YouVersion Logo
Search Icon

Ṁaṫa 25

25
Caibidil XXV
Cosṁalaċt na ndeiċneaḃar maiġdian, 14 na ttallanna, 31 agus foirm an ṁoir-ḃreiṫeaṁnuis.
1Ann sin buḋ cosṁuil ríoġaċd neime ré deiċneaḃar maiġdean, do ġlac a lampuiḋe, agus do ċúaiḋ a maċ do ṫeagṁáil ar an ḃfear núaṗósda. 2Agus do ḃí cúigear ḋióḃ glic, agus cúigear eile oínṁídeaċ. 3Agus an ċuid do ḃí oinṁideaċ ar nglacaḋ a lampuiḋe, ní rugadar ola léo: 4Aċd an ċuid do ḃi glic rugadar ola ann a soiṫiġiḃ léo ré cois a lampuiḋe. 5Agus ar ndéanaṁ moille don ḟior núaṗósda, do ṫuit smédearnaċ ċodalta orrṫa uile agus do ċodladar. 6Agus ann sa ṁeaḋón oiḋċe, do rinneaḋ gáir, Féuċ, a tá an fear núaṗósda ag teaċd; imḋiġiḋ a maċ do ṫeagṁáil air. 7Agus sin do eirġeadar na hóġa uile, agus do ḋeasuiġeadar a lampuiḋe. 8Agus a duḃradar na hoínṁide an gcuid nglic, Taḃruiḋ ḋúinne cuid da ḃur nola; oír a táid ar lampuiḋene ar ndul as. 9Aċd do ḟreagradar an ċuid glic, ag rádin, Ar eagla naċ mbiaḋ ar sáiḋ aguinn féin agus aguiḃsi: imḋiġsi ní as táosga ċum na gceannuiġṫeaḋ, agus ceannċuiġe ola ḋíḃ féin. 10Agus an feaḋ do ḃádar ag dul do ċeannaċ, táinic an fear núaṗósda; agus an ċuid úd do ḃí ullaṁ, do ċúadar leis a sdeaċ ċum an ṗósda: agus do híaḋaḋ an dorus. 11Agus na ḋíaiġsin tángadar na hóġa eile mar an gceadna, ag ráḋ, A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, osguil dúinne. 12Agus ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé, Go fírinneaċ a deirim riḃ, Naċ ḃfuil a ḟios agam cía siḃ. 13Ar a naḋḃarsin déanuiḋ faire, oír ní ḃfuil fios an láoi ná na húaire agaiḃ an a dtiocfuiḋ Mac an duine.
14Oír ata ríoċd neiṁe aṁuil as do ġoir duine ag dul a gcoigcríċ, a ṡearḃḟoġantuiḋe ċuige, agus tug sé a ṡaiḋḃreas dóiḃ. 15Agus tug sé cúig tallanna do ḋuine aca, agus do ḋuine eile a dó, agus a háon do ḋuine eile; do ġaċ neaċ do réir a acfuinne; agus ar an mball do imṫiġ sé a gcoigcríċ. 16Agus do imṫiġ an té fúair na cúig talanna, agus do rinne sé ceannuiġeaċd léo, agus do ġnoḋuiġ sé cúig tallanna eile leó. 17Agus ar an nós céadna an té fúair an dá ṫallainn, do ġnoḋuiġ séisean da ṫalluinn eile. 18Aċd do imṫiġ an té úd fúair a náon tallunn, agus do rinne sé toċuilt ann sa talaṁ, agus do ḟoluiġ sé airgead a ṫiġearna ann. 19Agus tar éis aimsire faide ṫáinic tiġearna na searḃḟoġantuiḋeaḋ úd, agus do ní sé cúntus ríu. 20Agus ar dteaċd don té fúair na cúig tallana tug sé cúig tallanna eile leis, ag ráḋ, A ṫiġearna, cúig tallana tug sé cúig tallanna eile leis, ag ráḋ, A ṫiġearna, cúig tallanna tug tú ḋaṁsa: féuċ, do ġnoḋuiġ mé cúig tallanna eile léo. 21Agus a duḃairt a ṫiġearna ris, Is maiṫ sin, a ṡearḃḟoġantuiḋe ṁáiṫ ḟírinniġ: do ḃí tu ionnruic ar ḃeagán, cuirfuḋ mé ós cionn ṁóráin ṫú: imṫiġ a sdeaċ a ngáirdeaċus do ṫiġearna féin. 22Agus ar dteaċd ċuige don té úd fúair an dá ṫallann ṫug tú ḋaṁsa: féuċ, do ġnoḋuiġ mé ḋá ṫallann eile léo. 23A duḃairt a ṫiġearna ris, Is maiṫ sin, a ṡearḃḟoġantuiḋe ṁaiṫ ionnruic; do ḃí tu ionnruic a mbeagan, cuirfiḋ misi ós cionn ṁoráin ṫú: imṫiġ a sdeaċ a ngáirdeaċas do ṫiġearna féin. 24Agus ar dteaċd don té úd fúair a náontallon a duḃairt sé, A ṫiġearna, do ḃí a ḟios agam gur ḋuine crúaiḋ ṫú, ḃéanus ann sa náit na ċuir tú siól, agus ċruinniġeas ann sa náit naċ ar eaṫnuiġ tú: 25Uime sin do ġaḃ eagla misi, agus do imṫiġ mé agus do ḟoluiġ mé do ṫallánn ann sa talaṁ: féuċ, ag sin do ċuid féin agad. 26Agus ar ḃfreagra ḋá ṫiġearna, a duḃairt sé ris, A ḋroiċṡearḃḟoġantuiḋe ḟallsa, do ḃí a ḟios agad go mbeanuimsi ann sa náit naċ ndearna mé siólċur, agus go gcruinniġim ann sa náiṫ nar leaṫnuiġ mé: 27Uime sin do buḋ coir ḋuitsi mo ċuid airgid do ṫaḃair do luċ iomluit, agus ag teaċd daṁ do ġeaḃuinn mo ċuid féin maille lé biseaċ. 28Ar a naḋḃarsin beanuiġ ḋe an tallann, agus taḃruiġ é don tí úd aga ḃfuilid ne deiċ dtallanna. 29(Oir do ḃéarṫar do ġaċ ḋuine agá ḃfuil , agus bíaiḋ a ṡáiṫ aige: aċd an té a tá gan ní aige toigeḃṫar úaḋ fós an ní a tá aige.) 30Agus teilgiḋ an searḃḟoġantuiḋe neaṁṫarḃaċ ann sa dorċadus a tá leiṫ a muiċ: mar a mbía gul agus giósgan fíacal.
31Agus an tráṫ ṫiocfas Mac an duine an a ġlóir féin agus na haingil náoṁṫa uile maille ris, ann sin suiḋfiḋ sé ar ċaiṫír a ġlóire féin: 32Agus cruinnéoċṫar na huile ċiniḋeaċa an a ḟíaḋnuisi: agus dealóċuiḋ sé ó ċéile íad, mar ḋealuiġeas an táoġaire na cáoiriġ ó na meannáin: 33Agus cuirfiḋ sé na cáoiriġ ar a láiṁ ḋeis, agus na meannáin ar a láiṁ ċlé. 34Ann sin a déara an Rí ris an luċd ḃías air a láiṁ ḋeis, Tigiḋ, a ḋáoine beannuiġṫe Maṫarsa, gaḃuiḋ ċugaiḃ óiġreaċd na ríoġaċda a tá ar na hullṁuġaḋ ḋáoiḃ ó ṫosaċ an doṁuin: 35Oír do ḃí ocarus oram, agus tugaḃair ní ré a iṫe ḋaṁ: do ḃí tart oram, agus tugaḃair deoċ ḋaṁ: do ḃí mé am ḋuine coigcríċe, agus tugaḃair áoiḋeaċd ḋaṁ: 36Do ḃí mé lomnoċd, agus do ċuireaḃairsi éadaċ umam: do ḃí mé tinn, agus tangaḃair dom ḟéaċuin: do ḃí mé a bpríosún, agus tangaḃuir dom ionnsaiḋ. 37Ann sin freagóruid na fíréanuiġ é, ag ráḋ, A Ṫiġearna, gá húair do ċoncamairne ocaras ort, agus do ṡásamar ṫu? nó tart ort, agus tugamar deoċ ḋuit? 38Agus gá húair do ċonncamar ad ċoigcríċ ṫú, agus tugamar áoiḋeaċd ḋuit? nó lomnoċd, agus do ċuireamar éadaċ umad? 39Nó gá húair do ċonncamar tinn, no a bpríosún ṫú, agus tangamar ċugan? 40Agus freagóruiḋ an Rí agus a déara sé ríu, A deirim riḃ go fírinneaċ, An feaḋ do rinneaḃair é don duine is luġa do na dearḃráiṫreaċaiḃsi agumsa, go ndearnaḃair ḋaṁsa é. 41Ann sin a déara sé mar gcéadna ré luċd na láiṁe clí, A ḋáoine malluiġṫe, imṫiḋiḋ úaim ann sa teiniḋ ṡiorruíḋe, atá ar na hullṁuġaḋ don diaḃal agus dá aingliḃ: 42Oír di ḃí mé ocraċ, agus ní ṫugaḃair bíaḋ ḋaṁ: do ḃí tart oram, agus ní ṫugaḃuir deoċ ḋaṁ: 43Do ḃí mé coigcríċe, agus ní ṫugaḃair áoiḋeaċd ḋaṁ: do ḃí mé lomnoċd, agus níor ċuireaḃair éadaċ umam: do ḃí me éagcrúaiḋ, agus a bpríosún, agus ní ṫangaḃair dom ḟéaċuin. 44Ann sin do ḃéaruid siádsan mar an gcéadna freagra air, ag ráḋ, A Ṫiġearna, gá húair do ċonncamairne ocaraċ, nó tartṁar, ná ad ḋéoruiġ, no lomnoċd, nó éagcrúaiḋ, no a bpríosún ṫú, agus naċ dearnamar frioṫolaṁ ḋuit? 45Ann sin do ḃéara seisean freagra orrṫa, ag ráḋ, A deirim riḃ go firinneaċ, An ṁéid naċ dearnaḃair é déinneaċ do ṁuinntir roiḃigsi, naċ ndearnaḃair ḋaṁsa é. 46Agus iméoċuid so bpiannuid ṡíorruiḋe: aċd iméoċuid na fíréunuiġ do ḃeaṫuiġ ṁarṫanuiġ.

Currently Selected:

Ṁaṫa 25: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in