Gníoṁarṫa 8
8
Caibidil VIII
Sául ag brúġaḋ na heagluisi, 13 do baisdeaḋ Síomon a draói, 27 agus séomradóir Ċandace, ré Ṗilib.
1Agus dáontaiġ Saul ċum a ḃásaiġe. Agus déiriġ sa ló sin gérleanṁuin ṁór a naġaiḋ na heagluise a Níarusalém; agus do ḃádar uile ar na sgaraḋ feaḋ réigion ṫíre Iúdaiġe agus na Samária, aċd aṁáin na habsdail. 2Agus do ṫógḃadar dáoine cráiḃṫeaċ Steaṗán ríu, agus do ċáoineadar go mór é. 3Aċd do ḃí Saul, ag sgrios na heagluise, ag dul a steaċ ann gaċ éintiġ, agus ag tarraing amaċ fear agus ban, do ċuireaḋ sé a bpriosún íad.
4Uime sin an dream do ḃí ar na sgaraḋ dimiġeadar timċeall ag seanmóruġ na bréiṫre. 5Agus ar dteaċd do Ṗilib go caṫair na Samária, do ṡeanmóir sé Críosd ḋóiḃ. 6Agus tugadar an póbal déantoil aire do na neiṫiḃ do laḃair Ṗilib, ag éisdeaċd agus ag féuċain na gcóṁarṫaḋ do rinne sé. 7Oír do ċúadar spíorada neaṁġlana, amaċ as mórán ann a raḃadar, ag éiṁġe do ġúṫ ṁór: agus do slánuġaḋ mórán do luċd paireilíse, agus do ḃacaċaiḃ. 8Agus do ḃi gáirdeaċus mór sa gcaṫraiġsin.
9Agus do ḃi roiṁe sin sa gcaṫraiġ, duinne áiriġe dar ḃainm Síomon, do ḃí na ḋraói, agus do ṁeall sé pobal na Samária, ag ráḋ, Gur ḋuine mór éigin é féin: 10Tugadar uile aire ḋó, ón mbeag gus an mór, ag ráḋ, A sé so mórċuṁaċda Dé. 11Agus tugadar a naire ḋó, do ḃríġ gur ṁeall sé íad aimsir ḟáda lé na ḋraóiḋeaċd. 12Aċd a nuáir do ċreideadar do Ṗilib ag soisgéuluġaḋ na neiṫeann ḃeanus ré rioġaċd Dé, ague ré hainm Iósa Críosd, do ḃaisdeaḋ íad, eidir ḟeara agus ṁná. 13Agus do ċreid Síomón féin mar an gcéudna: agus ar na ḃaisdeaḋ, do ċóṁnuiġ sé a ḃfoċair Ṗilib, Agus ar ḃfaicsin dó na gcoṁarṫaḋ agus na miorḃuileaḋ móra ḋá ndéunaṁ, do ġaḃ úaṫḃás é.
14Agus ar gclos do na habsdalaiḃ do ḃí a Níarusalém gur ġaḃ Samaria re bríaṫar Dé, do ċuireadar ċuca Peadar agus Eóin: 15Agus ar ndul síos dóiḃ, do ġuiḋeadar ar a son, do ċum go ngéuḃaidis ċuca an Spiorad Náoṁ: 16(Oír níor ṫuirrling sé fós ar éinneaċ aca: aċd aṁáin do baisdeaḋ íad a nainm an Tiġearna Iósa.) 17Ann sin do ċuireadar láṁa orrṫa, agus do ġaḃadar an Spiorad Naoṁ ċuca.
18Agus ar na ḟaicsin do Ṡíomón go raiḃ an Spiorad Náoṁ ar na ṫaḃairt tré láṁuiḃ na nabsdal do ċur orṫa, do ṫairg sé airgead dóiḃ. 19Ag ráḋ, Taḃraiḋ ḋaṁsa mar an gcéudna na cuṁaċdasa, go ḃfuiġe gaċ neaċ ar a gcuirfe mé láṁa, an Spiorad Náoṁ. 20Aċd a duḃairt Peadat ris, Go dtéiġe do ċuid áirgid a múġa maille riot féin, do ḃriġ go measann tú go ḃfaġṫar tíoḋlaícaḋ Dé ar airgead. 21Ní ḃfuil cuíd ná cumann agad ann sa miniosdrálaċdsa: oír ní ḃfuil do ċroiḋe díreaċ a ḃfíaḋnuise Dé. 22Uime sin déuna aiṫriġe ar son a nuilcse, agus íarr ar Ḋía, más éidir smuáineaḋ do ċroiḋe do ṁaiṫeaṁ ḋuit. 23Oír do ċím go ḃfuil tú a ndomlus an tsearḃuis, agus a ndaigean na héugcóra. 24Agus ar ḃfreagra do Ṡíomón, a duḃairt sé, Guiḋiġse an Tiġearna ar mo ṡon, gan ní ar biṫ do na neitiḃse a duḃraḃair do ṫeagṁail daṁ.
25Uime sin, ar ndéunaṁ fíaḋnuise ḋóiḃsion, agus ar laḃairt ḃréiṫre Dé, dfilleadar go Híarusalém, agus do ṡeanmóraiġeadar an soisgéul a mórán do ḃailtiḃ na Samáritaneaċ.
26Agus do laḃair aingeal an Tiġearna ré Ṗilib, ag ráḋ, Eírġe, agus imṫiġ don taoiḃ ó ḋeas, an tsliġe síos ó Ierusalém go Gása, noċ atá na ḟásaċ. 27Agua ar néirġe ḋósan dimṫiġ sé roiṁe: Agus, féuċ, cailltéanaċ áiriġṫe ó Etíopia, duine cúṁaċdaċ ré Candáce bainríoġan na Heitíopia, noċ do ḃí ós cionn a hionnṁusa uile, táinic sé go Hiarusalém daḋraḋ Dé, 28Agus dfill sé tar a ais, agus ag súiḋe ḋó ann a ċarbad, do léiġ sé Esaías fáiḋ.
29Agus a duḃairt an Spiorad ré Ṗilib, Druid a ḃfogus, agus cuir ṫú féin a naice an ċarbaid úd. 30Agus do riṫ Ṗilib, agus do ċúalaiḋ sé é ag léuġaḋ a nfíaḋ Esaías, agus a duḃairt sé, An dtuigeann tú na neiṫe léiġeas tú? 31Agus a duḃairt seision, Cionnus is éidir leam, muna raiḃ éolaiġe éigin agam? Agus diarr sé ar Ṗilib teaċd a nsios, agus suiḋe na ḟoċair. 32Agus a sé so an mball don sgríobtúir do léiġ sé, Mar ċáoiriḋ do rugaḋ ċum báis é; agus aṁail uáin na ṫoċd a ḃfíaḋnuise a nfir lomarṫa, is mar sin nár osgail sé a ḃéul: 33Ann a úṁlaċd do hárduiġeaḋ a ḃréiṫeaṁnus: Agus cía ḟoillséoċas a ġeinealaċ? óir tógṫar a ḃeaṫa don talaṁ. 34Agus ag freagra air Ṗilib, a duḃairt an cailltéanaċ, Iarruim daṫċuinge ort, Cía ré a nabair an fáiḋ so? an leis féin, nó lé neaċ eigin eile?
35Ann sin ar nosglaḋ a ḃéil do Ṗilib, agus ag tosúġaḋ ón sgriobtúrsa, do ṡeanmóir se Iósa ḋó. 36Agus ar mbeiṫ ḋóiḃ ag imṫeaċd sa tsliġe, tangadar ċum uisge áiriġe: agus a duḃairt an cailltéanaċ, Féuċ, an tuisge; créud ṫoirmisgeas mise ḃaisdeaḋ? 37Agus a duḃairt Ṗilib, Má ċreideann tú go hiomlán ó ċroiḋe, is éidir leaċd. Ar ḃfreagra ḋósan ann sin a duḃairt sé, Creidim gur ab é Iósa Críosd Mac Dé. 38Daiṫin sé an carbad ann sin do ċongṁáil na ċoṁnuiġe: agús do ċúadar aráon síos sa nuisge, Ṗilib agus an cailltéanaċ a naóineaċd; agus do ḃaisd sé é. 39Agus ar dteaċd a nsíos as a nuisge ḋóiḃ, dfúadaiġ Spiorad an Tiġearna Ṗilib leis, agus ó sin amaċ ní ḟacaiḋ an cailltéanaċ é: agus dimṫiġ sé roiṁe a ngáirdeaċus. 40Aċd fríṫ Ṗilib a Nasótus: agus ag dul tríd an dtír ḋó do rinne sé an soisgéul do ṡeanmóruġaḋ do na huile ċaiṫreaċaiḃ, go teaċd ḋó go Seasáréa.
Currently Selected:
Gníoṁarṫa 8: BedellG
Highlight
Share
Copy
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapistaging.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fen.png&w=128&q=75)
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.