Eóin 12
12
Caibidil XII
Do ġaḃ Iósa leiṫsgeul Ṁuire Ṁagdalén iomá nuinneméid, 27 agus atá a anam ar na ċráḋ a Niarúsalem.
1Ann sin ṫáinig Iósa sé lá roiṁ ċáisg go Beṫánia, mar a raiḃ Lásarus noċ do ḃí marḃ, noċ do ḋúisiġ seisean ó ṁarḃuiḃ. 2Uime sin do rinneadar suiper ḋó ann sin; agus do ḃí Martá ag frioṫólaṁ: aċd do ḃí Lásarus na áon don ṁuinntir do ṡuiḋ na ḟarraḋ ar an mbórd. 3Ann sin do ġlac Muire punta duinnement náird ḟírinniġ, roúasail, agus do ung si cosa Iósa, agus do ṫiorrmuiġ sí a ċosa lé na grúaig: agus do ḃí an teaċ ar na líonaḋ do ḃalaḋ na huinnemeinte. 4A duḃairt áon dá ḋeisciobluiḃsean, Iúdas Iscáriot mac Ṡimóin, noċ do ḃí ar tí eísion do ḃraṫ, 5Créd fá nar díolaḋ a nuinnementse ar ṫrí ċéud piġinn, agus a dtaḃairt do na boċduiḃ? 6Giḋeaḋ a duḃairt seision so, ní hé go raiḃ suim aige ann sna boċdaiḃ; aċd ar son gur ġaduiḋe é, agus gur ab aige do ḃí an sparán, agus gur ab é diomċraḋ an ní do ċuirṫí ann. 7Uime sin a duḃairt Iósa, Léig ḋi: fá ċoṁair láeṫe maḋluicṫe do ṫaisgiḋ sé so. 8Oír atáid na boiċd ḃur ḃfarraḋ do gnáṫ; aċt ní ḃía misi do gnáṫ agaiḃ.
9Agus do ḃí a ḟios ag cuid ṁóir do na Iúdaiḋiḃ go raiḃ sé ann sin: agus tangadar ní ar son Ċríosd áṁáin, aċd do ċum go ḃfaicfidís Lásarus fós, noċ do ḋúisiġ seision ó ṁarḃuiḃ. 10Uime sin do rinneadar na hárdsagairt do ċoṁairle Lásarus fós do ṁarḃaḋ; 11Do ḃríġ gur imṫiodar mórán do na Iúdaiḋiḃ air a ṡonsan, agus gur ċreideadar a Níosa.
12Aċd ar na ṁáraċ mórán dáoine dá dtáinig ċum an ḟéusda, an tan do ċuáladar go raiḃ teaċd Iósa go Hiarusalém, 13Do ġlacadar géuga pailme, agus do ċuádar a maċ do ṫeagṁáil air, agus do éiġṁeadar, Hosanna: As beannaiġṫe an té ṫig a nainm an Tiġearna Rí Isráel. 14Agus ar ḃfaġáil asail, Díosa, do ṡuiḋ sé air; mar ata sgríoḃṫa, 15Ná bíoḋ eagla ort, a inġean Ṡióin: féuċ, atá do Rí ag teaċd, na ṡuiḋe ar searraċ asail. 16Aċd níor ṫuigeadar a ḋeisciobail na neiṫer so ar tús: giḋeaḋ an tan do ġlóruġaḋ Iósa, ann sin do ċuiṁniġeadar go raḃadar na neiṫesi sgrioḃṫa air, agus go ndéarnadar na neiṫe so ḋó. 17Uime sin do rinne an pobal do ḃí na ḟarraḋ fíaḋnuisi ḋó, do ḃríġ gur ġoir sé Lasarus as an uáiġ, agus gur ḋúisiġ sé é ó ṁarḃuiḃ. 18As tríd sin ṫáinig an pobal do ṫeagṁáil air, do ḃríġ go ccúaladar go ndéarna sé an miorḃuilsi. 19Ar a naḋḃarsin a duḃradar na Ṗairisiniġ eatarra féin, An ḃfaicṫí naċ feirde ḋíḃ áon ní ḋá ndéuntáoi? féuċ, dimṫiġ an sáoġal na ḋiáiġ.
20Agus do ḃí dream áiriġe do na Gréugaċuiḃ a measg na muinntire do ċúaiḋ súas do ḋéanaṁ seirḃisí do Ḋía san ḃféusda: 21Agus tangadar dionnsuiġe Ṗilib, noċ do ḃí ó Ḃetsaida na Galilé, agus diarradar air, ag ráḋ, A ṁaiġistir as mían linn Iósa dfaicsin. 22Táinig Ṗilib agus dinnis sé Ḋaindrías: agus a rís dinnís Aindrías agus Ṗilib Díosa é.
23Agus do ḟreaguir Iósa íad, ag ráḋ, Ṫáinig an úair, ionnus go ḃfuiġeaḋ Mac an duine glóir. 24Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ Muna ḃfaġa an gráinne cruiṫneaċda ṫuiteas ann sa talaṁ bás, fanuiḋ sé na áonar: aċd má ġeiḃ sé bás, do ḃéir sé toraḋ mór úaḋ. 25Giḋ bé ġráḋuiġeas a anam féin caillfiḋ sé é; agus giḋ bé ḟuáṫuiġeas a anam féin ar an sáoġalso coiṁéudfaiḋ sé é ċum na beaṫa marṫanuiġe. 26Giḋ bé ní seirḃís daṁsa, leanaḋ sé mé; agus mar a mbía misi, bíaiḋ mo ṡeirḃiseaċ ann mar an gcéadna: giḋ bé ḋéanas seirḃís daṁ, ḃéura Maṫair onóir ḋó. 27Atá manam buáiḋearṫa a nois; agus créd a déura me? A Aṫair, sáor mé ó nuáirsi: aċd as ċuige so ṫáinig mé ċum na huairesi. 28A Aṫair, taḃair glóir dod ainm feín. Uime sin ṫáinig guṫ ó neaṁ, Tugas glóir, agus do ḃéur glóir ḋó a ris. 29Uime sin an drong, do ḃi na seasaṁ a laṫair, agus do ċúaluiḋ so, a duḃradar gur toírrneaċ do ḃi ann: a duḃairt cuid eile, Gur baingeal dolab hair ris. 30Do ḟreagair Iósa agus a duḃairt sé, Ní arm o ṡonsa ṫáinig an gúṫsa, aċd ar ḃur sonsa. 31A nois atá breiṫeaṁnus an tsáoġailsi a laṫair: a nois teilgfiḋear amaċ úaċdarán an tsaoġailsi. 32Agus misi, má ṫóġṫar súas ón talaṁ mé, tairéongaiḋ mé a nuile ḋuine ċugam féin. 33(Aċd a duḃairt sé so, ḋa ċur a gcéill créud í an ġné ḃáis do ġeaḃaḋ sé.) 34Do ḟreaguir an pobal é, Do ċúalamairne ón dliġeaḋ go ḃfanann Críosd go siorraiḋe: agus cionnus a deir tusa, Gur ab éigean Mac an duine do ṫógḃáil a nairde? Cía hé an Mac so an duine? 35Uime sin a duḃairt Iósa ríu, Atá an solus ḃur measg fós ar feaḋ tamuill ḃig. Siuḃlaiḋ an feaḋ ḃías an solus aguiḃ, deagla go mbéuraḋ an dorċadus, oruiḃ: Oír giḋ bé ṡioḃlus ann sa dorċadus, ní feas do gá háit a ngaḃann sé. 36An feaḋ atá an solus aguiḃ, creidiḋ ann sa tsolus, do ċum go maḋ clan don tsolus siḃ. Do laḃair Iósa na neiṫesi, agus ar nimṫeaċd dó, do ḟoluiġ sé é féin úaṫa.
37Agus ge do rinne sé a noirid so do ṁíorḃailiḃ na ḃfíaḋnuisi, nior ċreideadar ann: 38Do ċum go gcoiṁlíonfuiḋe briaṫar an ḟáiḋ Esaías, noċ a duḃairt, A Ṫiġearna, Cia ċreid ar nglóirne? agus cía dár noċdaḋ láṁ an Tiġearna? 39As uime sin nár ḟéadadar creideaṁ, do ḃriġ mar a duḃairt Esaías a rís, 40Do ḋall sé a súile, agus do ċrúaḋaiġ sé a gcrioḋe; deagla go ḃfaicfidis lé na súiliḃ, agus go dtuigfidis lé na gcroiḋṫiḃ, agus go ḃfillfidis, agus go sláineoċuinn íad. 41Do laḃair Esaías na neiṫe so, and tan do ċunnairc sé a ġlóirsean, agus do laḃair sé na ṫimċeall.
42Aċd fós do ċreideadar mórán do na húaċdaránuiḃ féin ann; aċd ar son na Ḃṗairisineaċ níor adṁuiġeadar é, deagla go gcuirfiḋe amaċ as an tsinagóig íad. 43Oír dob annsa léo glóir na ndáoine, ná glóir Dé.
44Agus do laḃair Iósa do ġuṫ ard, agus a duḃairt se, Giḋ bé ċreideas ionnamsa, ní hionnamsa ċreideas sé, aċd ann sa té do ċuir úaḋ mé. 45Agus giḋ bé ċí misi do ċí sé an té do ċuir uaḋ mé. 46Táinig mé mar ṡolus ċum an tsáoġail, ionnus giḋ bé ċreideas ionnam naċ déanaḋ sé coṁnuiḋe a ndorċadas. 47Agus giḋ bé neaċ éisdeas mo ḃríaṫra, agus naċ ccreidfe íad, Ní ḋáorfa misi é: óir ní ṫáinig mé do ḋamnuġaḋ an doṁain, aċd do ṡlánuġaḋ an doṁain. 48Giḋ bé ḋíultus mé, agus naċ gaḃann ċuige mo ḃríaṫra, atá aige neaċ ḋáorus é: an ḃríaṫar do laḃair mé, as í ḋáorfus é sa ló deiġeanaċ. 49Oír níor laḃair misi úaim féin, aċd an Taṫair ó dtáinig mé, tug sé áiṫne ḋaṁ, créd as cóir ḋaṁ araḋ, agus creud as coir ḋaṁ a laḃairt. 50Agus atá a ḋeiṁin agam gur beaṫa ṁarrṫanaċ a áiṫnesion: Ar a naḋḃarsin na neiṫe a deirimsi, is aṁluiḋ a deirim íad mar a duḃairt an Taṫair ríum.
Currently Selected:
Eóin 12: BedellG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: