Exodus 14
14
Caibidil XIV.
Báṫaḋ na Néigipteaċ, ag gérleanṁuin Israel.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, ag raḋ,
2Laḃair lé cloinn Israel, go bḟfillid agus go ndéarnaid campa as coinne Ṗihahirot, eidir Migdol agus a nfairge, ṫall ar aġuiḋ Baal-seṗon; as a ċoinne do ḋéantáoi campa láiṁ ris a nfairge.
3Oír a déara Ṗárao a ttaoḃ ċloinne Israel, Atáid síad air seaċrann san tír, do íaḋ an fásaċ na ttimċíoll:
4Agus cruáiḋeoċa misi croiḋe Ṗárao, ionnus go leanfuiḋ sé iad, agus do ġeaḃadsa glóir a dtimċioll Ṗárao, agus a ṡloiġ uile; ċor go mbía a ḟios ag na Hégiptiḃ gur mé an TIĠEARNA. Agus do rinneadar sin.
5Agus do hinnseaḋ do ríġ na Hégipte gur ṫeiṫeadur an pobal: agus do cláoċlóiḋeaḋ croiḋe Ṗarao agus a ṁuinntire a naġuiḋ an ṗobuil, agus a duḃradar, Créad fá ndearnamar so? as ar léigeamar Israel dimṫeaċd as ar serḃis?
6Agus do réiġiḋ sesion a ċarbad, agus rug a ṁuíntir leis:
7Agus rug leis sé ċéad carbad tóġṫa, agus carbuid na Hégipte uile agus ceann feaḋua os cionn gaċ éanċoda ḋíoḃ.
8Agus do ċruáiḋiġ an TIĠEARNA croiḋe Ṗárao ríġ na Hégipte, agus do ġluais sé a ndiáiġ ċloinne Israel: agus do ċúadar clanna Israel amaċ lé láiṁ áird.
9Aċd do leanadar na Hégiptiġ ná ndiáiġ (eiċ agus carbaid Ṗárao, agus a ṁarcṡlúaġ agus a ṡlúaġ uile) agus rugadar orra a ccampa ċois na fairge, ré táoḃ Pihahirot, as coinne Baal-seṗon.
10Agus a nuair ṫáinic Ṗárao láiṁ ríu, do ṫógḃadar clann Israel a suile súas, agus féuċ, do ṡineadur ua Hégiptiġ na ndiáiġ, agus do ḃádursan lan deagla: agus do éiṁġeadur clann Israel ar anTTIĠEARNA.
11Agus a duḃradur re Maóise, Do ċionn naċ raḃadar uaiġe sa Négipt, ṫug tú leaċd sinn dfaġáil ḃáis san ḃfásaċ? Cread fá ndearna tú marso rinn, ar ttaḃairt amaċ as a Négipt?
12Naċ é so an focal do innseamar ḋuit sa Négipt, ag ráḋ, Léig ḋuinn serḃís a ḋéanaṁ do na Hégiptiḃ? Oir do bfearr ḋúinne serḃís do ḋéanaṁ do na Hégiptiḃ, ná bás dfaġáil san ḃfasċ.
13Agus a duḃairt Maóise ris an bpobal, Ná bíoḋ eagla oruiḃ, fanuiḋ ḃur seasaṁ, agus féuċuiḋ tárṫáil an TIĠEARNA, noċ ṫaisbéanfás sé ḋíḃ a niuġ; óir na Hégiptiġ do ċoncaḃair a niuġ, ní ḟaicfiḋe íad a rís go bráṫ.
14Troidfiḋ an TIĠEARNA ar ḃur son, agus beiṫíse ḃur dtoċt.
15Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Cread fa néiṁġeann tú orumsa? abuir ré cloinn Israel dul ar a naġuiḋ:
16Aċd tógsa súas do ṡlat, agus sín amaċ do láṁ ós cionn na fairge, agus roinn í: agus imeoċuid clann Israel ar talaṁ tirim tré lár na fairge.
17Agus féuċ, crúaiḋeoċaiḋ misi eaḋon misi croiḋe na Négiptaċ, agus leanfuid iad: agus do geaḃadsa glóir a ttimċíoll Ṗárao, agus a ṡlóiġ uile, agus ar a ċarbaduiḃ agus ar a ṁarcṡluaġ.
18Agus aiṫeonuid na Hégiptiġ gur mé an TIĠEARNA, a nuáir do ġeaḃa mé onóir ar Ṗárao, ar a ċarbaduiḃ, agus ar a ṁarcṡluaġ.
19Agus aingeal Dé, noċ do ḃí roiṁe ċampa Israel, do aṫarruiġ agus do ċuáiḋ na ndiáiġ, agus do ċuaiḋ an pileir neill ó ḃe roiṁe an aġaiḋ, agus do ṡeas na ndiaiġ:
20Agus táinic se idir ċampa na Négipteaċ agus campa Israel; agus do ḃí na néull, agus na ḋorċadas dóiḃ súd agus ṫug solus dóiḃ so sa roiḋċe: ionnus naċ dtáinic ceaċdar ḋíoḃ a ngar a ċéile ar feaḋ na hoiḋċe:
21Agus do ṡin Maóise a láṁ amaċ ós cionn na fairge; agus tug an TIĠEARNA ar an ḃfairge dul (ar a hais) lé gáoiṫ láidir a noir, ar feaḋ na hoiḋċe sin agus do rinne a nfairge na talaṁ ṫirim agus do roinneaḋ na huisgiḋe.
22Agus do ċúadar clann Israel a lár na fairge ar an ttalaṁ ṫirim: agus do ḃádur na huisgiḋe na mballa ḋóiḃ ar a láiṁ ḋeis, agus ar a cclé.
23Agus do leanadur na Hégiptiġ íad agus do ċúadar na ndiáiġ go lar na fairge, eaḋon eiċ Ṗárao uile, a ċarbuid, agus a ṁarcṡluaġ.
24Agus táinic, timċioll ḟaire na maidne gur ḟéuċ an TIĠEARNA ar ṡlúaġ uiḃ na Négipteaċ ṫríd an bpileir tineaḋ, agus an néull, agus gur ḃuaiḋir slúaġ na Négipteaċ.
25Agus do ḃean a maċ roiṫléin na gcarbad, gur ṫairngeadar íad go trom: ionnus go nduḃradar na Hégiptiġ, Teiṫeamáoid as laṫaír Israel; óir atá an tiġearna ag troid ar a son a naġuiḋ na Négipteaċ.
26Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóisi, Sín amaċ do láṁ ós cionn na fairge, ionnus go ttigid na huisgiḋe a rís ar na Hégiptiḃ, ar a ccarbaduiḃ, agus ar a marcṡluaġ.
27Agus do ṡín Maóise a láṁ amaċ ós cionn na fairge, agus do ḟill a nfairge iona néart féin a nuair do ḟoillsiġ an ṁaidin; agus do ṫeiṫeadar na Hegíptiġ na haġuiḋ: agus do ḃáiṫ an TIĠEARNA na Hégiptiġ a lár na fairge.
28Agus do ḟilleadur na huisgiḋe, agus do ḟolċadar na cárbuid, agus an marcṡlúaġ, agus slúaġ Ṗárao uile, noċ ṫáinic san ḃfairge na diáiġ: níor fagḃaḋ niread agus éinneaċ ḋíoḃ.
29Agus do imṫeadar clann Israel ar talaṁ tirim a lár na fairge; agus do ḃadur na huisgiḋe na mballa ḋóiḃ ar a láiṁ ḋeis, agus ar a cclé.
30Mar so do ṡáor an TIĠEARNA Israel an lá sin as láṁuiḃ na Négipteaċ, agus do ċonnuirc Israel na Hégiptiḃ marḃ ar ṫráiġ na fairge.
31Agus do ċonnairc Israel a nobair ṁór sin do rinne an TIĠEARNA ar na Hégiptiḃ: agus do ḃi eagla an TIĠEARNA ar an bpobal, agus do ċreideadar an TIĠEARNA, agus a ṡerḃíseaċ Maóise.
Currently Selected:
Exodus 14: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.