Ṁaṫa 21
21
Caibidil XXI
Poimp ríoġaṁail Ċríosd, 12 noċ do sciúrsuiġ luċt gnoṫuiġṫe, as an teampuill, 33 agus ṫairrgir um ḋíoġla na scoló a eúgcoraċ.
1Agus an tráṫ do ḋruideadar ré Híarusalem, agus tangadar go Betṗáge, go slíaḃ na noluiḋeaḋ, ann sin do ċuir Iósa diás deisciobal úaḋ, 2Ag ráḋ ríu, Imḋiġiḋ don ḃaile a tá as ḃur gcoṁair, agus ar an mball do geaḃṫáoi asal ceanguilte ann, agus searraċ na ḟoċair: sgáoiliḋ, agus taḃraiḋ ċugamsa íad. 3Agus má laḃrán áon nduine ní ar biṫ riḃ, abruiḋsi, Go ḃfuil féiḋin ag an Dtiġearna orrṫa; agus léigfiḋ sé uáḋ ar an mball íad. 4Agus táinic so uile ċum críċe, ionnas go gcoiṁlíonfuidṫe an ní a duḃraḋ tres an ḃfáiḋ, a deir, 5Innisiḋ dinġin Ṡion, Féuċ, atá do rí ag teaċd ċugad, go ciúin, ar muin asuil, agus ḃromuiġ searaċ a nasail. 6Agus do imṫiġeadar na deisciobuil, agus do rinneadar mar do aiṫin Iósa ḋíoḃ. 7Agus tugadar an tasail, agus an bromaċ leó, agus do ċuireadar a néaduiġe orrṫa, agus do ċuireadar eisean na ṡuiḋe ar a ṁuin. 8Agus do leaṫnuiġeadar mórán do ḋáoniḃ a mbruit ar a tsliġe; agus do ġearradar drong eile géaga dó ċrannaiḃ, agus do leagadar ar a tliġe íad. 9Agus do ṫógaiḃ an slúaġ do ḃí roiṁe, agus na ḋiáiġ, gáir, ag ráḋ, Hósanna do ṁac Ḋáiḃí: Is beannuiġṫe an té ṫig a nainm an Tiġearna; Hósanna annsna hárdaiḃ. 10Agus ag dul Díosa a sdeaċ go Híarusaléim, do ḃí an ċaṫair uile ar na coṁmbogaḋ, ag ráḋ, Cía he so? 11Agus a duḃairt an coíṁṫionól, A sé so Iósa an fáiḋ ó Násarét na Galilé.
12Agus do ċúaiḋ Iósa a sdeaċ go teampoll Dé, agus do ṫeilg sé amaċ a raiḃ ag reic agus ceannaċ annsa teampoll, agus do ṫeilg sé buird luċd malarta a nairgid air lár, agus caiṫreaċa luċd reacṫa na gcolum, 13Agus a duḃairt sé ríu, Atá sgríoḃṫa, Goirfiḋṫear teaċ urnuiġṫe dom ṫeaċsa; aċd do rinneaḃairsi tuiníḋe bioṫaṁnaċ ḋe. 14Tangadar ċuige an tráṫsin doill, agus bacaiġ annsa teampoll; agus do ṡlánaiġ sé íad. 15Agus an tan do ċonncadar úaċdaráin na sagart agus na sgríobuiḋe na míorḃuile do rinne sé, agus na leiniḃ ag éiġṁe sa teampoll, agus ag ráḋ, Hósanna do ṁac Ḋáiḃí; Do ġaḃadar ċuca go feargaċ é, 16Agus a duḃradar ris, An gluin tú créd a deirid an ṁuinntirso? Agus a deir Iósa ríu, Do ċluinim; a né nar léaġaḃair, As béul leanaḃ agus náoiḋeanán cíċe do ċrioċnuiġ tú moláḋ? 17Agus ar na ḃfágḃáil, do ċúaiḋ sé amaċ as an gcaṫraiġ go Betánia; agus do ḟan sé ann sin.
18Agus ag filleaḋ ḋó ċum na caṫraċ ar maidin, do ġaḃ ocarus é. 19Agus a núair do ċonnairc sé crann fige ar a tsliġm táinic sé ċuige, agus ní ḟúair sé ní ar biṫ air, aċd duilleaḃar a ṁáin, agus a deir sé ris, Nar ḟása toraḋ ó so amaċ go bráṫ ort, Agus ċrión an crann fíge ar an mballsin. 20Agus ar na ḟaicsin do na deisciobluiḃ, do ġaḃ iongantus íad, ag ráḋ, Cionnus do ṁeaṫ an crann fige ar an mball! 21Agus ar ḃfreagra Diósa a duḃairt sé riu, A deirim riḃ go firinneaċ, Má ḃíonn creideaṁ agaiḃ, agus naċ ccuirfiṫí cunntaḃairt ann, ni hé a ṁáin a nísi ṫárla don ċrann fíge do ḋéanṫáoi, aċd mar an gcéadna má a dearṫáoi ris an tslíaḃso, Tógṫar ṫú, agus teilgṫear ann sa ḃfairge ṫú; bíaiḋ sin deanta. 22Agus giḋ bé ar biṫ neiṫer, iárrfuiḋṫe an ḃur nurnuiġe má ċreidtí, do ġeaḃṫáoi íad.
23Agus an tráṫ ṫáinic sé don teampoll, tangadar úaċdaráin na sagart agus sinnsear ṗobuil ċuige agus é ag teagasg, ag ráḋ ris, Créd é an tuġdarrás ré a ndéanann tusa na neiṫesi? agus cía ṫug na cuṁaċdasa ḋuit? 24Agus ar ḃfreagra Diósa a duḃairt sé ríu, Fíafróċuiḋ misi mar an gcéadna ḋíḃsi ní aíriġṫe, agus dá ninnisdi ḋaṁ é, innéosuiḋ misi ḋáoiḃsi mar an gcéadna cía an tuġdarás ré a ndéanuim na neiṫesi. 25Ga háiṫ as, a dtaínic baisdeaḋ Eóin? ó neaṁ, no ó ḋáoiniḃ? Aċd do smuaineadarsan ionnta féin, ag ráḋ, Má deirmíd, O neaṁ; a déara sé rinn, Ar a naḋḃarsin créd fa nar ċreideaḃairse ḋo? 26Agus má deirmid, O ḋáoiniḃ; a tá eagla an ṗobail oruinn; óir atá meas fáiḋe ag gaċ uile ḋuine ar Eoin. 27Agus ag taḃair freagara ar Iósa, a duḃrádar, Ní ḃfuil a ḟios aguinn. Agus a duḃairt seisean ríu, Ní mó innéosadsa ḋáoiḃse cía an túġdarrás ré a ndéanuim na neiṫesi.
28Aċd créd do cíṫear ḋáoiḃsi? Do ḃádar días mac ag duine aíriġe; agus ag teaċd dionnsuiġe an ċédṁic, a duḃairt sé, A ṁic, imṫiġ déana obair a niu am ḟineaṁain. 29Ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé Ní ḋéanad: aċd na ḋiáiġ sin an tráṫ do ġaḃ aiṫreaċas é, do imḋiġ sé. 30Agus ag teaċd gus an dara mac, a duḃairt sé mar an gcéadna. Agus ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé, Do ḋéan, a tiġearna: giḋeaḋ niór imṫiġ sé. 31Cía don dísse do rinne toil a aṫar? A deiridsean ris, An céadḟear. A deir Iósa ríusan, A deirimse riḃ go fírrinneaċ, Go dtéid na publicáin agus na sdríopaċa roṁaiḃsi go flaiṫeas Dé. 32Oír ṫáinic Eóin ċugaiḃ a sliġe na córa, agus niór ċreideaḃair ḋó: aċd do ċreideadar na puiblicain agus na sdríopaċa ḋó: aċd gé do ċonncaḃairsi so, ní ḋearnaḃair aiṫriġe na ḋíaiġ sin, do ċum go gcreidfeaḋ siḃ ḋó.
33Eísdiġ ré cosaṁlaċd eile: Do ḃí fear tiġe áiriġṫe ann, do ċuir fíneaṁuin, agus do ċuir sé fál na timċeall, agus do ṫoċail sé ionad brúiġte an ḟiona innte, agus do ṫogaiḃ sé tor, agus tug sé do sgológaiḃ ar ċiós í, agus do imṫiḋ sé féin a gcoigcríċ: 34Agus an tráṫ do ḋruid aimsear na dtórṫa riu, do ċuir sé a ṡeaḃḟoġantuiḋe ċum na sgológ, do ġlacaḋ na dtórṫa. 35Agus rugadar na sgológa ar a ṡearḃfoġantuiḋiḃ, agus do ġaḃadar ar ḟear ḋióḃ, agus do ṁarḃadar fear eile, agus do ġaḃadar do ċloċaiḃ ar ḟear eile. 36A ris, do ċuir sé searḃḟoġantuiḋe eile úaḋ búḋ lía na an ċéadċuideaċda: agus do rineardarsan mar an gcéadna ríu. 37Agus fa ḋeireaḋ do ċuir sé a ṁac féin ċuca, ag ráḋ, Do ḃéaruid sías onóir dom ṁac. 38Agus ar ḃfaicsin an ṁic do ba sgológaiḃ, a duḃradar eatorra féin, A sé so an toíġre; tigiḋ, marḃam é, agus congḃam a oiḋreaċd. 39Agus ar mbreiṫ air, do ṫeilgeadar as an ḃfíneaṁuin a maċ é, agus do ṁarḃadar é. 40Ar a naḋḃarsin an tráṫ ṫiocfas tiġearna na fíneaṁna, créud do ḋéana sé ris na sgológaiḃ úd? 41A deiridsean ris, Sgriosfuiḋ sé go díoġaltaċ na droċḋáoine úd, agus do ḃéara sé a ḟineaṁuin ar ċíos do sgológaiḃ eile, do ḃéara na tórṫa ḋó an a naimsearaiḃ féin. 42A deir Iósa ríu, Nar léaġaḃair a ríaṁ ann sna sgrioptúraiḃ, An ċloċ do ḋiúltadar na sáoir, a si a tá ar ne déanaṁ na ceann ann sa ċúaínne: a sé an Tiġearna do rinne so, agus a tá sé iongantaċ ann ar súiliḃne? 43Ar a naḋḃarsin a deirim riḃ, Go dtoigéoḃṫar rioġaċd Dé úaiḃsi, agus go dtioḃarṫar í so ċineaḋ ḃéara toraḋ úaṫa. 44Agus giḋ bé neaċ ṫuitfeas ar an gcloiċse, brisfiṫear é: agus gioḋ bé ar a dtuitfi sí, do ḋéana sí mionluaiṫreaḋ ḋe. 45Agus an tráṫ do ċúaladar úaċdaráin na sagart agus na Ṗairisiniġ an ċosṁalaċd sin, do aiṫniġeadar gur ab na dtimċeall féin da laḃair sé. 46Agus an tráṫ do ṡantuiġeadar breiṫ air, do ḃí eagla an ṗobail orrṫa, óir do ḃí meas fáiḋe aca airsean.
Currently Selected:
Ṁaṫa 21: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.