Genesis 47
47
Caibidil XLVII.
Tug Ioseṗ a ḃraiṫre. 7 Agus a aṫair a laṫair Ṗarao. 11 Tug ionad ḋóiḃ. 13 Fuair an Egipt do nri. 22 Taoḃ amuiġ do ḟearann na nsagart.
1Ann sin táinic Ioseṗ, agus do innis do Ṗárao, agus a duḃairt, Tángadur máṫair agús mo ḋearḃraiṫre, agus a tréada, agus a nealḃaḋa, agus a ḃfuil aca as tir Ċánaain; agus, féuċ, atáid siád a ḃfearann Gosen. 2Agus rug leis cuid dá ḋearḃraiṫriḃ, eaḋon cúigior ḋíoḃ, agus do ṫaisbein do Ṗárao íad. 3Agus a duḃairt Ṗárao ré na ḋearḃráiṫriḃ, Créad as ceird ḋaoiḃ? Agus a duḃradursan ré Ṗárao, Aoḋairiġe cáoraċ do ṡerḃísiġ, sinn féin aráon, Agus ar naiṫre mar an gcéadna. 4A duḃradursan fós re Ṗárao, Is do ċoṁnuiḋe san ḃfearann do ṫangamar; óir ní ḃfuil féur ag ad ṡerḃíseaċuiḃ ḋá náirnéis, óír atá an ġorta go trom a ttír Ċanaaín; a nois dá ḃriġ sin, iarrmaoid daṫċuinge ort, taḃair áitreaḃ dot ṡerḃiseaċuiḃ a ḃfearann Gosen. 5Agus do laḃair Ṗárao ré Ióseṗ, ag raḋ, Tangadur haṫair agus do ḋearḃraiṫre ċugad. 6Atá críoċ na Hégipte as do ċoinne; ann sa ċuid is féarr don tír cuir haṫair agus do ḋearḃraiṫre na gcoṁnuiġe; áitreaḃaidis a ḃfearann Gosen: agus más aiṫne ḋuit aonduine cumusaċ na measg, ann sin deana uaċdarán díoḃ os cionn máirnéisi. 7Agus tug Ioseṗ Iacob a aṫair a steaċ, agus do ṡuiġiḋ é as ċoinne Ṗárao; agus do ḃeannuiġ Iacob Ṗárao. 8Agus a duḃairt Ṗárao ré Iácob, Cá haóis tú? 9Agus a duḃairt Iacob ré Ṗárao, Bliaḋna laéṫe moiliṫre is céad agus tríoċad bliaḋan íad: fá tearc agus fá holc láeṫe bliaḋna mo ḃeaṫa, agus ni rainic mé laeṫe bliaḋna ḃeaṫa maiṫreaċ, a laeṫiḃ a noiliṫresion. 10Agus do ḃeannuiġ Iacob Ṗarao, agus do ċuaiḋ amaċ as fiaġnuise Ṗárao. 11Agus do áitiġ Ioseṗ a aṫair agus a ḋearḃráiṫré, agus tug sealḃ ḋóiḃ a ccríċ na Hégipte, san ċuid do ḃféarr don dúṫaiġ, a bfearann Rameses, mar do aiṫin Ṗárao ḋe. 12Agus do oil Ioseṗ a aṫair agus a ḋearḃráiṫre, agus muinntir ṫiġe a aṫar, uile lé harán, do réir a muinntir. 13Agus ní raiḃ arán ar biṫ san tír uile; óir do ḃí an ġorta ro ṫrom, ionnus gur hanḃfainneaċ críoċ na Hégipte, agus tír Ċánaain uile do ḃríġ na gorta. 14Agus do ċruinníġ Ioseṗ súas a nuile airgead fríṫ a ccríċ na Hégipte agus a ttír Ċánaain ar son a narḃa do ċeannċadur, agus tug Ioseṗ an tairgead a steaċ go tiġ Ṗárao. 15Agus an tan do ṫraoṫ an tairgead a ccríċ na Hégipte, agus a ttír Ċánaain, tangadur na Hégiptiġ uile ċum Ióseṗ, agus a duḃradur, Taḃair ḋuinn arán; óir cread fa ḃfuiġemis bás ad ḟiaġnuise? óir do imṫiġ an tairgead úainn. 16Agus a duḃairt Ioseṗ, Tugaiḋ ḃur náirnéis uáiḃ agus do ḃéura misi ḋíḃ ar son ḃur náirnéisi, má dfailliḋ an tairgead oruiḃ. 17Agus tugadur a náirnéis go Ióseṗ: agus tug Ioseṗ árán dóiḃ ar a neaċuiḃ, agus ar a ttréaduiḃ, agus ar áirnéis a néalḃann, agus ar a nassaluiḃ: agus do ḃeaṫaiḋ sé íad le harán ar son a náirnéisi uile ar feaḋ na blíaḋna sin. 18A nuair do críoċnuíġeaḋ an ḃlíaḋuin sin, tangadur ċuige an dara blíaḋuin, agus a duḃradur ris, Ní ċeilfiom ar mo ṫiġearna, gur caiṫeaḋ ar gcuid airgid, fuáir ar ttiġearna mar an gceadna ar ttréada áirnéise; níor fágḃaḋ éinni aguinn a laṫair ar ttiġearna an aċd ar gcuirp agus ar ḃfearann. 19Uime sin cread fá ḃfuiġemis bás a ḃfiaġnuisi do ṡúl, sinn féin aráon agus ar ḃfearann? ceannuiġ sinn féin agus ar ḃfearann ar arán, agus bíam féin agus ar ḃfearann ar serḃíseaċuiḃ ag Ṗárao: agus taḃair síol dúinn, ar ċor go maiream, agus naċ ḃfuiġeam bas, agus naċ bía an fearann na ḟásaċ. 20Agus do ċeannuiġ Ioseṗ fearann na Hégipte uile do Ṗárao; óir do reacadar no Hégiptiġ gaċ éanduine ḋióḃ a ḟearann, do ċionn go rug an ġorta buáiḋ orra: mar sin ṫáinic an fearann ċum Ṗárao. 21Agus ar son na ndáoine, do áṫruiġ sé íad do na caiṫreaċuiḃ ó ċeann ḃruáiċ na Hégipte, go nuige an ceann eile ḋi. 22Aṁáín fearann na sagart níor ċeannuiġ sé é, óir do fúaradar na sagairt coṁroinn ó Ṗárao, agus a dúadur a ccoṁroinn noċ tug Ṗáraó ḋóiḃ; uime sin níor reacadur a ḃfearann. 23Ann sin a duḃairt Ióseṗ ris an bpobal, Féuċuiġ, do ċeannuiġ mé a niuġ siḃ féin agus ḃur ḃfearann do Ṗárao; féuċuiḋ, ag sin síol aguiḃ, agus cuirfíḋe an fearann. 24Agús tiucfaiḋ a ccríċ ann sa mbiseaċ, go ttiuḃarṫáoi an cúigeaḋ cuid do Ṗárao, agus biaiḋ ċeiṫre ċuid aguiḃ féin, ċum síl a nfearainn, agus ċum ḃur mbeaṫa, agus do ṁuinntir ḃur ttiġe, agus mar ḃeaṫa dá ḃur leanbuiḃ. 25Agus a duḃradarsan, Do ṡáḃáil tú ar mbeaṫa: fáġmaoid grása a raḋarc mo ṫiġearna, agus biamáoid ar serḃíseaċaiḃ ag Ṗárao. 26Agus do rinne Ióseṗ sin na ḋliġeaḋ ar feaḋ ċríċe na Hégipte gus a niuġ, go ḃfuiġe Ṗárao an cúigeaḋ cuid; aċd aṁáin fearann na sagart, noċ naċ ráinic ċum Ṗárao. 27Agus do ḃí Israel na ċoṁnuiġe a gcríċ na Hégipte, a ḃfearann Gosen; agus do ḃádur ṡealḃa dúṫaiġ aca ann sin, agus do ḟásadur, agus do lionadur go hiomadaṁuil. 28Agus do ṁair Iácob a gcríċ na Hégipte seaċd mbliaḋna déug: mar sin gur ḃí áois iomlán Iácob, céad agus dá ḟiċead agus seaċd mbliaḋna. 29Agus do ḋruid aimsir ḃáis Israel a ngar: agus do ġoir sé a ṁac Ióseṗ, agus a duḃairt sé ris, Má fuair mé anois grása ad raḋarc, íarruim mar aṫċuinġe ort, cuir do láṁ fáoim laḋairg, agus déana do cinealta fírinneaċ riom; iárruim daṫċuinġe ort, ná haḋlaic mé sa Négipt; 30Aċ luidfiḋ me a ḃfoċair mo aiṫreaċ, agus béura tusa leaċd mé as a Négipt, agus aḋluic mé a náit a naḋlaicṫesion. Agus a duḃairt seision, Do ḋéana mé mar a duḃairt tú. 31Agus a duḃairt seision, Taḃair do ṁionna ḋaṁ. Agus tug sé a ṁionna ḋó. Agus do ċláon Israel é féin ar ċeannaḋairt na leapṫa.
Currently Selected:
Genesis 47: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.