Eóin 6
6
Caibidil VI
Tar éis a ṁirḃuileaḋ, ṫairgeadar Criosd a ḋeanaṁ ná rí, 26 neaċ dar leanadar buiḋean arson sáṫ biġ.
1Na ndiáiġ so do ċuáiḋ Iósa tar fairge na Galilé, Ṫibérias. 2Agus do lean buiḋean ṁór é, tré go ḃfacadar na ċoṁarṫuiḋe do rinne sé ar na dáoiniḃ éugcrúaiḋe. 3Agus do ċúaiḋ Iósa suás ar ṡlíaḃ, agus do ṡuiḋ sé ann sin maille ré na ḋeisciobluiḃ. 4Agus do ḃí an ċáisg, féusda na Níudaiġeaḋ, ḃfogus.
5An tan do ṫóg Iósa a ṡúile suás, agus do ċunnairc sé go dtáinic buiḋean ṁór ċuige, a duḃairt sé ré Ṗilib, Ga háit as a gceinneoċamáois arán, do ċum go níosaidís so ní? 6(Aċd a duḃairt sé so da ṫeasdtuġaḋsan: oír do ḃí a ḟios aige féin créd do ḋéunaḋ sé.) 7Do ḟreagair Ṗilib ḋó, Ní lór ḋóiḃ luáċ ḋá ċéud ṗiġinn daránuiḃ, do ċum go nglacfaḋ gaċ áon aca beagán. 8A duḃairt áon dá ḋeisciobluiḃ, Aindrías, dearḃraṫair Ṡíomoin Peadair ris, 9Atá búaċuill beag áiriġe an so agá ḃfuilid cúig aráin eórna, agus dá iásg ḃeaga: aċd créud iád sin eidir an uiread so? 10Agus a duḃairt Iósa, Táḃruiḋ fá deara do na dáoiniḃ suiḋe síos. Agus do ḃí mórán féir ann sa náitsin. Do ṡuiḋeadar na dáoine siós, a nuiṁir timċeall ċúig míle. 11Agus do ġlac Iósa na haráin; agus ar mbreiṫ buiḋeaċus, do roinn sé ar na deisciobluiḃ, agus na deisciobail ar na cuiḃreannuiḃ iád; agus mar an ccéudna fós do na hiásgaiḃ beaga an ṁéid dob áill léo. 12Agus an tan do sásaḋ iád, a duḃairt sé ré na ḋeisciobluiḃ féin, Cruinniġiḋ an sbruileaċ do ḃí diomarcuiġ, do ċum naċ raċaḋ éin ní amuġa. 13Ar a naḋḃarsin do ċruinniġeadar, agus do líonadar ḋá ċlíaḃ ḋéug do sbrúileaċ do na cúig haránuiḃ éorna, do ḃí dfuiġleaċ ag an muinntir a diṫ. 14Ar a naḋḃarsin an tan do ċunncadar na dáoine sin, an coṁarṫa do rinne Iósa, a duḃradar, As é so gó fírinneaċ an fáiḋ úd do ḃí ċum teaċda air a tsáoġal.
15Ar a naḋḃarsin a nuáir do aiṫin Iósa go raiḃ síad air tí ṫeaċ agus breiṫ air ċum ríoġ do ḋéunaṁ ḋé, dimṫiġ sé a rís ar a tslíaḃ na aónar. 16Agus an tan ṫaínig an tráṫnóna, do ċúadar a ḋeisciobail siós ċum na faírrge, 17Agus ar ndul a luing ḋóiḃ, do ċúadar tar fairrge go Capernaúm. Agus do ḃí dorċadus ann a nuáirsin, agus nó ṫáinig Iósa ċuca. 18Agus déiriġ an ḟairrge ag séideaḋ do ġáoiṫ ṁóir. 19An tan do rinneadar iomraṁ timċeall a cúig no a deiċ fiċead do sdáidiḃ, do ċunncadar Iósa ag sioḃal ar an ḃfairrge, agus ag drud ris an luing: agus do ġaḃ eagla iad. 20Aċd a duḃairt seisean riú, Is misi ata ann; ná bíoḋ eagla oruiḃ. 21Ar a naḋḃarsin do ġaḃadar ċuca é go toileaṁail do luing: agus ráinig an lung do láṫair don tír ann a raḃadar ag dul.
22An lá na ḋíaġ sin, do ċunnairc an slúaġ do ṡeas ar an dtáoḃ ṫall don ḟairrge naċ raiḃ long ar biṫ eile ann sin, aċd a náon long úd ann a ndeaċadar a ḋeisciobailsion, agus naċ deaċaiḋ Iósa lé na ḋeisciobluiḃ don luing, aċd gur imṫiġeadar a ḋeisciobail na náonar; 23Agus tangadar longa beaga eile ó Ṫibérias láiṁ ris an áit an ar iṫeadar an tarán, tar éis an Tiġearna ḃreiṫ buiḋeaċuis: 24Ar a naḋḃarsin an tan do ċunnairc an slúaġ naċ raiḃ Iósa, ná a ḋeisciobail ann sin, do ċúadarsan leis a luing, agus tangadar go Capernáum, ag iarruiḋ Iósa.
25Agus ar na ḟaġáil dóiḃ ar an dtáoiḃ ṫall don ḟairrge, a duḃradar ris, A Ṁaiġisdir, gá húair ṫaínig tú ann so? 26Do ḟreagair Iósa ḋóiḃ agus a duḃairt sé, Go deiṁin, deṁin a deirim riḃ, go niárrṫáoi mé, ní tré go ḃfacaḃair na coṁarṫuiḋe, aċd tré gur iṫeaḃair na haráin agus gur sásaḋ siḃ. 27Déunaiḋ sáoṫar ní ar son an ḃíḋ ṫéid amuġa, aċd ar son an ḃíġ ṁaireas ċum na beaṫa síorruiḋe, ḃéuras Mac an duine ḋíḃ: óir as é so an té do ċoṁarṫaiġ Día an Taṫair. 28Ar a naḋḃarsin a duḃradar ris, Créud do ḋéunum, ionnus go noibréoċamáois oibreaċa Dé? 29Do ḟreagair Iósa agus a duḃairt sé riúm, Ag so obair Dé, siḃsi do ċreideaṁ ann sa té do ċuir sé uáḋ.
30Uime sin a duḃradarsan ris, Créud é an coṁarṫa do ní tusa, ionnus go ḃfaicfiomáois agus go gcreidfiomáois duit? créud é an obair do ní tú? 31Diṫeadar ar naiṫrene manna ar an ḃfásaċ; mar atá sgrióḃṫa, Tug sé arán ó neaṁ ḋóiḃ ré na iṫe. 32Ar a naḋḃarsin a duḃairt Iósa riú, Go deiṁin, deiṁin, a deirim ríḃ, Naċ é Máoise ṫug an tarán ó neaṁ ḋíḃ; aċd Maṫairsi do ḃeir ḋáoiḃ an tarán firinneaċ ó neaṁ. 33Oír as é arán Dé an té do ṫuirling ó neaṁ, agus do ḃeir beaṫa do doṁan. 34Ar a naḋḃarsin a duḃradar ris, A Ṫiġearna, Taḃuir ḋúinne an taránso a gcoṁnuiḋe. 35Agus a duḃairt Iósa riú, Is misi arán na beaṫa: an té ṫig ċugamsa ni ḃía ocras go bráṫ air; agus an té ċreideas ionnam ní ḃía tart go bráṫ air. 36Aċd a duḃairt mé riḃ, Do ċunncaḃair mé fós, agus ní ċreidtí. 37Gaċ ní ḃeir an Taṫair ḋaṁ tiocfaiḋ sé ċugam; agus an té ṫig ċugam ní ṫeilgfe mé amaċ é. 38Oír do ṫuirrling mé ó neaṁ, ní do ċum go ndéanainn mo ṫoil féin, aċd toil an té do ċuir uáḋ mé. 39Agus as í so toil a Naṫar do ċuir uáiḋ mé, naċ léigfinn éinní amúġa do nuile ní dá dtug sé ḋaṁ, aċd go ndúisgfinn é ann sa lá deiġeanaċ. 40Agus as í so toil an té do ċuir misi uáḋ, go ḃfuiġe gaċ áorr do ċí an Mac, agus ċreideas ann, an ḃeaṫa ṁarrṫanaċ: agus dúiseóċuiḋ misi é an lá déiġeanaċ.
41Ar a naḋḃarsin do rinneadar na Iúdaiḋe monḃar air, tré go nduḃairt sé, As misi an tarán do ṫuirrling ó neaṁ. 42Agus a duḃradar, An né naċ é so Iósa, mac Ióseṗ, agar ab aiṫnid dúinne a aṫair agus a ṁáṫair? ar a naḋḃarsin cionnus a déir sé, Do ṫuirrling mé ó neaṁ? 43Ar a naḋḃarsin do ḟreagair Iósa agus a duḃairt sé riú, Ná déunaiḋ monḃar eadruiḃ féin. 44Ní héidir lé neaċ ar biṫ teaċd ċugamsa, muna dtairrnge an Taṫair do ċuir uáḋ mé, é: agus dúiséoċuiḋ misi é ann sa lá deiġeanaċ. 45Atá sgríoḃṫa ann sna fáiḋiḃ, Agus béid síad uile ar na dteagasg ó Ḋía. Ar a naḋḃarsin giḋ bé neaċ ċluineas, agus ḟoġlumas ó Naṫair, tig sé ċugamsa. 46Ní hé go ḃfacuiḋ eínneaċ an Taṫair, aċd an té atá ó Ḋía, ag so an té do ċunnairc an Taṫair.
47Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, An té ċreideas ionnumsa atá an ḃeaṫa ṁarrṫanaċ aige. 48As misi arán na beaṫa. 49Diṫeadar ḃur naiṫreaċsa manna ar an ḃfásaċ, agus fúaradar bás. 50Ag so an tarán do ṫuirling ó neaṁ, ionnus giḋ bé iṫeas de, naċ ḃfuiġeaḋ sé bás. 51Is misi an tarán béo do ṫuirrling ó neaṁ: giḋ bé iósas don arán so, mairfiḋ sé go bráṫ: agus an tarán do ḃéura misi úaim as é mféoil féin é, do ḃéura mé ar son ḃeaṫa an doṁáin.
52Ar a naḋḃarsin do ḃí na Iudaiḋe ag tagra ré ċéile, ag ráḋ, Cionnas as éidir leis an ḃfearso a ḟéoil do ṫaḃairt dúinn ré na iṫé? 53Ar a naḋḃarsin a duḃairt Iósa riú, Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, Muna niṫí féoil Ṁic an duine, agus muná niḃṫí a ḟuil, ní ḃfuil beaṫa aguiḃ íonnuíḃ féin. 54An té iṫeas mféoilsi, agus iḃeas mfuil, atá an ḃeaṫa ṁarrṫanaċ aige: agus dúiseóċaiḋ misi é ann sa lá deiġeanaċ. 55Oír as bíaḋ go fírinneaċ mféoilsi, agus as deoċ go fírinneaċ mfuil. 56Giḋ bé iṫeas mféoil, agus iḃeas mfuil, coṁnuiġiḋ sé ionnamsa, agus misi ann san. 57Mar do ċuir an Táṫair béo misi uáḋ, agus ṁairimsi trés a Naṫair: as mar sin fós giḋ bé iṫeas misi, mairfiḋ sé fós ṫríom. 58Ag so an tarán do ṫuirrling ó neaṁ: ní mar diṫeadar ḃur naiṫresi an manna, agus fuáradár bás: an té iṫeas an tarán so mairfiḋ sé go bráṫ. 59A duḃairt sé na neiṫesi ann sa tsionagóg, an tan do ṫeagaisg sé a Gcapernáum.
60Ar a nadḃarsin, ar na gcloisdin so, do ṁórán dá ḋeisciobluiḃsion, a duḃradar, As crúaiḋ an coṁráḋ so; cía lér ab éidir éisdeaċd ris? 61Agus ar na aiṫne Díosa ann féin go raḃadar a ḋeisciobail ag monḃar uime so, a duḃairt sé riú, An ttugann so oilḃéim ḋíḃ? 62Cread ċeana má ċíṫí Mac an duine ag dul suás ann sa naít a raiḃ sé ar tús? 63As é an spiorad ḃeóḋaiġeas; ní ḃfuil tarḃa ar biṫ sa ḃfeóil: na ḃríaṫra laḃruimsi riḃ, is spiorad, agus as beaṫa iád. 64Aċd atáid dream ḋíḃsi naċ ccreideann. Oír do aiṫin Iósa ó ṫus cía hiád an dream nar ċreid, agus cía ḃí ċum a ḃraiṫte. 65Agus a duḃairt sé, Is ar a naḋḃarsin a duḃairt mé riḃ, naċ éidir lé háoinneaċ teaċd ċugamsa, muna raiḃ sé ar na ṫaḃairt dó ó Maṫair.
66O sin amaċ do ċúadar mórán dá ḋeisciobluiḃ tar a nais, agus níor ṡíoḃladar ní sa ṁó leis. 67Ar a naḋḃarsin a duḃairt Iósa ris an dá ḟearḋéug, A nail liḃsi leis imṫeaċd? 68Ann sin do ḟreagair Síomon Peadar é, A Ṫiġearna, cía ċuige a raċamáois? as agadsa ataíd bríaṫra na beaṫa marrṫanuiġe. 69Agus créidmídne agus atá a ḟios aguinn gur tusa Críosd, Mac Dé ḃí. 70Do ḟreagair Iósa ḋóiḃ, An é nar ṫoġasa siḃsi an dá ḟear ḋéug, agus atá fear agaiḃ na ḋíaḃal? 71Aċd is ar Iúdas Iscariót ṁac Siomoín do laḃair sé: oír do ḃí fáoi so eision do ḃraṫ, ar mbeiṫ na áon don dá ḟear ḋéug ḋó.
Currently Selected:
Eóin 6: BedellG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: