Ṁaṫa 2
2
Caibidil II
Donoriuġ na draaóiṫe Criosd; 14 Ṫeiġ Ióseṗ leis do Egipt, 16 agus ṁarḃ Ioruaiṫ na leanba.
1Agus an tan do rugaḋ Iósa a Mbetleem ṫíre Iúdaiġe a laiṫiḃ Iorúaiṫ an rí, féuċ, tangadar dráoiṫe ó naird ṡoir Híarusalem, 2Ag ráḋ, Ga háit iona ḃfuil an Rí úd na Niúduiġeaḋ atá ar na ḃreiṫ? óir do ċunncamaírne a réalt san aire ṡoir, agus tangamar dá onóruġaḋ.
3Aċd an tráṫ do ċuálaiḋ an rí Ioruaṫ sín, do ḃí sé ar na ḃúaiḋreaḋ, agus Iárusaleim uile maille ris. 4Agus ar gcruinniuġaḋ úaċdarán na sagart uile ḋó agus sgriobuiḋeaġ an ṗubail, do ḟíafruiġ sé ḋióḃ, Cía a náit ann a mbéarṫáoi Ċriosd. 5Agus a duḃradarsan rís, A Mbeitleem ṫíre Iúdaiġe: óir is mar so atá sé sgrioḃṫa ag an ḃfaiġ, 6Agus tusa a Ḃetleem, talaṁ Iúda, ní tú is Iuġa eidir ḋúiḃciḋiḃ Iúdah: óir is asad ṫiocfas an Duiḃce, sdúireóċus mo ṗubal Israel. 7Agus an sinn do ġoir Iorúaiṫ, na dráoiṫe ós íseal ċuige, agus do ḟíafruiġ sé ḋíoḃ go rouġer cía a naimsear ionar foillsiġeaḋ an réult.
8Agus agá gcur go Beitleem ḋó, a duḃairt sé, Imṫige agus iárruiġ an náoiḋe go díṫċiollaċ; agus tar eís a ḟaġala ḋáoiḃ, innisiġ ḋamsa é, do ċum go raċainnsi féin agus go dtioḃruinn onóir ḋó. 9Agus ar gcuinsin an ríġ ḋóiḃ do imṫiġeadar; agus, féuċ, an réult, do ċunncadar sa náird ṡoir, do ċuáiḋ sé rompa, no go dtaínic sé agus gur ċoṁnuiġ sé ós cionn a nionuid ann a raiḃ an náoiḋeanán. 10Agus ar ḃfaicsin na réilte ḋóiḃ, do ġaḃ gáird gáirdeaċus roṁór iád.
11Agus ar ndul a steaċ don tiġ, fúaradar an náoiḋe a ḃfoċair a ṁarṫar Muire, agus ag tuitiom síos, do onóruiġeadar é: agus an nosglaḋ a gcisdeaġ, ṫugadar tioḋluicṫe ḋó: ór, agus túis agus mirr. 12Agus ar ḃfaġáil teaguisg ó Ḋía a naisling gan casaḋ dionsuiġe Iorúaiṫ, do ḟilleadar a sliġe eile da dtir féin.
13Agus ar nimṫeaċd air a nais doiḃ, feaċ, do toiḃreaḋ aingeal an Tiġearna a mbrionglóid do Ióseṗ, ag raḋ, Eiriġ agus gaḃ anáoiḋeanán agus a ṁaṫair ċugad, agus teiṫ do Néigipt, agus bi ann sin no go Iaḃruiḋ misi riot: óir íarrfuiḋ Iorúaiṫ an náoiḋe do ċum a ṁillte. 14Agus ar néirġe ḋósan, do ġaḃ sé an náoiḋe ċuige agus a maṫair ann sa noiḋċe, agus do imṫiġ sé do Néigipt: 15Agus do ḃí se ann sin go bás Iorúaiṫ: do ċum go gcoiṁlíonfuiġṫe an ní a duḃairt an Tiġearna leis an ḃfaiġ, a deir, Do ġoir mé mo ṁac as a Néigipt.
16Ann sín an tan do ċonnairc Iorúaiṫ, go ndearnadar na dráoiṫe fonóṁad faoi, do las sé lé feirg, agus ar gcur úaḋ, do ṁarḃ sé a raiḃ do leanbaiḃ-fear a Mbetleem, agus ann a teórannaiḃ uile, ó áois ḋá mblíaḋan nó fáoi, do reír na haimsire dfoġluim sé go diṫċiollaċ ó na dráoiṫiḃ. 17Is annsin do coiṁliónaḋ an ní, a duḃairt Ieremías an fáiġ, a deir, 18Do ċlos gurh a Ráma, cáoí, agus gul, agus úallfurtaċ roṁór, Raċel a cáoineaḋ a cloinne, agus níor ḃáil le sólás do ġlacaḋ, tré naċ raḃadar.
19Agus an tan fúair Iorúaiṫ bás, féuċ, do toiḃreaḋ aingeall an Tiġearna a mbriónglóid do Ióseṗ sa Néigipt. 20Ag ráḋ, Eíriġ, gaḃ ċugad an leanaḃ agus a ṁaṫait, agus imṫiġ go talaṁ Israél: óir fúaradar an dream do ḃí ag iárruiḋ anma an leiniḃ bás. 21Agus do eíriġ seisean, agus do ġaḃ sé an leanaḃ agus a ṁaṫair ċuige, agus tainic sé go talaṁ Israél. 22Agus an tan do ċúaluiḋ sé Arċeláus do ḃeiṫ na rí a ttír Iúdaiġe a nionad Iorúaiṫ a aṫar, do ḃí eagla air dul innte: aċd ċeana, ar ḃfaġáil teaguisg ó Ḋía ḋó a mbriongloid, do iompóiḋ sé go críoċaiḃ na Galilé: 23Agus an tan ṫánic sé ann, do ċoṁnuiġ sé sa gcaṫair dá ngoirṫear Násaret: do ċun go gcoṁlíonfuiḋṫe an ní a duḃraḋ ris na fáiġiḃ, Go ngoirfiġe Nasarḋa ḋe.
Currently Selected:
Ṁaṫa 2: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.