnuiḋe. 5Agus ní ṫug sé oíġreaċd ḋó ann, go fíu leiṫead troiġṫe: bíoḋ gur ġeall sé a ṫaḃairt mar ṡeilḃ ḋó féin, agus dá ṡíol na ḋíaiġ, gé báċ raiḃ clann fós aige.
6Aċd do laḃair Día mar so, Bíaiḋ do ṡíolsa na náitreaḃaiḋ a dtír ċoiṁiġṫe; mar a ccoineóċar íad fá ḋáoirse, agus fá leaṫtrom ceiṫre ċéud blíaḋan. 7Aċd do ḋéuna misi breiṫeaṁnus ar an gcineaḋ aga mbíaiḋ síad fá ḋáoirse, do ráiḋ Día: agus ná ḋíaiġ sin raċaid síad amaċ, agus do ḋéunuid seirḃís ḋaṁsa sa nionadsa. 8Tug sé ḋó mar an gcéadna connraḋ an timċillġearraḋ: agus is mar sin do ġin Abraham Isaac, agus do ṫimċillġearr sé é an toċdṁáḋ lá; agus do ġein Isaac Iácob; agus Iácob an dá ṗátriárc ḋéug. 9Agus ar ngaḃáil ṫnúiḋ, do na patriarcuiḃ, do reacadar Ióseṗ don Eigipt: agus do ḃí Día maille ris, 10Agus do réiḋiġ sé é ó nuile ṫrioblóid, agus tug sé grása agus eagna ḋó a ḃfíaḋnuise Ṗárao rí na Héigipte; noċ do rinne úaċdarán de ar a Néigipt agus ar a ṫiġ féin uile. 11Agus táinig gorta go tír na Héigipte agus Ċánaan uile, agus aṁgur ṁór: ionnus náċ ḃfúaradar ar naiṫreaċa beaṫa. 12Agus ar na ċlós do Iácob go raiḃ arḃar sa Néigipt, do ċuir sé ar naiṫreaċa ar tús innte. 13Agus an dara húair daiṫneadar a ḋearḃraiṫreaċa Ióseṗ; agus do foillsiġeaḋ do Ṗárao cineaḋ Ióseṗ. 14Agus do ċuir Ióseṗ, fios air Iácob a aṫair, agus ar a luċd gáoil uile, cúiganmanna déug agus trí fiċid. 15Agus do ċuáiḋ Iácob síos don Eigipt, agus fuair sé féin, agus ar naiṫreaċa bás, 16Agus do haṫruiġeaḋ íad go Síċem, agus do ċuireaḋ íad ann sa túama do ċeannaiḋ Abraham ar a lúaċ airgid ó ċloinn Emmor Aṫair Síċeim. 17Agus ar ndrud aimsire na geallaṁna tug Día Ḋábraham maille ré mionnaiḃ, dfás an póbal go híomaduil sa Néigipt, 18Nó gur éiriġe rí eile súas, ag naċ raiḃ aiṫne air Ióseṗ. 19Do ṁeall an fearso ar ccineaḋne, agus tug sé droċḋíol air ar naiṫreaċuiḃ, a ccrúṫ go dtug sé orrṫa a gclann óg do ṫeilgean amaċ, ionnus náċ ḃfasaidís.
20Fá a namsin rugaḋ Máoise, agus do ḃí sé taitneaṁaċ ag Día, agus do hoileaḋ é feaḋ ṫrí míos a dtiġ a aṫar: 21Agus ar mbeiṫ ḋó ar na ṫeilgean amaċ, do ṫóg inġean Ṗáraó ría é, agus do oil si é mar ṁac ḋi féin. 22Agus do ḃí Máoise foġlomṫa a nuile éagna na Négipteaċ, agus do ḃí sé cúṁaċdaċ a mbríaṫruiḃ agus a ngníoṁarṫuiḃ. 23Agus ar gcoiṁlíonaḋ aimsire a ḋá ḟiċead blíaḋan dó, táinic ann a ċróiḋe dul dféuċain a ḋearḃráiṫreaċ féin ċloinne Israél. 24Agus ar ḃfaicsin duine áiriġe ag fulang éugcóra, do ċosain sé é, agus ar mbúalaḋ a Néigiptaiġ ḋó, do rinne sé dioġaltas air son an tí ar a ndearnaḋ a néugcóir: 25Oír do ṁéas sé go dtuigfidís a ḋearḃráiṫreaċa go dtiuḃraḋ Día fúasglaḋ tré na láiṁsion dóiḃ: giḋeaḋ níor ṫuid siadsan sin. 26Agus an lá na ḋíaiġ sin ar mbeiṫ ḋóiḃ ag coṁrac do ṫaisbéin sé é féin dóiḃ, agus do ḃí sé déanaṁ síoṫċana eatorra, ag ráḋ, A ḋáoine, as dearḃraiṫreaċa da ċéile siḃ; créud fá ndéuntáoi éugcóir ar a ċéile? 27Aċd do ċuir an té do rinne a néugcóir ar a ċóṁarsuin úaḋ é, ag ráḋ, cía rinne úaċdarán agus breíṫeaṁ ḋíotsa ós ar gcoinne? 28An mían riot misi do ṁarḃaḋ, mar do ṁarḃ tú an Tégiptaċ a né? 29Do ṫeiṫ Máoisi ann sin ris an ḃfocal sin, agus do ḃí sé na ḋeóraiḋ a dtalaṁ Ṁádian, sa nionad ann a rugaḋ días mac ḋó. 30Agus ar gcríoċnuġaḋ ḋá ḟiċead ḃlíaḋan, do taiḃreaḋ ḋó a ḃfásaċ ṡléiḃe Sína aingeal an Tiġearna a lasair ṫeineaḋ a ndos. 31Agus ar ná ḟaicsin do Ṁáoise, do ġaḃ iongnaḋ fan táiḃse é: agus ar dteaċd dó ḋá ḃréaṫnuġaḋ, táinic gúṫ an Tiġearna ċúige, 32As misi Día haiṫreaċ, Día Abraham, agus Día Isaac, agus Día Iácob. Agus ar mbeiṫ do Ṁáoise ar criṫ, níor laṁ sé aire do ṫaḃairt dó. 33Aċd a duḃairt an Tiġearna ris. Sgáoil do ḃróga dod ċósaiḃ: oír is talaṁ náoṁṫa an tionad ann a ḃfuill tú ad ṡeasaṁ. 34Tug mé dom aire, go frioċnaṁaċ, áṁgar mó ṗóbail nóċ atá sa Néigipt, agus do ċúalaiḋ mé a nósnaḋaċ, agus do ṫuirrling mé dá ḃfúasgailt. Agus a nois tárrsa a leiṫ, cuirfe me don Eigipt ṫú. 35An Máoise só do ḋíultadar, ag ráḋ, Cía rinne úaċdarán agus bréiṫeaṁ ḋíotsa? do ċuir Día é mar úaċdarán agus mar ḟear sáorṫa a láiṁ a naingil, do taiḃreaḋ ḋó sa dos. 36Tug sé so amaċ íad, ar ndéunaṁ miorḃuileaḋ agus coṁarṫaḋ a dtalaṁ na Héigipte, agus ann sa muir Rúaiḋ, agus ann sa ḃfásaċ ḋá ḟiċead blíaḋain.
37A sé so an Máoise úd, noċ a duḃairt ré cloinn Israél, Tóigéuḃaiḋ Día ḃur Dtiġearna fáiḋ súas dáoiḃ da ḃur ndearḃraiṫriḃ, mar misi; éisdfiṡ siḃ ris. 38Sé so an té do ḃí sa gcóiṁṫionól ar an ḃfásaċ a ḃfoċair a naingil do laḃair ris ar ṡlíaḃ Sína, agus ré ar naiṫriḃne: noċ do ġlac mar an gcéudna briaṫra na beaṫa ċum a dtaḃarṫa ḋúinne: 39Dá nár ḃáill ré ar naiṫríḃne úṁlaċd do ṫaḃairt, aċd do ḋíultadar é, agus dfilleadar ann a gcróiḋṫiḃ tar a nais don Eigipt, 40Ag ráḋ ré Háaron, Déuna ḋúinn dée do raċa roṁuinn: oír ní ḃfuil a ḟios aguinn, créud do éiriġ don Ṁáoisese, noċ do ṫreóraiḋ sinn as talaṁ na Héigipte. 41Agus da rinneadar láoġ ann sna laéṫiḃsin, agus do ḟoráileadar íoḋbairt don íoḋail, agus do rinneadar gáirdeaċus as oibriġṫiḃ a láṁ féin. 42Agus dfill Día, agus tug sé íad do ḋéanaṁ seirḃíse do ṡlúaġ neiṁe, do reir mar atá sgríoḃṫa a leaḃar na ḃfáiġeaḋ, A ṫiġ Israél, nar ḟoraileaḃair ḋaṁsa beaṫaiḋ ṁarḃa agus ioḋbarṫa ar féaḋ ḋá ḟiċead blíaḋan ar an ḃfásaċ? 43Aċd, do ġlacaḃair tábernacel Ṁóloċ, agus réult ḃur Ndía féin Remṗan, fíoġraċa noċ do rinneaḃair ċum a naḋra: ar a naḋḃarsin áṫróċa mé siḃ don táoḃ a nunn don Ḃábilóin. 44Do ḃí tábernacel na fíaḋnuise ag ar naiṫriḃne ar an ḃfásaċ, do réir mar daiṫin, an té laḃair ré Máoisi, a ḋéunaṁ do réir na heisiomplara do ċunnairc sé. 45Noċ do ġlacadar ar naiṫrene agus tugadar leó maille ré Híosa go seilḃ na Gcíneaḋaċ, noċ do ṫeilg Día amaċ as aṁarc ar naiṫreaċ, go laéṫiḃ Ḋáiḃi: 46Noċ fuair grása a ḃfíaḋnuise Dé, agus do ṡir tabernacel dfaġáil do Ḋía Iácob. 47Giḋeaḋ a sé Solaṁ do ṫóg tiġ ḋó.
48Aċd fós ní a dteampluiḃ laiṁḋéanta atá an tí as Airde na ċoṁnuide; do réir mar a deir an fáiḋ, 49Sé neaṁ mo ċaṫaóir, agus an talaṁ sdól mo ċos: créd é an tiġ ṫóigéuḃus siḃ ḋaṁ? a deir an Tiġearna: nó créud é mionad cóṁnuiġe? 50A né naċ í mó láṁ do rinne na neiṫesi uile?
51A ḋáoine cruáiḋṁuineulaċa agus neaṁṫimċeallġearrṫa a gcróiḋe agus a gclúasáiḃ, atáṫáoi ag seasaṁ ríaṁ a naġaiḋ an Spiorad Náoiṁ: aṁuil do rinneadar ḃur naiṫreaċa, as mar sin do niṫíse. 52Cía do na fáiḋiḃ nar ḋíḃreadar ḃur náiṫreaċa? agus do ṁarḃadar an dream do réuṁḟoillsiġ teaċd an Táon Firéin úd; agá raḃaḃairse a nois ḃur luċd braṫa agus dúnṁarḃṫa: 53As do ġlacaḃair an reaċd tré ṁiniosdrálaċd na naingeal, agus níor ċoiṁéudaḃair é.
54Agus ar na gclós só ḋóiḃsion, do goinaḋ ann a gcróiḋṫiḃ íad, agus do ḃádar ag cognaṁ a ḃfiacal na aġaiḋ. 55Aċd ar mbéiṫ do Steaṗán lán don Spíorad Náoṁ, agus ar ḃféaċain dó go gér ar neaṁ, do ċunnairc sé glóir Dé, agus Iósa na ṡeasaṁ ar láiṁ ḋeis Dé, 56Agus a duḃairt sé, Féuċ, do ċím neaṁ osguilte, agus Mac an duine na ṡeasaṁ ar láiṁ ḋeis Dé. 57Do ġáireadarsan annsin do ġúṫ ṁór, agus do stopádar a gclúasa, agus do ṡaiṫeadar déuntoil airsion, 58Agus ar na ṫeilgean amaċ as an gcaṫraiġ ḋóiḃ, do ġaḃadar do ċloċaiḃ air: agus do ċuireadar na fiaḋnuisiġe a néuduiġe síos ag cosaiḃ ógánaiḋ áiriġe, dar ḃainm Saul. 59Agus do ġaḃadar do ċloċuiḃ air Steaṗán, as é ag guiḋe, agus ag ráḋ, A Ṫiġearna Iósa, gáḃ mo spiorad ċugad. 60Agus ar na léigean féin ar a ġlúiniḃ ḋó, do éiġ sé do ġúṫ ṁór, A Ṫiġearna, na cuir an peacaḋsa na leiṫ. Agus ar na ráḋ so ḋó do ċodail sé.
Currently Selected:
Gníoṁarṫa 7: BedellG
Highlight
Share
Copy
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapistaging.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fen.png&w=128&q=75)
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: