YouVersion Logo
Search Icon

Eóin 4

4
Caibidil IV
Coṁraḋ Ċríosd ris an mnáoi ó Ṡamaria, 39 agus a ṫoraḋ; 46 ré leíġis ṁic an ċúirteóir.
1Ar a naḋḃarsin an tan do aiṫin an Tiġearna go gcúaladar na Ṗairisíniġ gur mó do ḋeisciobluiḃ do níoḋ Iósa agus do ḃaisdeaḋ sé ná Eóin, 2(Bíoḋ naċ baisdéaḋ Iósa féin, aċd a ḋeisciobail,) 3Do ḟág sé tír Iúdaiġe, agus do ċúaiḋ sé a rís don Ġalilé. 4Agus dob éigean do dul ṫird Samária.
5Ar a naḋḃarsin ṫaínig sé go caṫair Ṡamária, dá ngoirṫear Siċar, láiṁ ris an ḃfearann tug Iácob ḋa ṁac fein Ioseṗ. 6Agus do ḃí tobar Iácob ann sin. Ar a naḋḃarsin, ar mbeiṫ curṫa Díosa ó nasdar, do ṡuiḋ sé mar sin ar an tobar: agus do ḃí sé a dtimċeall an seiseaḋ húair.
7Taínig bean ó Ṡamária ṫarraing uisge: a duḃairt Iósa ría, Taḃair deoċ ḋaṁsa. 8Oír do ċúadar a ḋeisciobailsion don ċaṫraiġ do ċeannaċ bíġ.
9Ar a naḋḃarsin a duḃairt an ḃean Ṡamaritánaċ sin ris, Cionnas ar mbeiṫ ḋuitsí ad Iúdaiġe, iárrus tú deoċ oramsa, ata am ṁnáoi Ṡamaritánaiġ? Oír ní ġnáṫuiġid na Iúdaiġe na Samaritánuiġ. 10Do ḟreagair Iósa agus a duḃairt sé ría, Da mbeiṫ fios tioḋluice Dé agad, agus cía hé an té a deir riot, Taḃair ḋaṁ deoċ; do iárrfása air, agus do ḃéuraḋ se uisge béo ḋuit. 11A duḃairt an ḃean ris, A Ṫiġearna, ní ḃfuil gléus tárronga agad, agus atá an tobar doṁain: ar a naḋḃarsin gá háit as a ḃfuil an tuisge béo sin agad? 12An mó ṫusa ná ar naṫair Iácob, tug ḋúinne an tobarso, as ar íḃ sé féin, agus a ċlann, agus a áirnéis? 13Do ḟreagair Iósa agus a duḃairt ría, Giḋ bé neaċ íḃeas as an uisge sin bíaiḋ tart air arís: 14Aċd giḋ bé neaċ íḃeas as an uisge do ḃéura misi ḋó ní ḃía tart air go bráṫ; aċd an tuisge do ḃéara me ḋó bíaiḋ sé na ṫobar uisge ḟiuċaiġ ann ċum na beaṫa marrṫannuiġe. 15A duḃairt an ḃean ris, A Ṫiġearna, taḃair ḋaṁsa an tuisge sin, do ċum naċ bía tart oram, agus naċ dtiocfa mé ann so dá ṫarraing. 16A duḃairt Iosa ría, Imṫiġ, goir ṫfear féin, agus tarr ann so. 17Do ḟreagair an ḃean agus a duḃairt sí ris, Ní ḃfuil fear agam, A duḃairt Iósa ría, As maiṫ a duḃairt tú, Ní ḃfuil fear agam: 18Oír do ḃádar cúigear fear agad; agus an té atá agad a nois, ní hé ṫfear féin é: a duḃairt tú so go fírinneaċ. 19A duḃairt an ḃean ris, A Ṫiġearna, do ċím gur fáiḋ ṫú. 20Do rinneadar ar naiṫre aḋra ar a tsliáḃ so; agus a deirṫisi, gur ab a Niarúsalém atá an tionad ann ar ḃéigean aḋra do ḋéunaṁ.
21A duḃairt Iósa ría, A ḃean, creid misi, tig an uáir, naċ aḋarfuiġe an Taṫair, ar a tslíaḃso, ná a Niárusalém. 22Aḋraiġ siḃse an ní naċ fios díḃ: aḋramáoidne an ní as fios dúinn: oír as ó na Iúdaiḋiḃ atá sláinte 23Aċd tig an uáir, agus atá sí ann a nois, an tan aḋarfuiḋ an luċd aḋra fírinneaċa an Taṫair a spiorad agus a ḃfirinne: oír go deiṁin iárruiḋ an taṫair a leiṫeid so dá aḋraḋ féin. 24Is Spiorad Día: agus an dream aḋras é as éigin dóiḃ a aḋra a spioraid agus a ḃfírinne. 25A duḃair an ḃean ris, Atá a ḟios agam go dtiocfa an Messías, (ré a nabarṫar Críósd:) an tan ṫiocfas sé foillséoċuiḋ sé na huile neiṫe ḋúinn. 26A duḃairt Iósa ría, As misi é laḃrus riotsa.
27Agus fa namsin ṫangadar a ḋeisciobailsion, agus do biongnaḋ léo gur laḃair sé ris an mnáoi: aċd ċeana ni duḃairt áoinneaċ, Créud iarrus tú? nó, Créud laḃrus tú ría? 28Ar a naḋḃarsin dfag an ḃean a sóiṫeaċ uísge, agus do ċúaiḋ sí don ċaṫraiġ, agus a duḃairt sí ris na daóiniḃ, 29Tigiḋ, féuċuiḋ an duine, a duḃairt riumsa gaċ éin ní dá ndearna mé ríaṁ: a né naċ é so Críosd? 30Ar a naḋḃarson do ċuádar amaċ as an gcaṫraiġ, agus tangadar ċuigision.
31Agus diárradar a ḋeisciobail air fá a namsin ag ráḋ, A Ṁaiġisdir, iṫ bíaḋ. 32Agus a duḃairt seisean riu, Atá biaḋ agamsa ré na iṫe naċ ḃfuil a ḟios aguiḃsi. 33A duḃradar a ḋeisciobail ré ċéile, An dtug áoinneaċ ċuige do íosaḋ sé? 34A duḃairt Iósa ríu, As é mó ḃíaḋsa toil an té do ċuir úaḋ mé do ḋéunaṁ, agus a obair do ċríoċnuġaḋ. 35An é naċ abarṫáoisi, go ḃfuilid ceiṫre ṁí fós, agus go dtiocfa an fóġṁar ann sin? féuċ, a deirim riḃ, Tóguiḋ súas ḃur súile, agus féuċuiḋ na réġióin; óir atáid siad geal ċeana ċum a nfoġṁair. 36Agus an té ḃeannas glacaiḋ sé túarasdal, agus cruinniġe sé toraḋ ċum na beaṫa marrṫannuiġe: ar ċor go mbía an té ṡíolċuireas agus an té ḃeanus lúaġáireaċ a néinnḟeaċd. 37Oír as ann so atá an raḋ úd firinneaċ, Go síolċuireann neaċ, agus go mbeanann neaċ eile. 38Do ċuir misi siḃsi do ḃúain an neiṫe nar ṡáoṫraḃair: do ṡáoṫraiġeadar dáoine eile, agus do ċúaḃairisi a steaċ ann a sáoṫar.
39Agus do ċreideadar mórán do Ṡamaritanaċaiḃ na caiṫreaċa sin ann san ar son ċoṁráiḋ na mná, noċ do ḋearḃuiġ, Duḃairt sé leam gaċ ní dá ndearna mé. 40Ar a naḋḃarsin an tan tangadar na Samaritanaiġ ċuige, díarradarair fuireaċ aca féin: agus do ċoṁnuiġ sé ḋá lá ann sin. 41Agus as ro ṁó ná sin do ċreid ann ar son a ḃréiṫre féin. 42Agus a duḃradar ris an mnáoi, Ní ar son do ċoṁráiḋse ċreidmídne feasda: óir do ċúalamar féin é, agus atá a ḟios aguinn go fírinneaċ gur ab é so Críosd, Slánuiġṫeóir an doṁain.
43Agus tair éis ḋá lá do ċúaiḋ sé as sin, agus dimṫiġ sé don Ġalilé. 44Oír rug Iósa féin dfíadnuisi, naċ ḃfuil cion ar ḟáiḋ ánn a ṫír féin. 45Ar a naḋḃarsin an tan ṫáinig sé do Ġalilé, do ġaḃadar luċd na Galilé ċuca é, íar ḃfaicsin gaċ ní dá ndearna sé a Nierusalem lá an ḟéusda: óir tangadarsan féin ċum an ḟéusda.
46Ar a naḋḃarsin táinig Iósa a rís go Cána na Galilé, mar a ndéarnuiḋ sé fíon don uisge. Agus do ḃí tiġearna áiriġe, a Gcápernáum agá raiḃ a ṁac tinn. 47An tan do ċúaluiḋ sé so go dtáinig Iósa as tír Iúdaiġe don Ġalilé, do ċuáiḋ sé amaċ ċuige, agus díarr sé air dul síos, agus a ṁac do ṡlánuġaḋ: óir do ḃí sé ré huċd ḃáis. 48Ar naḋḃarsin a duḃairt Iósa ris, Muna ḃfaicṫí coṁarṫuiġe agus míorḃuile, ní ċreidfiḋe. 49A duḃairt an tiġearna ris, A Ṁaiġisdir, éiriġ síos suil do ġeaḃas mo ṁac bás. 50A duḃairt Iósa ris, Imṫiġ roṁad; mairiḋ do ṁac. Agus do ċreid an duine don ḟocal a duḃairt Iósa ris, agus do imṫiḋ sé. 51Agus ar ndul síos dó láṫair, tárladar a ṡearḃḟoġantaiḋe air, agus dinnsiġeadar ḋo, ag ráḋ, Mairiḋ do ṁac. 52Ar a naḋḃarsin dfíafruiġ sé ḋíóḃ an uáir fuáir sé fáoíseaṁ. Agus a duḃradarsan ris, A né air an seaċdṁaḋ huair dfág an fiaḃrus é. 53Ar a naḋḃarsin do aiṫin an taṫair gur ḃé a nuáirsin féin, ann a nduḃairt Iósa ris, Mairiḋ do ṁac: agus do ċreid sé féin, agus a ṫiġ uile. 54Ag so an dara coṁarṫa do rinne Iósa a rís, an tan ṫáinig sé ó ṫír Iúdaiġe don Ġalilé.

Currently Selected:

Eóin 4: BedellG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in