Exodus 11
11
Caibidil XI.
Do ḃagair Máoise ó Ḋía, an deaċṁaḋ pláiġ ar Ṗárao.
1Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Do ḃéara mé fós éanṗláiġ aṁáin eile ar Ṗárao agus ar a Négipt: na diaiġ sin leigfiḋ sé ḋíḃ imṫeaċd as so; a nuáir léigfiḋ sé ḋíḃ imṫeaċd: dingfiḋ sé go deiṁin as so amaċ go hiomlán siḃ.
2Láḃair a nois a néisdeaċd an ṗobail, agus faġaḋ gaċ éanduine áirleagaḋ ó na ċoṁarsuin, agus gaċ áonḃean ó na coṁarsuin seóid airgid, agus seóid óir.
3Agus tug an TIĠEARNA faḃar don ṗobal a raḋarc na Négipteaċ. Os a ċionn sin do ḃí an tóglaċ Maóise, ro ṁór a ccríċ na Hégipte, a raḋarc ṁuinntire Ṗárao, agus a suiliḃ an ṗobuil.
4Agus a duḃairt Maóise, Is mar so a deir an TIĠEARNA, Timċioll ṁeaḋón oiḋċe, raċa mé amaċ a lár na Hégipte:
5Agus do ġeḃa céidġin gaċ áonduine ar feaḋ na Hégipte bás, ó ċéidġin Ṗárao noċ ṡuiḋeas ann a ċaṫaoir ríoġa, go céidġin an ċailín tserḃíse atá ar ċúl an ṁuilinn; agus ceidġin a nuile ḃeaṫaċ.
6Agus béid coṁairc ar feaḋ ċríċe na Hégipte uile, is naċ raiḃ a leiṫid, agus naċ bía a leiṫid ní si ṁó go bráṫ.
7Aċ ní ċorróċuiḋ madraḋ a ṫeangaḋ a naġuiḋ éanduine do ċloinn Israel, a naġuiḋ duine nó beaṫuiġ: ar ċor go mbía a ḟios aguiḃ cionnus ċuírios Día idirḋealaḋ idir na Hégiptiḃ agus Israel.
8Agus íad so do ṡerḃísiġse uile, tiucfaid siad síos ċugamsa, agus cláonfuid íad féin síos daṁsa, ḋa ráḋ, Eiriġ amaċ, agus a nuile ṗobal leanas tú: agus na ḋiaiġ sin raċa misi amáċ. Agus do ċuáiḋ sé amaċ ó Ṗárao air lasaḋ re feirg.
9Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Máoise, Ni éistfiḋ Ṗárao riotsa; iondus go meideoċṫaoi mo iongantasa a ccríċ na Hégipte.
10Agus do rinne Maóisi, agus Aáron na hionganta so uile a laṫair Ṗárao: agus do ċrúaḋuiġ an TIĠEARNA croiḋe Ṗarao, ionnus nar léig do ċloinn Israel imṫeaċd amaċ as a ḋúṫaiḋ.
Currently Selected:
Exodus 11: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.