Genesis 25
25
Caibidil XXV.
Slioċd Abraham ṫríd Ċetúrah. 7 A aois agus a ḃás. 24 Rugaḋ do Isaac, Esau agus Iacob.
1Ann sin tug Abraham bean, agus do bé a hainm Cetúrah. 2Agus rug sí ḋó Simran, agus Iocsan, agus Médan, agus Mídian, agus Isbac, agus Suah. 3Agus do ġein Iocsan Séba, agus Dédan: agus dob íad mic Ḋédain Asurim, Letusim, agus Leumim. 4Agus mic Ṁídian Eṗah, agus Eṗer, agus Hanoċ, agus Abidah, agus Eldaah. Dob íad so uile clann Ċetúrah. 5Agus tug Abraham a raiḃ aige dIsaac. 6Agus do ċloinn na leannán, do ḃí ag Abraham, tug Abraham tioḋlaicṫe, agus do ċuir sé air siuḃal íad ó na ṁac Isaac, (an fad do ḃí fós béo) soirin, don tír ṡoir. 7Agus a síadso láeṫe ḃliaḋna Abraham, noċ do ṁair, céud, trí fiċid, agus a cúig déug do ḃliaḋnuiḃ. 8Ann sin ṫug Abraham suas an Spioraid, agus déug a náois foirfe ṁaiṫ, na ṡeanduine lán do ḃliaḋnuiḃ, agus do cruinnġeaḋ ḋá ṁuintir é. 9Agus do aḋlaiceadur a ṁic, Isaac agus Ismael é a nuaiṁ Ṁaċpelah a maġ Eṗron ṁac Sohar an Hititeaċ, noċ atá as coinne Ṁamre. 10An maġ do ċeannuiġ Abraham ó ṁacuiḃ Het: an sin do haḋlaiceaḋ Abraham, agus a ḃean Sárah. 11Agus tárla déis ḃáis Abraham gur ḃeannuiġ Día a ṁac Isaac, agus do ḃí Isaac na ċoṁnuiġe láiṁ ré tobar Lahai-roi. 12Annois asiád so geincaluiġ Ismael ṁac Abrahaim, noċ rug Hágar an Tégiptaċ cuṁul Ṡárah, Dabraham. 13Agus asíadso anmanna ṁac Ismael, ann a nanmannuiḃ do réir a ngeinealaċ; cédġin Ismael Nebaiot; agus Cedar, agus Adbeel, agus Mibsam. 14Agus Misma, agus Dumah, agus Massa. 15Hadar, agus Tema, Ietur, Naṗis agus Cedemah. 16Asíad so mic Ismael, agus asíad so a nanmanna ó na mbailtiḃ, agus óna ccaisleannuiḃ; ḋá ṗriunnsa ḋéug do reír a cciniḋeaċ. 17Agus asíad so ḃíaḋna ṡáoġail Ismael, céd agus tríoċad agus seaċd mbliaḋna, agus do ṫréig a spiorad, agus fuair bás, agus do cruinniġeaḋ ḋá ṁuinntir é. 18Agus do aítreaḃadur ó Haḃilah go Sur, atá as coinne na Hégipte mar do raċṫa a ccionn na Hasiria: agus do ḋéug sé a laṫair a ḋearḃraṫar uile. 19Agus asíad so geinealuiḋ Isaac, ṁac Abrahaim: do ġein Abraham Isaac; 20Agus do ḃí Isaac ceaṫraċad bliaḋain dáois a núair ṫug sé Rebecah do ṁnaoi, Inġean Ḃétuel an Sírianaċ ó Ṗadan-aram, deirḃṡiúr do Lában an Sírianaċ. 21Agus do ġuiḋ Isaac an TIĠEARNA air son a ṁná, do ċionn go raiḃ sí aimrid, agus do éisd an TIĠEARNA a ġuiḋe agus do toirrċeaḋ a ḃean Rebecah. 22Agus do rinneadar an ċlann ceannaruic a stiġ inti; agus a duḃairt sisi, Más mar sin atá, créd as a ḃfuilimsi mar so? agus do ċuáiḋ ḋá ḟíafruiġe don TIĠEARNA. 23Agus a duḃairt an TIĠEARNA ría, Dá ċineaḋ atá ad ḃroinn, agus ḋa ċinéil dáoine ḋealóċṫar ód ċorp; agus biáiḋ cineaḋ ḋíoḃ as láidre na an cineaḋ eile; foiġeónuiḋ an sinnsear don tsósar. 24Agus a nuáir do coiṁlíonaḋ láeṫe a tuismiḋe, féuċ, do ḃí cúpla na broinn. 25Agus táinig an ċéudġia amaċ dearg go huiliḋe, aṁuil éudaċ cluṁṫaċ; agus tugadar Esau dainm air. 26Agus na ḋiáiġ sin ṫáinig a ḋearḃraṫair amaċ, agus do ḃi greim agá láiṁ ar ṡáil Esau; agus tugaḋ Iácob dainm air: agus do ḃi Isaac trífiċid bliaḋan dáois a nuáir do rugaḋ íadsan. 27Agus do ḟásadur na buaċuilliḋe: agus do ḃí Esau na ḟiaḋġuiḋe ġlic, duine don ṁaċaire; agus do ḃí Iacob na ḋuine ṡoilléir ag áitreaḃ a bpuibliḃ. 28Agus dob ionṁuin lé Hísaac Esau, do ċionn go niṫeaḋ dá ḟíaḋaċ: aċ dob ionṁuin le Rebecah Iácob. 29Agus do ḃruiṫ Iácob broċán, agus táinic Esau ón ṁaċaire, agus do ḃí lag: 30Agus a duḃairt Esau ré Iácob, Guiḋim ṫú beaṫuiġ mé, leis an mbroċán ndeirg sin; óir atáim lag: uime sin do goireaḋ Edom dainm ḋe. 31Agus a duḃairt Iácob, Reac leam san ló aniuġ do ċeart beirṫe. 32Agus a duḃáirt Esau, Féuċ, atáim ag dul a ḋéug: agus créad an tarḃa ḋéunas an ceart-beirṫesi ḋaṁ? 33Agus a duḃairt Iácob, Mionnuiġ ḋaṁsa san ló a niuġ, agus tug sé a ṁionna ḋó: agus do reac a ċeart-beirṫe ré Iacob. 34Ann sin tug Iácob arán agus broċán luiḃionn dó Esau; agus a duaiġ agus do iḃ sé, agus do éiriġ suas, agus do imṫiġ roiṁe: mar so do ṫarcuisníġ Esau a ċeart beirṫe.
Currently Selected:
Genesis 25: BedellG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: