Eóin 11
11
Caibidil XI
Aṫ-ḋúsgaḋ Lasaruis ó ṁarḃuiḃ, 49 agus tairrġire Ċaiṗas an ainḃfios dó.
1Agus do ḃó óglaċ áiriġe tinn, dar ḃainm Lásarus, ó Ḃetánia, baile Ṁuire agus Ṁartá a deirḃṡeaṫraċ. 2(Agus do bí an Muire do ong an Tiġearna lé huinnement, agus do ṫiormuiġ a ċosa lé na grúaig, dar ḋearḃraṫair Lásarus do ḃí tinn.) 3Uime sin do ċuireadar a ḋeirḃṡeaṫraċa fios ċuigesion, ag ráḋ, A Ṫiġearna, féuċ, atá an té as ionṁuin leaċd tinn. 4Agus ar na ċloisdin sin Díosa, a duḃairt sé, Ní ḃfuil an téagruás so ċum báis, aċd ċum glóire Dé, do ċum go ḃfuiġeaḋ Mac Dé glóir ḋá ṫáoiḃ. 5Agus dob ionṁuin lé Híos Martá, agus a deirḃṡíur, agus Lásarus.
6Uime sin mar do ċúaluiḋ sé go raiḃ sé éugcrúaiḋ, dfan sé fós ḋá lá na ċoṁnuiḋe ann sa náit a raiḃ sé. 7Agus tar éisi sin a duḃairt sé ré na ḋeiscioblaiḃ, Déunam a ris go tir Iúdaiḋe. 8A duḃradar a ḋeisciobail ris, A Ṁaiġisdir, a nois diárradar na Iúdaiḋe gaḃáil do cloċuiḃ ort; agus an ḃfuil tú ag dul a rís ann? 9Do ḟreagair Iósa, An né naċ ḃfuil ḋá uáir ḋég sa ló? Má ṡioḃlann duine ann sa ló, ní ḟaġam sé tuisleaḋ, oír do ċí sé solus an tsáoġailsi. 10Giḋeaḋ má ṡioḃlánn duine sa noiḋċe, do ġeiḃ sé tuisleaḋ óir ni ḃfuil solus ann. 11A duḃairt sé na neiṫeses, agus na ḋiáiġsin a dúḃairt sé riú, Atá ar gcara Lásarus na ċodlaḋ; aċd atáimse ag dul, dá ḋúsaċd as a ċodlaḋ.
12Ann sin a duḃradar a ḋeisciobail, A Ṫiġearna, má tá sé na ċolaḋ, biáiḋ sé slán. 13Giḋeaḋ as a dtimċeall a ḃáis do laḃuir Iósa: aċd do ṡáoileadarsan gur a dtimċeall a ṡúain ċodalta do laḃair sé. 14Uime sin a duḃairt Iósa an tan sin ós áird riú, Fúair Lásarus bás. 15Agus atá lúaṫġair oram air ḃur sonsa, (do ċum go gcreidfeaḋ siḃ) naċ raiḃ mé a laṫair ann sin; aċd déanam ċuige. 16Ar a naḋḃarsin a duḃairt Tomás, ré ráiḋtear Didimus, ré na ċoiṁḋeisciobluiḃ, Déanaimne leis, dfaġáil ḃáis na ḟárraḋ. 17Uime sin ṫáinig Iósa, agus fúair sé é ar gcaiṫeaṁ ċeiṫre lá ċeana ann sa túama. 18Agus do ḃí Betánia a ḃfogus Díarusalém, a ttimċeall ċuig sdáide dég: 19Agus tangadar mórán do na Iúdaiḋiḃ ċum Martá agus Muire, dá gcoṁḟurtaċd fá na ndearḃráṫair.
20Agus mar do ċúalaiḋ Martá, go raiḃ Iosa ag teaċd, do ċúaiḋ sin a airċis: aċd do ḟan Muire na súiḋe a sdiġ. 21Uime sin a duḃairt Marta ré Iósa, A Ṫiġearna, dá mbeiṫéasa ann so, ní ḃfuiġeaḋ mo ḋearḃráṫairsi bás. 22Aċd atá a ḋeiṁin agam, a nois mar an gcéadna, giḋ bé ní íarrfus tú ar Ḋía, go ttioḃra Día ḋuit é. 23A duḃairt Iósa ria, Eiréoċuiḋ do ḋearḃráṫair a rís. 24A duḃairt Martá ris, Atá a ḟios agam go néiréoċa sé ann sa neiseirġe an lá déiġeanaċ. 25A duḃáirt Iósa ría, Is misi a neiséirġe, agus an ḃeaṫa: giḋ be ċreideas ionnam, dá mbeiṫ go mbiaḋ sé tár éis ḃáis, mairfiḋ sé: 26Agus giḋ bé ṁaireas agus ċreideas ionnamsa ní ḃfuiġe sé bás go bráṫ. An gcreideann tú so? 27A duḃairt sis iris, Aseaḋ, a Ṫiġearna: do ċréid mé gur tusa Críosd, Mac Dé, ṫáinic air an tsáoġalso. 28Agus an tan a duḃairt sí so, dimṫiġ si, agus dó ġoir sí a deirḃṡiúr Muire a nuáigneas, ag ráḋ, Ṫáinic an Maíġisdir, agus atá sé dod iarruiḋsi. 29An tan dó ċúaluiḋ sisi sin, déiríġ si go tapaiḋ, agus ṫáinig sí ċuige. 30(Oír ní ṫáinig Iósa fá namsin don ḃaile, aċd do ḃí sé ann sá náit ann a dtárla Martá ḋo.) 31Uime sin na Iúdaiḋe de ḃí a ḃfoċair Ṁuire a stiġ, dá coṁḟurtaċd, an tan do ċunncadar, ag éirġe go tapuiḋ í agus ag dul amaċ, do leanadar í, ag ráḋ, Atá sí ag dul ċum an túama do ċáoineaḋ ann.
32An tan ṫáinig Muire sa náit a raiḃ Iósa, agus do ċunnairc sí é, do ṫeilg si í féin fá na ċosaiḃ, agus a duḃairt sí ris, A Ṫiġearna, dá mbeiṫéasa ann so, ní ḃfuíġeaḋ mo ḋearḃráṫairsi bás. 33Ar a naḋḃarsin an tan do ċunnairc Iósa ag gul í, agus na Iúdaiḋe ṫáinig le ag gul mar an gceadna, do rinne sé osna ann a spioraid, agus do ḃúaiḋir sé é féin, 34A duḃairt sé, Gá háit ar ċuireaḃair é? A duḃradar ris, a Ṫiġearna, tárr, agus féuċ. 35Do ġuil Iósa. 36Uime sin a duḃradar na Iúdaiḋe, Féuċ cionnus do ġráḋuiġ sé é! 37A duḃradar cuid díoḃ, A né naċ ḃféudfaḋ an fear so, dosgail súile an doill, a ṫaḃairt fá deara mar an gcéadna, naċ ḃfuiġeaḋ an fearso bás?
38Uíme sin ṫáinig Iósa agus é a rís ag osnaiḋe ann féin, ċum an túama. Agus dob uáiṁ é, agus cloċ ar na cur ós a ċionn. 39A duḃairt Iósa, Tóġuiḋ an ċloċ. A duḃairt Martá, derḃṡíur an duine ṁairḃ, ris, A Ṫiġearna, atá droċḃalaḋ a nois air: óir atá ceiṫre lá ó fúair sé bás. 40A duḃairt Iósa ría, Naċ duḃairt mé riot, má ċreideann tú, go ḃfaicfe tú glóir Dé? 41Uime sin do ṫógḃadar an ċloċ don áit a raiḃ an duine marḃ curṫa. Agus do ṫóg Iósa a ṡúile súas, agus a duḃairt sé, A Aṫair, do ḃeirim buiḋeaċus duit do ḃríġ gur éisd tú rium. 42Agus atá a ḋeiṁin agam go gcluin tú mé do ġnáṫ: aċd ar son an ṗobail atá na seasaṁ am ṫimċeall a duḃairt mé so, ionnus go gcreidfidís gur tusa ċuir uáit mé. 43Agus tar éis so do ráḋ ḋó, a duḃairt sé do ġuṫ ard, A Lásaruís, tárr amaċ. 44Agus ṫáinig an duine marḃ amaċ, agus a láṁa agus a ċosa ceanguilte ris an ḃáiséadaċ: agus a aġaiḋ ceanguilte ré naipcin. A duḃairt Iósa ríu, sgáoilíḋ é, agus leigiḋ ḋó imṫeaċd. 45Uime sin mórán do na Iúduiġiḃ ṫáinig ċum Muire, mar do ċuncadar na neiṫer do rinne Iósa, do ċreideadar ann. 46Agus do imṫiġeadar cuid aca ċum na Bpairisíneaċ, agus dinniseadar ḋóiḃ na neiṫe do rinne Iósa.
47Ar a naḋḃarsin do ċruinniġeadar uáċdaráin na sagart agus na Ṗairisíniġ coṁairle, agus a duḃradar, Créd do ḋéanam? óir as iomḋa míorḃuile do ní an fear so. 48Má ḟuilngemíd é mar só, creidfiḋ na huile ḋáoine ann; agus tiocfaid na Róṁánuiġ agus sgriosfuid síad ar náit agus ar gcineaḋ. 49Ann sin fear áiriġe ḋíoḃsan, Cáiṗas, ar mbeiṫ ḋó na árdṡagart an ḃlíaḋnuinsin, a duḃairt sé ríu, Ní ṫuigṫísi ní ar biṫ, 50Agus ní smuáintiġṫí gur ab oireaṁnaċ, go ḃfuiġeaḋ áonduine aṁáin bás ar son an ṗobuil, agus gan an cineaḋ uile do sgrios. 51Giḋeaḋ ní úaḋ féín a duḃairt sé so: aċd ar mbeiṫ ḋó na árdsagart an ḃlíaḋuinsin, do ṫairrġir sé go ḃfuiġeaḋ Iósa bás ar son an ċiniḋ; 52Agus ní ar son an ċiniḋsin aṁain, aċd fós do ċum go gcruinneoċaḋ sé a cceann a ċéile clan Dé do ḃí ar na leaṫnuġaḋ. 53Uime sin ón lá sin amaċ do ḃádar ag coṁairliuġaḋ ré ċéile eisean do ṁarḃaḋ. 54Ar a naḋḃarsin níor ṡioḃail Iósa ó sin súas go follus a measg na Níudaiḋeaḋ; aċd do ċuáiḋ sé asa sin don tír do ḃí a ḃfogus don ḟásaċ, go caṫruiġ ré a ráiḋtear Eṗrem, agus do ċoṁnuiḋ sé ann sin a ḃfoċair a ḋeisciobal.
55Agus do ḃí cáisg na Níuduiḋeaḋ a ḃfogas dóiḃ: agus do imṫiġeadar mórán as a tírsin súas go Híarusalém roiṁ ċáisg, da nglanaḋ féin. 56Uime sin díarradar Iósa, agus do laḃradar eatarra féin, na seasaṁ annsa teampoll, Créd ċiṫear ḋáoiḃse, tré naċ dtig sé ċum an ḟéusda? 57Agus tugadar na hárdsagairt agus na Ṗairisíniġ áiṫne, giḋ bé ar biṫ do geaḃaḋ a ḟios gá háit a raiḃ sé, a innisin, do ċum go mbéuraidís air.
Currently Selected:
Eóin 11: BedellG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: