Genesis 45
45
Caibidil XLV.
Noċd Ióseṗ é féin da ḋearḃraiṫriḃ. 5 Tug coṁḟurtaċd ḋoiḃ. 9 Agus ċuir fios ar a aṫar.
1Ann sin níor ḟead Ioseṗ é féin do ċongṁáil a laṫair ar ṡéas na ḟoċair; agus do éiġ sé, Cuiriḋ gaċ éanduine amaċ uáim. Agus níor ḟan éanduine na foċair, an feaḋ do ḃi Ióseṗ ag léigean a aiṫne ċum a ḋearḃraiṫreaċ. 2Agus do ġuil sé ós áird: agus do ċúaladar na Hégiptiġ agus tiġ Ṗárao é. 3Agus a duḃairt Ioseṗ ré na ḋearḃráiṫriḃ, As misi Ioseṗ; an ḃfuil máṫair beó fós? agus níor ḟéadadur a ḋearḃráiṫre freagra do ṫaḃairt air, óir do ḃí buáiḋreaḋ orra tré ḃeiṫ na laṫaír. 4Agus a duḃairt Ióseṗ re na ḋearḃráiṫriḃ, Druidiġ riom, iarruim mar aṫċuinġiḋ oruiḃ. Agus do ḋruideadar leis. Agus a duḃairt seision Is misi Ióseṗ ḃur ndearḃraṫair, noċ do reacaḃair do Négipt. 5Annois uime sin ná bíoḋ doilġios oruiḃ, nó fearg aguiḃ riḃ féin, fa misi do reic annso: óir isé Día do ċuir misi roṁuiḃ do ċuṁdaċ ḃur mbeaṫa. 6Oír as dá ḃlíaḋuin atá an ġorta sa tir: agus atáid fós cúig ḃliaḋna ann naċ bía treaḃaḋ na foġṁar. 7Agus do ċuir Día misi roṁuiḃsi do ċoiṁeud sleaċda ḋíḃ san talaṁ, agus do ċoiṁéud ḃur mbeaṫa re tárrṫáil ṁóir. 8Mar sin annois ní siḃsi do ċuir uaiḃ mé áċ Día: agus do rinne sé aṫair ḋíomsa do Ṗárao, agus tiġearna ós cionn a ṫiġ uile, agus úaċdaran ar feaḋ ċriċe na Hégipte uile. 9Déanuiḋsi deiṫneas, agus éirġiḋ súas ċum máṫar, agus abruiḋ ris, Is mar so a deir do ṁac Ióseṗ, do rinne Día tiġearna ḋiomsa ós cionn na Hégipte uile: tárr a núas ċugamsa, na déana maill. 10Agus áitreoċuiḋ tú a ḃfearann Gosen, agus biáiḋ tú láiṁ riomsa, ṫú féin agus do ċlann, agus clann do ċloinne, agus do ṫréada, agus healḃaḋa, agus gaċ uile ní ḃus leaċd: 11Agus oilfe mé ṫú ann sin; (oír atá fós ċúig ḃliaḋna gorta ann) deagla go ttiucfá féin, agus do ṁuinntir, agus a nuile ní ḃeanas riot, ċum boċduine. 12Agus, féaċuiḋ, do ċíd ḃur súile, agus súile mo ḋearḃraṫar Beniamín, gurob é mo ḃéul atá ág laḃairt riḃ. 13Agus inneostaói dom aṫair méid mo ġlóire sa Négipt, agus gaċ éinni dá ḃfacaḃaír; agus deanuiḋ deiṫḃir agus tugaiḋ máṫair a núas annso. 14Agus do luiḋ sé ar ṁuinéul a ḋearḃráṫar Beniamin, agus do ġuil; agus do ġuil Beniamin ar a ṁuinéul san. 15Os á ċionn sin fós do ṗóg sé a ḋearḃráiṫre uile, agus do ġuil orra: agus na ḋiáiġ sin do ċoṁráiḋeadar a ḋearḃráiṫre ris. 16Agus do ċlos a ṫúaruscḃail sin a ttiġ Ṗárao, ag raḋ, Tangadar dearḃráiṫre Ióseṗ: agus do ṫaitin sin go mór ré Ṗárao, agus ré na ṡeirḃíseaċuiḃ. 17Agus a duḃairt Ṗárao re Ioseṗ, Abuir réd ḋearḃráiṫriḃ, Déanuiḋ so; úaluiġe ḃur nainṁintiġe, agus imṫiġiḋ; súas go tír Ċánaain, 18Agus tuguiḋ liḃ ḃur naṫair agus ḃur muinntir, agus tigiḋ ċugamsá: agus do ḃéura mé ḋiḃ maiṫeas ċríċe na Hégipte, agus do ġeaḃṫaoí ré iṫé do méaṫas na tíre. 19Annois fuáir tu fúagra, déanuiḋ mar so; beiriḋ liḃ carbuid as críċ na Hégipte ar ceann ḃur náos óg, agus ar ceann ḃur mban, agus tugaiḋ ḃur naṫair liḃ, agus tigiḋ. 20Mar an gceadna ná cuiriḋ fuim an ḃur náirnéis tiġe; oir maiṫeas ċríċe na Hégipte uile is liḃsi é. 21Agus do rinneadur clann Israel mar sin: agus tug Ióseṗ carbuid ḋóiḃ, do réir aiṫne Ṗárao, agus tug lónn dóiḃ ċum na sliġeaḋ. 22Dá gaċ áon aca fa leiṫ tug sé aiṫearraċ culaḋ; aċ do Ḃeniamin tug sé trí ċéad píosa airgid, agus cúig culuiḋeaċa éaduiġ. 23Agus do ċuir sé ċum a aṫar ar an moḋ so; deiċ nassail ag iomċur neiṫeann maiṫ na Hégipte, agus deiċ nassáil ḃainniona ag iomċar arḃa agus aráin agus bíḋ dá aṫair ċum na sliġeaḋ. 24Mar sin do ċuir sé a ḋearḃráiṫre ar siúḃal, agus do imṫiġeadur: agus a duḃairt sé ríu, Coiṁéaduiġ naċ dtuitfe siḃ amaċ ar a tsliġe. 25Agus do ċúadur súas as a Négipt, agus tangadur go tír Ċanaain go Iácob a naṫair. 26Agus do inniseadur ḋó ag ráḋ; Atá Ióseṗ beó fós, agus isé is uaċdarán ós cionn ċríċe na Hégipte uile. Agus do lagaḋ croiḋe Iácob; óir níor ċreid sé íad. 27Agus do inniseadur ḋó bríaṫra Ióseṗ uile, noċ do laḃair sé ríu: agus a nuáir do ċonnairc sé na carbuid do ċuir Ióseṗ dá iomċar, do aiṫḃeóġuiḋ spiorad Iácob a naṫar: 28Agus a duḃairt Israel, Is lór sin; atá mo ṁac Ioseṗ beó fós; raċuiḋ mé agus do ċífe mé é suil éugfad.
Currently Selected:
Genesis 45: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.