Eóin 13
13
Caibidil XIII
Iósa Críosd ná ṡompla iongantaċ an úṁla, 44 agus ar ġraḋ ġlan.
1Agus roiṁ ṡollamáin na cásg, ar na aiṫe Díosa go dtáinig a uáir ann a raċaḋ sé as an tsáoġalsa ċum a Naṫar, ar ngráḋuġaḋ a ṁuinntire féin do ḃí ar a tsáoġal, do ġraḋuiġ sé go deireaḋ íad.
2Agus a ndíaġ suipéir, (an tan do ċuir an díaḃal a gcoiḋe Iúdáis Iscaríot, ṁic Símóin, eisean do ḃraṫ;) 3Ar na aiṫne Diosa go dtug an Tahair na huile néiṫe fá ná láṁuiḃ, agus gur ab ó Ḋía ṫáinig sé, agus gur ċum Dé do ḃí sé ag dul; 4Déiriġ sé ó ṡuipéir, agus do ċuir sé a ḃrat de; agus ar agaḃáil linéadaiġ ċuige, do ċeanguil sé roiṁe féin é. 5Na ḋiáiġ sin do ċuir sé uisge a mbáisín, agus do ṫionnsgain sé cosa a ḋeisciobal dionnlaḋ, agus do ṫiormaġaḋ leis an línéadaċ do ḃí fá na úċd. 6Ann sin ṫáinig sé ċum Siomóin Peadair: agus a duḃairt Peadar ris, a Ṫiġearna, an ḃfuil tusa ag ionnlaḋ mo ċosa sa? 7Do ḟreaguir Iósa agus a duḃairt sé ris, Ní ḃfuil a ḟios agadsa nois créd do nímsi; aċd biáiḋ a ḟíos agad na ḋiáiġ so. 8A deir Peadar rís, Ní niġfe tú mo ċosasa ga bráṫ. Do freaguir Iósa é, Muna niġfe mé ṫú, ní ḃía cumann agad ríum. 9A duḃairt Siomón Peadar ris, A Ṫiġearna, ní híad mo ċosa aṁain, aċd mo láṁa agus mo ċeann mar an gcéadna. 10A duḃairt Iósa ris, Giḋ bé atá niġte ní ḃfuil duireasḃuiḋ air aċd a ċosa niġe, aċd atá sé glan uile: agus atá siḃsa glan, giḋeaḋ ní ḃfuilti uile glan. 11Oír do ḃí a ḟios aige cía ḃraiṫfeaḋ é; uime sin a duḃairt sé, Ní ḃfuiltí uile glan.
12Ar a naḋḃarsin tar éis a gcos dionnlaḋ ḋó, agus a ḃruit do ġaḃáil uime, ar suiḋe síos ḋó a ris, a duḃairt sé ríu, An dtuigṫí créd do rinne mé riḃ? 13Goirṫísi Maiġisdir agus Tiġearna ḋíomsa: agus as maiṫ a deirṫi sin; óir as mar sin atáim. 14Ar a naḋḃarsin, má díonnail misi atá am Ṫiġearna agus am Ṁaiġisdir ḃur gcosasa; as coir ḋáoiḃsi mar an gceadna cosa ċéile díonnlaḋ. 15Oír tug mé éisiomplair ḋáoiḃ, do ċum go ndéanaḋ siḃsi, mar do rinne misi ḋáoiḃsi. 16Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, Ní mó an tóglaċ na a ṁaiġisdir; agus ní mó an teaċdaire na an té do ċuir úaḋ é. 17Má ṫuigṫí na neiṫesi, bía siḃ beannaiġe má níṫí íad. 18Ní laḃruim oruiḃ uile: atá a ḟios agum cía an dream do ṫoġ mé: aċd do ċum go gcoiṁlíonfuiḋe an sgríobtúir, An té ata ag iṫe aráin am ḟoċair, do ṫóg sé a sbál am aġaiḋ. 19A nois deirim so riḃ suil ṫiocfus sé ċum críċe, ionnas, an tan do ḋéuntar é, go gceidfe siḃ gur mé atá ann. 20Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, Giḋ bé ġaḃus ċuige an té ċuirimse uáim gaḃuiḋ sé misi ċuige; agus giḋ bé ġabus misi ċuige gaḃuiḋ sé an té ċuir úaḋ mé ċuige.
21Ar na ráḋ so Díosa, do ḃí sé buaiḋearṫa na sbioraid, agus do rinne sé fínne, agus a duḃairt sé, Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, go mbraiṫfi áon dáoiḃ misi. 22Uime sin dféuċadar na deisciobail ar a ċéile, ag déunaṁ aṁaruis cía air ar laḃuir sé. 23Agus do ḃí áon dá ḋeisciobluiḃ na luiḋe a nuċd Iósa, noċ dob ionṁuin leis. 24Ar a naḋḃarsin do sméid Síomón Peadár ar an ḃfearsin, do ċum go ḃfiafróċaḋ se cía ar laḃair sé. 25Ann sin ar gcláonaḋ ḋósan a nuċd Iósa, a duḃairt sé ris, A Ṫiġearna, cía hé? 26Do ḟreaguir, As é an té, ḋá dtioḃra misi greim aráin, déis a ṫumṫa. Agus ar na ṫuma ṫug sé an greim do Iúdás Iscaríot ṁac Síomóin. 27Agus tar éis an ġreama annsin do ċúaiḋ an Táiḋḃerseóir a steaċ ann san. Ar a naḋḃarsin a duḃairt Iósa ris, Giḋ bé ní atá tú ḋéanaṁ, déuna go tapaiḋ é. 28Aċd níor ṫuig éainneaċ dá raiḃ a dtimċeall an ḃuird créd fá nduḃairt sé so ris. 29Oír do ṡáoileadar cuid ḋíoḃ, do ḃriġ gur ab ag Iúdas do ḃí an sparán, gur ab é ní a duḃairt Iósa ris, Ceannuiġ ḋúinn giḋ bé ḃías a riaċdanus oruinn ċum na sollamna; nó, ní éigin do ṫaḃairt do na boċdaiḃ. 30Agus an tan do ġlac seision an greim dimṫiġ sé amaċ ar ball: agus do ḃí an oiḋċe ann.
31Uime sin, ar ndul amaċ ḋó, a duḃairt Iósa, a nois atá Mac an duine ar na ġlóruġaḋ, agus atá Día ar na ġlóruġaḋ ann. 32Má atá Día ar na ġlóruġaḋ annsan, do ḃéara Día glóir ḋósan ann féin mar an gcéudna, agus do ḃéura sé glóir ḋó ar an mball. 33A ċlann ḃeag, atáim fós seal beag ḃur ḃfarraḋ. Iarrfuiḋe mé: giḋeaḋ már a duḃairt mé ris na Iúduiḋiḃ, Giḋ bé áit a dtéiġimsi, ní ḟéudfáoisi ṫeaċd ann; is mar sin a deirim riḃsi a nois. 34Do ḃeirim áiṫne núa ḋíḃ, Gráḋuiġe a ċéile; mar do ġráḋuiġ misi siḃsi, gráḋuiġiḋ féin a ċéile aṁluiḋ sin. 35Air so aiṫéonaid na huile ḋáoine gur deisciobail ḋaṁsa siḃ, má ḃíonn gráḋ aguiḃ féin dá ċéile.
36A duḃairt Siomón Peadar ris, A Ṫiġearna, gá háit a dtéid tú? Do ḟreaguir Iósa é, Mar a dtéiġimsi, ni ḟeudann tusa a nois mo leanṁuin; giḋeaḋ leanfuiḋ tú mé na ḋiáiġ so. 37A duḃairt Peadar ris, A Ṫiġearna, créud fá naċ ḃféaduim do leanṁuin a nois? Cuirfiḋ mé manam ar do ṡon. 38Do ḟreagair Iósa é, An gcuirfe tú ṫanam ar mo ṡonsa? Go deiṁin, deiṁin, a deirim riot, Ní ġoirfe an coileaċ suil ṡéanfas tú mé trí huáire.
Currently Selected:
Eóin 13: BedellG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.