YouVersion Logo
Search Icon

Lúcas 3

3
Caibidil III
Seanmoir agus teasdas Eóin um Ċriosd, 21 teasdas Dé nime: 23 agus a ṡinnsiorraċd ṫaoiḃ Ioseṗ.
1Agus an-cuigeaḋ bliaḋan déug dimpireaċid Ṫibérius Séasar, ar mbeiṫ do Ṗonsius Ṗioláid na úaċdarán a ttir Iúdáiġe, agus Ioruáiṫ na ṫéatrarc sa Ngalilé, agus Ṗilip a ḋearḃraṫair na ṫéatrarc air Ituréa agus air ċríċ Ṫraċonítis, agus Lísánias na ṫetrarċ air Abiléne, 2An tan do ḃí Annas agus Caiṗás na nárdṡagartuiḃ, ṫáinic bríaṫar Dé ċum Eóin ṁic Saċarías san ḃfásaċ.
3Uime sin ṫáinic sé ar feaḋ na dúiṫċe a dtimċeall Iórdan, ag seanmóir ḃaisdiġ na haiṫriġe ċuin maiṫmbeaċuis na bpeacaḋ; 4Mar a tá sgríoḃṫa a leaḃar coṁráiḋteaġ Esaías fáiḋ, a deir, Guṫ an té éiġṁeas ar an ḃfásaḋ, Ullṁuiġiḋ sliġe an Tiġearna, déanuiḋ a ċasáin díreaċ. 5Líonfuiḋear gaċ uile ġleann, agus ísleoċṫar gaċ uile sliaḃ agus ċnoc; agus béid na neiṫe cama díreaċ, agus na sliġṫe garba mín; 6Agus do ċífi gaċ uile ḟeoil slanuġaḋ Dé.
7Uime sin a duḃairt sé rís a tslúaġ ṫáinic a maċ do ċum go mbaisdfeaḋ seisean íad: A ṡlioċd na naiṫreaċ neiṁe, cía ṫug raḃaḋ ḋaóiḃ teiṫeaḋ ón ḟeirg a tá ag teaċd? 8Ar a naḋḃarsin taḃraiḋ tórrṫa ḃus iomċuḃaiḋ don naiṫriġe úaiḃ, agus ná tionsgnaiḋ a ráḋ ionnaiḃ féin, A tá Abraham na aṫair aguinn: oír a deirimsi riḃ, Gur ab éidir lé Dia clann do ḋúsaċd as na cloċmiḃse féin D'abraham. 9Agus a tá an tuáiġ a nois fós ar na cur ċum fréiṁe na gcrann: ar a naḋḃarsin gaċ uile ċrann naċ dtaḃair toraḋ maiṫ gearrṫar é, agus teilgṫear sa teiniḋ é.
10Agus do ḟíafruiġ an slúaġ nile ḋe, ag ráḋ, Ar a naḋḃarsin créud do ḋeunam? 11Agus ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé ríu, An té agá ḃfuil dá ċóta, roinneaḋ ris an té ag naċ ḃfuil; agus giḋ bé agá ḃfuil bíaḋ, déanaḋ sé mar an gcéudna. 12Agus tangadar na puibliocáin mar an gcéudna ionnus go mbaisdfiḋe íad, agus a duḃradar ris, A ṁaiġisdir, créud do ḋéunáimné? 13Agus a duḃairt seision ríu, Na déunuiḋ ní sa ṁó ná do horduiġeaḋ ḋaóiḃ. 14Agus do ċuireadar na saiġdiúiríġ fós ceisd air, ag ráḋ, Agus créad do ḋéunuimne? agus a duḃairt seisean ríu, Ná déunaiḋ foiréigean ar ḋuine ar biṫ, agus ná hagraiḋ duine ar biṫ go heugcóraċ agus go maḋ lór liḃ ḃur dtúarasdal féin.
15Agus ar mbeiṫ ag feiṫeaṁ don ṗobal, agus ag smúainiuġaḋ ḋóiḃ uile an a gcroiḋṫiḃ a dtimċeall Eóin, nar ḃeisean Ċríosd, 16Do ḟeagair Eóin, ag ráḋ ríu uile, Baisdeamsa siḃ go deiṁin lé huisge; aċd a tá neaċ is nearṫṁuire ná misi ag teaċd, ag naċ fiú mé íallaċ a ḃróg do sgáoileaḋ: baisdfiḋ seision siḃ leis an Spiorad Náoṁ agus lé teiniḋ: 17Aga ḃfuil a ċríaṫar an a láiṁ, agus glanfiḋ sé a urlár féin, agus cruinnéoċuiḋ sé an ċruiṫneaċd dá sgiobol féin; aċd loisgfiḋ sé an ċáiṫ lé teine náċ eidir a ṁúċaḋ. 18Agus ag teagasg ṁóráin eile fós dó do ṁiniġ sé an siosgéul don ṗobal.
19Agus ar gcur an aġaiḋ Iórúaiṫ an Téatrarca ḋó, fá Heródias bean Ṗilip a ḋearḃraṫar, agus fá gaċ uile olc dá ndearna Iorúaiṫ, 20Do ċuir sé so leis do ḃárr ar gaċ ní, gur ḋúin sé ar Eóin a bpríosún.
21Agus tárla, an tan do baisdeaḋ an pobal uile, agus do ḃí Iósa agá ḃalsdeaḋ, agus ag déanaṁ úrnaiġṫe, gur bosglaḋ neaṁ, 22Agus gur ṫuirrling an Spiorad Náoṁ a ḃfioġair ċorparḋa mar ċolum air, agus do dtáinic guṫ ó neaṁ, ag ráḋ, Is tú mo Ṁac gráḋaċsa; is ionnadsa a tá mo ḋeaġṫoil.
23Agus do ḃí Iosa féin a dtimċioll a ḋeiċmblíaḋan fiċead dáois, ar mbeiṫ (do réir ḃreaṫnuiġṫe na ndáoine) na mbac ag Ióseṗ, ṁic Héli, 24Ṁic Matṫat, ṁic Léḃi, ṁic Melċi, ṁic Ianna, ṁic Ioseṗ, 25Ṁic Matatías, ṁic Amos, ṁic Náum, ṁic Esli, ṁic Nagge, 26Ṁic Máat, ṁic Matatías, ṁic Sémei, ṁic Ióseṗ, ṁic Iúda, 27Ṁic Ioanna, ṁic Résa, ṁic Sorobábel, ṁic Salatíel, ṁic Néri, 28Ṁic Melċí, ṁic Addi, ṁic Cósam, ṁic Elmodam, ṁic Er, 29Ṁic Ióse, ṁic Eliéser, ṁic Iórim, ṁic Matṫat, ṁic Léḃi, 30Ṁic Siméon, ṁic Iúda, ṁic Ióseṗ, ṁic Iónan, ṁic Eliácim, 31Ṁic Meléa, ṁic Mainán, ṁic Matata, ṁic Nátan, ṁic Ḋáiḃi, 32Ṁic Iessé, ṁic Ohéd, ṁic Boós, ṁic Salmon, ṁic Náasson, 33Ṁic Aminadab, ṁic Aram, ṁic Esrom, ṁic Ṗáres, ṁic Iúdah, 34Ṁic Iácob, ṁic Isaac, ṁic Abraham, ṁic Tará, ṁic Náċor, 35Ṁic Sáruċ, ṁic Rágu, ṁic Ṗálec, ṁic Héber, ṁic Salá 36Ṁic Cáinan, ṁic Arṗcsad, ṁic Sem, ṁic Noé, ṁic Lámeḋ, 37Ṁic Matúsala, ṁic Enoċ, ṁic Iáred, ṁic Maleléel, ṁic Cáinan, 38Ṁic Enos, ṁic Séṫ, ṁic Aḋaiṁ, ṁic Dé.

Currently Selected:

Lúcas 3: BedellG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in