YouVersion Logo
Search Icon

Exodus 9

9
Caibidil IX.
An cúigeaḋ, an seiseaḋ, agus an seaċdṁaḋ pláiġ na Hegipte.
1Ann sin a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Eiriġ a steaċ go Ṗárao, agus innis dó, Is mar so a deir an Tiġearna Día na Neaḃruiġeaċ, Léig dom ṗobal imṫeaċd, go ndéanuid serḃís daṁsa.
2Oír má ḋíultann tú léigean dóiḃ imṫeaċd, agus go ccuinneoċuiḋ tú fós íad.
3Feuċ, atá láṁ an TIĠEARNA ar háirneís atá ar an maċaire, ar a neaċraiḋ, ar na hassaluiḃ, ar na cáṁalluiḃ, ar na daṁuiḃ, agus ar na cáorċuiḃ: biaiḋ conaċ róḋoiliġ orra.
4Agus dealóċuiḋ Día áirneís Israel ó áirneís na Hégipte: agus ní raċa éinní is lé cloinn Israel déug.
5Agus do órduiġ an TIĠEARNA lá cinnte, dá ráḋ, A máraċ do ḋéana an TIĠEARNA an ni si ann sa dúṫaiġ.
6Agus do rinne an TIĠEARNA an ní sin ar na ṁáraċ, agus fúaradar áirneís na tíre uile bás: aċd ní ḃfuáir éinḃeaṫaċ dáirnéis na Nisraelaċ bás
7Agus do ċuir Ṗárao fios amaċ, agus, féuċ, ní ḋeaċuiḋ áon aṁáin déug dáirneis Israel. Agus do crúaḋuiġeaḋ cróiḋe Ṗárao, agus níor léig don ṗobal imṫeaċd.
8Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise agus re Haáron, Glacuiḋ ċuguiḃ lán glaice do luáiṫ na fuirnéise, agus croiṫeaḋ Maóisi sin ċumniṁe a raḋarc Ṗárao.
9Agus do ḋéuntar luáiṫreaḋ mion de, ar feaḋ ċríċe na Hégipte, agus biáiḋ na ḃriseaḋ amaċ a mbolguiḋ ar ḋuine, agus ar ḃeaṫaċ, ar feaḋ ċríċe na Hégipte.
10Agus do ġlacadar luáiṫ na fuirnéise, agus do ṡeasádar a laṫair Ṗáraó: agus do ċroiṫ Maóise súas é ċum niṁe; agus do rinneaḋ bolgaċ ḋe ag briseaḋ amaċ a léasaċ ar ḋuine, agus ar ainṁiḋe.
11Agus níor ḟéadadur na dráoiṫe seasaṁ a laṫair Ṁaoise do ḃríġ nam bolguiḋe; óir do ḃí an ḃolgaċ ar na dráoiṫiḃ, agus ar na Hégiptiḃ uile.
12Agus do ċrúaḋuiġ an TIĠEARNA croiḋe Ṗárao, agus níor éisd sé riu; mar a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise.
13Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Eiriġ súas go moċ ar maidin, agus seas as coinne Ṗárao, agus abuir ris, Is mar so a deir an TIĠEARNA Día na Neaḃruiġeaċ, Léig dom ṗobal imṫeaċd, go ndéanaid serḃís daṁ.
14Oír cuirfe mé a nois mo ṗláġa uile ar do ċroiḋe, agus ar do ṡerḃíseaċuiḃ, agus ar do ṁuinntir; ċor go mbia a ḟios agad naċ ḃfuil mo leiṫeid eile san doṁan.
15Oír a nois sínfe mé amaċ mo láṁ, go mbuáiliḋ mé ṫusa agus do ḋáoine lé Táṁ; agus gearrfuiġear ón talaṁ ṫú.
16Agus go deiṁin is uime so do ṫóg mé ṫusa súas, ionnus go ttáisbeanfuinn ionnadsa mo ċuṁaċda; agus go ḃfoillseoċuiḋ mainm ar feaḋ an doṁuin uile.
17Agus a nárduiġeann tusa fós ṫú féin a naġaiḋ mo ṗobuil, naċ áil leaċd léigean dóiḃ imṫeaċd?
18Féuċ, fá namsa a máraċ cuirfe misi, cloiċṡneaċda roiġéar, a leiṫeid naċ raiḃ sa Négipt ó ċruṫuíġeaḋ í, gus a niuġ.
19Ar a naḋḃarsin, fúagair annois agus cruinniġ háirnéis, agus a ḃfuil agad annsa maċaire; óir a nuile ḋuine, agus a nuile ḃeaṫaċ ar a mbearṫar air an maċaire, agus naċ bearṫar a ḃaile, tiucfa an ċloiċṡneaċda a núas orra, agus do ġeaḃuid bás.
20An té ar a raiḃ eagla ḃréiṫre an TIĠEARNA a measg ṡerḃíseaċ Ṗárao, tug fá deara ḋá ṡerḃíseaċuiḃ, agus dá áirnéis teiṫeaṁ a steaċ do na tiġṫiḃ:
21Agus an té ag naċ raiḃ suim a mbreiṫir an TIĠEARNA, do ḟág a ṡerḃísiġ, agus a airnéis ar an maċaire.
22Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Sín amaċ do láṁ ċum niṁe, ionnus go mbía cloiċṡneaċda ar feaḋ ċríċe na Hégipte uile, ar ḋuine agus ar ainṁiḋe, agus ar gaċ uile luiḃ san ṁaċaire, ar feaḋ ċríċe na Hégipte.
23Agus do ṡín Maóisi a ṡlat amaċ ċum niṁe: agus do ċuir an TIĠEARNA tóirneaċ agus cloiċṡneaċda agus táinic an teine ar feaḋ na talṁan, agus do ḟear an TIĠEARNA cloiċṡneaċda ar ċríċ na Hégipte.
24Mar sin do ḃí cloiċṡneaċda, agus teine comaisce leis an gcloiċṡneaċda, go ro ḋoiliġ, air ċor naċ dtáinic a leiṫeid á gcríċ na Hégipte uile ó rinneaḋ tír ḋi.
25Agus do ḃúáil an ċloċṡneaċda ar feaḋ ċriċe na Hégipte uile, gaċ a raiḃ amuiġ san maċaire, idir ḋuine agus ḃeaṫaċ; agus do ḃuáil an ċloċ sneaċda gaċ áon luiḃ ar an maċaire, agus do ḃris gaċ éanċrann ar an maċaire.
26Aṁáin a ḃfearann Gosen, mar a raḃadar clann Israel ní raiḃ cloiċṡneaċda ar biṫ.
27Agus do ċuir Ṗárao, fios ar Ṁaóisi agus air Aáron, agus do ráiḋ riú, Do ṗeacuiḋ mé a nuairsi: atá an TIĠEARNA firéunta, agus átaimsi agus mo ṁuinntir go holc.
28Guiḋiḋ an TIĠEARNA naċ bía ní is mó do ṫóirniġ ṁóir nó do ċloċṡneaċda; óir is lór a ndéarnaḋ, agus léigfe misi ḋíḃ imeaċ, agus ní ḟanfuiḋ siḃsi níos sía.
29Agus a duḃairt Maóisi ris, Coṁluaṫ is raċas misi amaċ as an gcaṫruiġ, leiṫneoċa mé mo láṁa amaċ ċum an TIĠEARNA; agus scuirfiḋ an tóirneaċ, agus ní ḃia ní is mó dó ċloiċṡneaċda; ar ċor go naiṫeona atusa gur leis anTTIĠEARNA an doṁan.
30Aċd ar do ṡonsa, agus ar son do ṡerḃíseaċ, atá a ḟios agam naċ mbiaiḋ eagla an TIĠEARNA Día fos oruiḃ.
31Agus do buáileaḋ an líon agus a neórna: óir do ḃí a neórná a ndéis agus an líon a mbolguiḃ.
32Aċ níor buáileaḋ an ċruiṫneaċd nó an seagal: óir níor ḟásadar súas.
33Agus do ċuáiḋ Maóise amaċ as an gcaṫraiḋ ó Ṗárao, agus do leaṫnuiġ amaċ a láṁa ar anTTIĠEARNA: agus do scuireadar na tóirneaċa, agus an ċloiċṡneaċda, agus níor dóirteaḋ a nfearṫuinn ar an ttalaṁ.
34Agus a nuáir do ċonnairc Ṗárao gur scuir a nfearṫuinn, an ċloiċṡneaċda, agus an tóirneaċ, do ṗeacuiḋ sé tuilleaṁ fós, agus do cruaḋuiġ a ċroiḋe, é féin agus a ṡerḃísiġ.
35Agus do cruaḋuiġeaḋ croiḋe Ṗárao, agus níor léig do ċlannuiḃ Israel imṫeaċd; mar do laḃair an TIĠEARNA re Maóise.

Currently Selected:

Exodus 9: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in