Habaccuc 1
1
Caibidil I.
Gur measa na daóine sciúrsas, no an drong do scíursfuiġear; agus gur ḋóiḃ fein ḃeirid buiḋe a ḃuáiḋ tugadar amaċ, agus ní hann do Ḋía.
1An túalaċ do ċonnairc Habaccuc an fáiġ.
2O a ṪIĠEARNA, ga fad ḃias mé ag éiġioṁ, agus naċ ccluin tú! eaḋon ag éiġioṁ ċugad air ḟoiréigion, agus naċ áill leaċd tárṫail!
3Créd fá ttáisbeanann tú éigceart ḋaṁ, agus a ṫaḃairt orum doilġios dfaicsin? óir atá cneaḋ agus foiréigean as mo ċoinne: agus atá drong ann ṫógḃus súas ceannairg agus imreasan.
4Uimesin do failliġeaḋ an dliġeaḋ, agus ní ṫéid breiṫeaṁnus ċoiḋċe amaċ: óir íaḋuid na ciontuiġ a ttimċioll na ḃfíréan; uime sin ṫéid breiṫeaṁnus éigcóir ar aḋaiġ.
5¶ Féuċuiḋ siḃsi a measg na ngeinteaḋ, agus measuiġ, agus iongantaiġ go hiongantaċ: oir oibreoċa misi obair ann ḃur laéṫiḃ, noċ naċ ccreidfiḋe, dá mbeiṫ go ninneastaói ḋáoiḃ é.
6Oír, féuċ, tógḃuim súas na Caldéanuiġ, an cineaḋ searḃ deiṫneasaċ sin, noċ imṫiġios tre leiṫead na tíre, do ṡealḃuġaḋ na náiteaċ ccoṁnúiḋe naċ leó féin.
7 Atáid síad úaṫḃásaċ agus gúasaċtaċ: gluáisfiḋ a mbreiṫeaṁnus agus a noirḋearcus úaṫa féin.
8Is Iuáiṫe fós a neiċ ná liopaird, agus is buirbe íad ná coin allta an tráṫnóna: agus leaṫnoċuid a marcṡlúaġ íad féin, agus tiucfuid a marcṡlúaġ ó imċéin; eitilfid mar an niolar ḋeiṫfriġeas diṫe bíḋ.
9Tiucfuid uile ċum éigin: súiġfid a naiġṫe súas mar an ngaoiṫ a noir, agus cruinneoċuid an braiġdionas mar an ngaineaṁ.
10Agus do ḋéanuid sgige fá na ríoġaiḃ, agus béid na prionnsaḋa na ccúis ṁagaiḋ aca: dísbeagfuid gaċ uile ḋaingion láidir; óir crúaċfuid luáiṫreaḋ, agus géaḃuid é.
11Annsin áṫroċus a inntinn, agus raċfuiḋ sé ṫairis anonn, agus cinteoċuiḋ sé, ag cur a ċuṁaċta a leiṫ a ḋé fein.
12¶ Naċ ḃfuil tusa ó ṡíorruiġioċd, a ṪIĠEARNA mo Ḋía, Máon Náoṁṫa? ní éugfuimne. A ṪIĠEARNA, dórduiġ tú íad do breiṫeaṁnus; agus, a Ḋé ċuṁaċdaiġ, do ḋaingniḋ tú íad do smaċduġaḋ.
13 Is fíorġlaine do ṡúile na ċum uilc daṁarc, agus ní ḟéadann tú féuċuin air éicceart: cred fa ḃféuċann tú air an droing do ní go fealltaċ, agus ḃíos tú ad ṫoċd an tan ṡluigios an droċḋuine an duine is fíréunta ná é féin?
14Agus do ní tú daóine mar íasg na fairge, aṁuil na neiṫe snáiḋeaċa, naċ ḃfuil riaġlaiġṫeóir ós a ccionn?
15Tógḃuid íad uile súas leis an nduḃán, gaḃuid íad iona líon, agus cruinniġid íad iona líon tairngṫe: uimesin gáirdiġid agus bíd lúaṫġaireaċ.
16Ar a naḋḃarsin íoḋbruid síad dá líon, agus loiscid túis dá bpaintéur; do ḃriġ go mbí a ccoṁroinn méiṫ leó sin, agus a mbiaḋ fairsing.
17An bfoilṁeoċuid síad a líon uimesin, agus gan ċoigill do ġuáṫ cineaḋaċa do ṁarḃaḋ?
Currently Selected:
Habaccuc 1: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: