Ṁaṫa 23
23
Caibidil XXIII
Teagasg agus caiṫeaṁ beaṫa na Bparisineaċ, ar na mion-ḟoillsiuġaḋ
1Do laḃair Iósa an tráṫsin ris an bpobal, agus ré na ḋeiscíobluiḃ féin, 2Ag ráḋ, A táid na sgríobuiḋe agus na Ṗairisíniġ na suiḋe a gcaiṫir Ṁáoisi: 3Ar a naḋḃarsin gaċ uile ní a déaruid síad ríḃ do ċoiṁéad, coiṁéaduiḋ agus déanaiḋ íad; aċd ná déanuiḋ do réir noibriġṫe: oír a deirid síad, agus ni ḋéanuid. 4Oir ceangluid úaluiġe troma dóiomċuir, agus cuirid íad ar ṡlinnéanuiḃ na ndáoine; giḋeaḋ ní hail léo féin cor do ċur ḋíoḃ ré háon da méaruiḃ. 5Aċd ċeana is do ċum go ḃféaċfaidís dáoine órrṫa do níd síad a noibriġṫe uile: óir do níd síad a ḃṗiolactériġe leaṫna, agus do níd síad imeal a neaduiġeaḋ taiḋḃseaċ. 6Agus as ionṁuin léo an céadionad suiḋe ann sna féasduiḋiḃ: agus na céadċaiṫíreaċa annsna coiṁṫionóluiḃ. 7Agus fáiltiġe dfaġáil ar na marguiḋiḃ, agus dáoine do ġairm, Rábbi, Rabbi, ḋióḃ. 8Aċd ná goirṫear Rábbi ḋíḃsi: oír is aón Ṁaiġisdir a tá agaiḃ, Criósd; agus is dearḃráiṫreaċa ḋá ċéile siḃ féin uile. 9Agus na goiriḋ ḃur naṫair do ḋuine ar biṫ ar talaṁ: oír is áon Aṫar a tá agaiḃ, noċ a tá ar neaṁ. 10Na goirṫear doctúiriḋe ḋíḃ: óir is áon Ndoctúir a tá agaiḃ, Criósd. 11Aċd an té is mó eadruiḃ, bioḋ sé na óglaċ aguiḃ. 12Oír gioḋ bé áirdeoċus é féin ísleoċṫar é; agus gioḋ bé ísleoċas é féin, airdeoċṫar é.
13Aċd is anáoiḃinn dáoiḃsi, a sgriobuiḋe agus a Ḃṗairisíneaċa, a luċd an ḟúarċráḃuiḋ! do ḃríġ go ndruigṫí rioġaċd neiṁe rés na ndáoiniḃ: oír ní ṫéiġṫí féin a sdeaċ, agus ní ḟuilngṫí don luċ a tá ag dul a sdeaċ dul ann. 14Is anáoiḃínn dáoiḃ, a sgríobuiḋe agus a Ḃṗairisíneaċa, a luċd an ḟúarċráḃaiḋ! oír iṫtí tíġe na mbaintreaḃaċ, agus sin fós ar sgáṫ ḃeiṫ go fada ar urnuiġe: ar a ṡon so do geaḃṫáoi an breiṫeaṁnus is truime. 15Is anáoiḃinn dáoiḃ, á sgríobuiġe agus a Ḃṗairisíneaċa, a luċd an ḟuarċráḃaiḋ! oír gaḃṫáoi timċeall mara agus tire do ċum ndéunaḋ siḃ áonnduine air ḃur riaġail féin, agus an tráṫ ḃíos sé déanta, do níṫí mac ifeirnn de ní sa ṁo fá ḋó ná ḋíḃ féin. 16Is anáoiḃinn dáoiḃ, a ṫréoruiġṫe dalla, noċ a deir, Giḋ bé duine ḃéaras an teampoll mar ṁionna, ni ní ar bíṫ é; aċd giḋ bé ḃéaras ór an teampoill mar ṁionna, a ta sé cionntaċ! 17A ḋáoine leaṁa agus dalla: an mó an tór, ná an teampoll náoṁas an tór? 18Agus, Giḋ bé duine ḃéaras a naltór mar ṁionna, ni ḃfuil éfeaċd ann; aċd giḋ bé duine ḃéaras an tioḋlacaḋ atá uirrṫe mar ṁionna, do ní sé coir. 19A ḋáoine leaṁa dalla: an mó a nóṫráil, ná a naltóir naoṁas noṫráil? 20Ar a naḋḃarsin giḋ bé ḃeir a naltóir mar ṁionna, do ḃeir sé í féin, agus gaċ ní ḋá ḃfuil uirrṫe mar ṁionna. 21Agus giḋ bé ḃéir an teampoll mar ṁionna, do ḃeir sé é féin, agus an té a tá na ċoṁnuiḋe ann mar ṁionna. 22Agus giḋ bé neaċ do ḃeir neaṁ mar ṁionna do ḃeir sé caiṫír Dé, agus an tí a tá na ṡuiḋe uirrṫe mar ṁionna.
23As anáoiḃinn dáoiḃ a sgríobuiḋe agus a Ḃṗairisíneaċa, a luċd an ḟúarċráḃaiḋ! oír gaḃṫáoi deaċṁuiḋ an ṁionntais agus na hainíse agus an ċoimin, agus leigṫí ṫaruiḃ an ċuid is táḃaċduiġ don dliġeaḋ, coṁṫrom, agus trocaire, agus firinne: do buḋ coir ḋáoiḃ íad so do ḋéanaṁ, agus gán íad súd dfágḃáil gan déanaṁ. 24A ṫreoruiġṫe dall, sgagus an ṁíoltóg, agus ṡluigeas an cáṁall. 25As anáoiḃinn dáoiḃ, a sgríobuiḋe agus a Ḃṗairisíneaċa, a luċd an ḟúarċráḃaiḋ! oír glantáoi an ċuid a muiġ do ċupán agus do ṁéis, aċd a táid síad táoḃ a sdiġ lán do ṡracaireaċd agus déagcóir. 26A Ḃṗairisíniġ ḋoíll, glan ar tús an ċuid a sdiġ don ċupan agus don ṁéis, do ċum go mbiaḋ an táoḃ a muiġ ḋíoḃ glan mar an gcéadna. 27Is anáoiḃinn dáoiḃ a sgríobuiḋe agus a Ḃṗairisíneaċa, a luċd an ḟuarċraḃuiḋ! oír is cosṁuil siḃ ré túamiḋiḃ geala a tá deaġṁaiseaċ don taóḃ a muiċ, agus a tá a sdíġ lán do ċnáṁaiḃ dáoine marḃ, agus dá gaċ uile ṡalċar. 28Is mar an gcéadna a táṫáoisi leiṫ a muiċ a ḃfíaḋnuisi na ndáoine ḃar ḃfíreanċuiḃ, aċd don táoḃ a sdiġ a táṫáoi lán dfúarċráḃaḋ agus déagcoir. 29Is anáoiḃinn dáoiḃ a sgríobuiḋe, agus a Ḃṗairisíneaċa, a luċd an ḟúarċráḃuiḋ! oír do niṫí túamuiḋe do na fáiḋiḃ, agus deaġṁaisiġṫí leaċduiġe na ḃfíréanaċ, 30Agus a deirṫí, Da mbémis ann a láeṫiḃ ar naiṫreaċ, ní ḃémis pairteaċ ríu a ḃfuil na ḃfáiḋeaḋ: 31Agus is mar sin do níṫí fíaḋnuisi ḃar naġuiḋ féin, gur ab siḃ clan na muinntire úd do ṁarḃ na fáiḋe. 32Agus líonuiḋsi mar an gcéadna miosúr ḃar náiṫreaċa féin. 33A aiṫreaċa neiṁe, a ṡiól na naiṫreaċ neiṁe, coinnas is éidir liḃ teiṫeaḋ ó ḋamnuġaḋ ifeirn?
34Ar a naḋḃarsin, féuċ cuirimse ċugaiḃ fáiḋe, agus daoine glioca, agus sgríobuiḋe: agus cuirfiḋísi ċum báis, agus croċfuiḋṫí cuid ḋíoḃ; agus sgiúrsfuiṫi cuid éile ann ḃur síonagogaiḃ, agus díbéorṫáoi íad ó ċaṫair go caṫair: 35Do ċum go dtiocfaḋ oruiḃ gaċ uile ḟuil ḟiréanta dar dóirteaḋ ar an dtalaṁ, ó ḟuil Abél ḟíréanta go fuil Ṡaċarías ṁic Baraċías, noċ do ṁarḃaḃairsi eidir an teampoll agus a naltóir. 36Go fírinneaċ a deirimsi riḃ, Go dtiocfuid na neiṫesi uile ar an dínesi.
37A Iérusaléim, A Iérusaléim, ṁarḃus na fáiḋe, agus ġaḃus do ċloċuiḃ ar an luċd ċuirṫear a ttíonsaiḋ, créd a ṁiónca do buḋ áill leam do ċlann do ċruinníuġaḋ re ċeile, mar ċruinniġeas an ċearc a gearrcuiġ fa na sgiaṫánaiḃ, agus níor ḃáill leaċd! 38Féuċ, fágfuiṫear ḃur dtiġ agaiḃ na ḟásaċ. 39Oir a deirimsi riḃ, Naċ ḃfaicfiṫí misi feasda, no go nabarṫáoi, Is beannuiġṫe an tí ṫig a nainm an Tiġearna.
Currently Selected:
Ṁaṫa 23: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: