YouVersion Logo
Search Icon

Ṁaṫa 19

19
Caibidil XIX
A ttimċioll ḋealuġaḋ, 10 pósaḋ agus geanmnaóiḋeaċt; 10 agus gu ttoirmiscionn gráḋ ṡaiḋḃris, duine ó riġeaċt Dé.
1Agus tarla, an tráṫ do ċrioċnuiġ Iósa na coṁraítesi, gur sgáoil sé on Ġalilé, agus táinic sé go críoċuiḃ Iúdéa tar Iórdan; 2Agus do lean cuideaċda ṁór é; agus do ṡlánuiġ sé íad ann sin.
3Tangadar na Ṗarisíniġ ċuige an tráṫsin, do ċur caṫuiġ air, agus ag ráḋ ris, An ceaduiġṫeaċ do ḋuine a ḃean do léigean trí gaċ uile aḋḃar? 4Agus ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé ríu, A ne nar léaġaḃair, an té do ċruṫuiġe íad ó ṫus gur fear agus bean do rinne sé íad, 5Agus go nduḃairt , Ar a naḋḃarsafúigfiḋ duine a aṫair agus a ṁaṫair, agus ceangalfuiḋ sé ḋá ṁnáoi: agus béid a ráon na neinḟéoil a ṁain? 6Ar a naḋḃarsin ní ḃfuilid feasda na ndís, aċd na néinḟéoil. Uime sin an ní do ċeanguil Díam ná sgáoileaḋ duine é. 7A duḃradarsan ris, Máseaḋ créd far aiṫin Máoisi leitir ḋealuiġṫe do ṫaḃairt, agus ise do léigean? 8A deir seisean riu, Do ḟuluing Máosi ḋáoiḃsi ar son cruáis ḃur gcroiḋeaḋ ḃur mná do léigean: aċd ċeana ní mar sin do ḃí se ó ṫus. 9Aċd a deirimsi riḃ, Giḋ bé neaċ léigfead a ḃean, aċd ar so striopaċuis, agus do ṗosas bean eile, go ndéanann sé aḋaltrannas: agus giḋ bé ṗósas an ḃean do légeaḋ go ndéanann sé aḋaltrannas. 10A deirid a ḋeisciobuil risean, Ma sé sin is cor don ḟior ré na ṁnáoi, ní maiṫ an posaḋ ré a ḋéanaṁ 11Aċd a duḃairt seisean ríu, Ní hé gaċ áonduine ġaḃus an glórsa, aċd an dream dár tugaḋ é. 12Oir a táid dáoine coillte noċ a rugaḋ mar sin as broinn a maṫar: agus a taíd cailltéanuiġ, a gar ḃeanadar daóine asda: agus a táid cailltéanuiġ, do ḃean asda féin ar son na rióġaċda neaṁḋa. Giḋ bé ḟéadus a ġaḃáil ċuige, gaḃaḋ.
13Tugaḋ ċuige an tráṫsin leiniḃ beagam, do ċum go gcuirfeaḋ sé a láṁa orrṫa, agus go ndéanaḋ sé urnuiġe: agus do spreagadar na deisciobuil íad. 14Agus a duḃairt Iosa, Fuilngiḋ do na leanbaiḃ, agus na bacuiḋ ḋióḃ, teaċd ċugamsa: oír is lé na leiṫéidiḃ sin rioġaċd neiṁe. 15Agus tar éis a láṁa do ċur orṫa, do imṫiġ sé as sin.
16Agus, féuċ, a duḃairt neaċ áiriġṫe ag teaċd ċuige ris, A Ṁaiġisdir ṁaiṫ, créd í an ṁaiṫ do ḋéana mé, do ċum go ḃfuiġinn an ḃeaṫa ṁarṫanaċ? 17Agus a duḃairt seisean ris, Créd fá a ngóireann tu maiṫ ḋíomsa? ní ḃfuil éinneaċ maiṫ aċ aṁáin, Día: aċd mas mían leaċd dul ċum na beaṫa, eoiṁéd na haiṫeanta. 18A deir seisean ris, Cía bíad? agus a duḃairt Iósa, Ní ḋéana tú dúnṁarḃaḋ, Ní ḋeana tú aḋaltrannas, Ní ḋéana tú gaduiḋeaċd, ní ḋéana tú fiaḋnuisi bréige. 19Onóruiġ haṫair agus do ṁaṫair: agus, Gráḋuiġ do ċoṁarsa mar ṫú féin. 20A deir an tógánaċ ris, Do ċoiṁéd mé na neiṫeisi uile ó moíge: créd a tá duireasḃuiḋ oram fós? 21A duḃairt Iósa ris, Mas áill leaċd ḃeiṫ diongṁala, imṫiġ reac a ḃfuil agad, agus taḃair do na boċduiḃ é, agus do ġeaḃa tu ionnṁas ar neaṁ, agus tarr, lean misi. 22Agus an tráṫ dó ċúaluiḋ an tógánaċ an coṁraḋsin, do imṫiġ sé go doḃrónaċ: oír do ḃí iomad saidḃris aige.
23Agus a duḃairt Iósa ré na ḋeisciobluiḃ, A deirim riḃ go fírinneaċ, gur ab docoṁlaċ raċas duine saiḋḃir a steaċ a ríoġaċd neiṁe. 24Agus a rís a deirim riḃ, Gur ab usa do ċáṁall dul tré ċró na snáṫuide, ná do ḋuine ṡaiḋḃir dul a sdeaċ go flaiṫeaṁnus Dé. 25Agus ar na ċlos so dá ḋeisciobluiḃ, do ġaḃ iongnaḋ mór íad, ag ráḋ, Ar a naḋḃarsin cía is éidir do ṡlánuġaḋ? 26Agus ar ḃféaċain Diósa orrṫa a duḃairt sé ríu, Ní ḃfuil so ar ċumas do na dáoiniḃ: aċd a tá gaċ uile ní ar ċumas do Ḋía
27Ar ḃfreagra do Ṗeadar an tráṫsin, a duḃairt sé ris, Féuċ, do ṫrégeamairna gaċ uile ní, agus do leanamar ṫusa; ar a naḋḃarsin créd do ġeaḃam? 28Agus a duḃairt Iósa riu, A deirimsi riḃ go deiṁin, An tráṫ ṡuiḋfeas Mac an duine a gcaiṫír a ġlóire féin, go suiḋfiḋ siḃse, do lean misi ann sa naiṫġeineaṁuin mar an gcéadna ar ḋá ċaiṫir ḋéag, ag breiṫ breiṫe ar ḋá ṫreiḃ ḋéag Israel. 29Agus giḋ bé neaċ do ṫréig tiġṫe, nó dearḃráiṫreaċa, nó deirḃṡeaṫraċa, nó aṫair, nó maṫair, nó bean, nó clan, nó dúṫuiḋ ar son manmasa, do ġeaḃa sé a ċead oirid, agus an ḃeaṫa ṁarṫanaċ mar oiḋreaċd. 30Aċd a tá mórán ar tosaċd ḃiás fa ḋeireaḋ; agus fa ḋeireaḋ ḃiás ar tosaċ.

Currently Selected:

Ṁaṫa 19: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in