YouVersion Logo
Search Icon

Ṁaṫa 26

26
Caibidil XXVI
Na preafáide ar ṗáis Ċriosd, 26 Agus orduġaḋ na comainiġ náoṁṫa.
1Agus tárla, an tan do ċríoċnuiġ Iósa na bríaṫrasa uile, go nduḃairt sé ré na ḋeisciobluiḃ, 2A tá a ḟios agaiḃ go ḃfuil an ċaísg tair éis dá lá, agus go dtioḃarṫar Mac an duine dá ċroċaḋ. 3Ann sin do ċruinniġeadar úaċdaráin na sagart, agus na sgríobuiḋe, agus seinnsir an ṗobuil, go halla a nárdṡagairt, dá ngoiṫior, Cáiaṗas. 4Agus do rinneadar coṁairle ré ċéile do ċum go mbéaraidís ar Iósa a ḃfeill, agus go muirfidís é. 5Aċd a duḃradar, Na déanam é ann sa ḃféasda, deagla go mbíaḋ búaiḋreaḋ a measg an ṗobuil.
6Agus an tráṫ do ḃí Iósa a Mbetáinia a dtiġ Ṡimóin an lóḃair, 7Tainic bean ċuige agá raiḃ bocsa dola rouásuil, agus do ḋóirt sí é ar a ċeannsan, agus é na ṡuiḋe ar an mbórd. 8Agus ar na ḟaicsin sin dá ḋeisciobluiḃsean, do rinneadur míċeudfuiḋ, ag ráḋ, Créd da ḃfoġnann an diomḃoilsi? 9Oír do béidir a nolasa do reic ar ṁórán, agus a ṫaḃair do na boċduiḃ. 10Agus an tan do aiṫin Iósa so, a duḃairt sé ríu, Créd fa gcuirṫí búaiḋreaḋ ar an mnáoi? oír do rinne sí obair ṁaiṫ am ṫimċeallsa. 11Oír béid boiċ do ġnáṫ agaiḃ; aċd ní ḃía misi do ġnáṫ ḃur ḃfoċair. 12Oír ar ndórtaḋ na holasa ar mo ċorpsa ḋí, is fa ċoṁair maḋluice do rinne sí é. 13A deirim riḃ go fírinneaċ, Giḋ bé ar biṫ ball ar feaḋ an doṁuin, a ndéantar an sóisgéulsa do ṡeanmóir, go naiṫréosdar mar an gcéadna an nisi do rinne an ḃeansa, mar ċuiṁne uirrṫe.
14Ann sin do imṫiġ fear don dá ḟear ḋég, dar ab ainm Iúdas Iscairiótes, ċum úaċdarán na sagart. 15Agus a duḃairt sé ríu, Créd do ḃéarṫáoi ḋaṁsa, agus braiṫfiḋ mé ḋáoiḃ é? Agus do ṁeaḋuiġeadar ḋó deíċ ḃpíosa ḟiċead airgid. 16Agus ó sin a maċ, do íarr sé úain airsean do ḃraṫ.
17Agus an ċéad a naráin gan laiḃín tangadar a ḋeisciobuil ċum Iósa, ag ráḋ ris, Cía a náit an as toil leaċd sinne do ḋéanaṁ ullṁuiġṫe ḋuit do ċaiṫeaṁ na cásga? 18Agus a duḃairt seisean, Imḋiġ don ċaṫruiġ go duine áiriġe, agus abruiḋ ris, A deir an Maiġisdir, A tá maimsear ag drud riom; is ad ṫiġsi do ḋéana mé fein agus mo ḋeisciobuil an ċáisg. 19Agus do rinneadar na deisciobuil mar do aiṫin Iósa ḋíoḃ; agus do ullmuiġeadar an ċáisg.
20Agus an tan do ḃí deireaḋ an láoi ann, do ṡuiḋ sé a ḃfoċair an dá ḟear ḋéug. 21Agus ar mbeiṫ ag iṫe bíḋ ḋóiḃ, a duḃairt sé, A deirim riḃ go firinneaċ, go mbraiṫfi fear ḋíḃ misi. 22Agus do ġaḃ doḃrón roṁór íadsan, agus do ṫionnsgain gaċ duine aca fá leiṫ a ráḋ ris, An misi é, a Ṫiġearna? 23Agus ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé, An té ṫumas a láṁ ann sa méis am ḟoċairsi, a sé ḃraiṫfeas misi. 24Go deiṁin a tá Mac an duine ag imṫeaċd do réir mar sgríoḃṫar air, aċd is anáoiḃinn don té lé mbraiṫtear Mac an duine! do buḋ maiṫ dó naċ béarṫáoi é. 25Agus ar ḃfreagra do Iúdas, do ḃraiṫ eisean, a duḃairt sé, An misi é, a Ṁáiġisdir? A duḃairt seisean ris, A duḃairt tú é.
26Agus ar mbeiṫ ag iṫe bíḋ ḋóiḃ, do ġlac Iósa arán, agus tar éis a ḃeannuiġṫi, do ḃris, agus tug sé ḋá ḋéisciobluiḃ é, agus a duḃairt sé, Glacuiḋ, iṫiḋ; a sé so mo ċorpsa. 27Agus ar mbreíṫ ar an gcupan dó, agus ar dtaḃairt buiḋeaċuis, tug sé ḋóiḃ é, ag ráḋ, Iḃiḋ uile as so; 28Oír is í so mfuilsi na tiomna núaiḋe, ḋoírtear ar som ṁóráin ċum maiṫeaṁnuis na bpeacaḋ. 29A deirim riḃ, Uaḋ só súas ni íoḃa mé don toraḋsa na fíneaṁna, go soiṫe an lá úd an a nioḃa mé é go nuá máille riḃsi a rioġaċd Maṫar.
30Agus a núir do ċánadar salm, so ċúadar a maċ go slíaḃ na noluiḋeaḋ. 31Ann sinn a deir Iósa ríu, Do ġeaḃṫáoi uile oilḃéim ionnamsa a noċd: oír a tá sgríoḃṫa, Buailfiḋ mé an táoḋuire, agus scabfuiḋṫear cáoiriġ an tréada. 32Agus tar éis misi eiseirġe, raċuiḋ mé roṁuiḃ don Ġalilé. 33Agus ar ḃfreagra do Ṗeadar a duḃairt sé ris, Da mbeiṫ go ḃfuiġidis cáċ uile oilḃéim ionnad, ni ḃfuiġe misi oilḃéim ionnad go bráṫ. 34A duḃairt Iósa risean, A deirim riot go fírinneaċ, Suil ġláoiḋfeas an coileaċ a noċd, séanfa tú mé trí húaire. 35A deir Peadar ris, Go deiṁin más éigin daṁ bás dfulang ad ḟóċair, ní ṡéanfa mé ṫú. Agus a duḃradar na deisciobuil uile mar an gcéadna.
36Do ċúaiḋ Iósa léo an traṫsin do nionad dá ngoirṫear Gétsémane, agus a deir sé ré na ḋeisciobluiḃ, Suiḋiġsi ann so, go ndeaċa misi do ḋéanaṁ urnuiġṫe ann súd a nunn. 37Agus ar mbreiṫ Ṗeadair agus deisi mac Sebedeí leis, do ṫionnsgain sé ḃeiṫ go dobrónaċ agus go roṫuirseaċ. 38Ann sin a deir sé ríu, A tá manám lán do ḋobrón, go soiṫe an ḃás: fanuiḋsi ann so, agus déanaiḋ faire am ḟoċair. 39Agus ar nimṫeaċd dó beagán as sin, do leig sé é féin siós ar a aġuiḋ, ag déanaṁ urnuiġe, agus ag ráḋ, A Aṫair, mas éidir é, gaḃaḋ an cupánsa ṫoramsa: aċd ċeana na bíoḋ sé már is toil leamsa, aċd mar is áill leatsa. 40Agus tig sé ċum a ḋeisciobal, agus do ġeiḃ sé na gcodlaḋ íad, agus a deir sé ré Peadar, An mar sin, nar ḃéidir liḃ faire do ḋéanaṁ áonuáir a ṁáin am ḟoċairsi? 41Déanuiḋ faire agus urnuiġṫe, do ċum naċ ttuitfeaḋ siḃ a gcaṫuġaḋ: A tá an spiorad go deiṁin ullaṁ, aċd a tá an ċolann anḃfann. 42Do imṫiġ sé an dara húair, agus do rinne sé urnuiġṫi, ag ráḋ, A Aṫair, má tá naċ éidir leis an gcupánsa dul ṫoram, gan mé ḋá ol, deantar do ṫoilse. 43Agus ar dteaċd ḋó fúair sé a ris na gcodlaḋ íad: oír do ḃádar a súile tróm. 44Agus ar na ḃfagḃáil, do imṫiġ sé a rís, agus do rinne sé urnuiġe an treas úair, ag ráḋ na mbríaṫar céadna. 45Ann sin tig sé ċum a ḋeisciobal, agus a deir sé ríu, Codluiḋ feasda, agus coṁnuiġiḋ: féuċ, do ḋruid a núair rinn, agus a tá Mac an duine agá ṫaḃairt a láṁaiḃ na bpeacaċ. 46Eírġiḋ, bíom ag imṫeaċd, féuċ, is fogus duinn an té ḃraiṫeas misi.
47Agus an feaḋ do ḃí sé ag ráḋ ná ṁríaṫarsa, féuċ, táinic Iúdas, duine don dá ḟear ḋég, agus cuideaċda ṁór na ḟoċair maille lé cloiḋṁiḃ agus lé batuiḋiḃ, ó úaċdaránuiḃ na sagart, agus ó ṡinnsearuiḃ an ṗobail. 48Aċd tug an fear do ḃraṫ é coṁarṫa ḋóiḃsean, ag ráḋ, Gioḋ bé neaċ ḋá dtioḃra misi póg, a sé sin é: beiriḋ air. 49Agus ar an mball a núair ṫáinic sé ċum Iósa, a duḃairt sé, Go mbeannuiġṫear ḋuit, a ṁaiġisdir; agus tug sé póg ḋó. 50Agus a duḃairt Iósa risean, A ċara, créd fá dtaínic tú? Tangadarsan an tráṫsin, agus do ċuireadar láṁ a Niósa, agus do ġaḃadar é. 51Agus, féuċ, síneaḋ a láiṁe dfior don ṁuinntir do ḃí a ḃfoċair Iósa, do ṫarraing sé a ċloiḋeaṁa maċ, agus ar mbúalaḋ searḃḟoġantuiġe a nárdṡagairt, do ḃen sé a ċlúas de. 52Ann sin a deir Iósa ris, Cuir do ċloiḋeaṁ a rís an a ionad féin: oír gaċ uile ḋuine ġlacus cloiḋeaṁ is le cloiḋeaṁ ṫuitfeas sé. 53A né naċ sáoileann tú gur ab éidir leamsa Maṫair do ġuiḋe a nois, agus do ḃéaraḋ sé ḋaṁ do láṫair ní sa ṁó ná ḋá léġión dég daingliḃ? 54Aċd cionnas do coiṁlíonfuiḋṫe mar sin na sgrioptúirí, gur ab mar so is éigin a ḃeiṫ. 55A duḃairt Iósa ris an tslúaġ a núairsin, Tangaḃair a maċ aṁuil ċum bioṫuṁnaiġ le cloiḋṁe agus lé batuiḋe dom ġlacaḋsa? do ḃínn am ṡuiḋe gaċ áon lá eadruiḃ sa teampoll ag teagasg, agus ní rugaḃair oram. 56Aċd táinic so uile ċum críċe, ionnas go gcoiṁlionfuiḋṫe sgrioptúiriḋe na ḃfáiḋeaḋ. Ar na ṫréigean dá ḋeiscíobluiḃ uile ann sin, do ṫeiṫeadar.
57Agus ar mbreiṫ ar Iósa ḋoiḃsean rugadar léo ċum Caiṗáis an tárdṡagart é, mar a raḃadar na sgriobuiḋe agus na sinnsir cruinn. 58Agus do lean Peadar a ḃfad úaḋ é, go palais a nardṡagairt, agus ar ndul a sdeaċ ḋó, do ṡuiḋ sé a ḃfoċair na searḃḟoġantuiḋeaḋ, do ċum go ḃfaicfeaḋ sé an deireaḋ. 59Agus do iarradar úaċdaráin na sagart, agus na seinnsir, agus an ċoṁairle uile, fiaḋnuisi ḃréige a naġuiḋ Iósa, ionnas go gcuirfidis ċuin báis é; 60Agus ní ḟúaradar: agus fós, gé ṫangadar mórán dfíaḋnuisiḃ fallsa, ní ḟúaradar. Agus fa ḋeireaḋ ar dteaċd do ḋiás dfíaḋnuisiḃ bréagaċa, 61A duḃradar, A duḃairt an fearso, Is éidir leamsa teampoll De do leagaḋ, agus a ṫógḃail a dtrí lá. 62Agus ar neírġe do nárdṡagart, a duḃairt sé ris, Naċ ttugann tú freagra éigin úait? créd fa ḃfuilid so ag deanaṁ fíaḋnuisi ad aġuiḋ? 63Giḋeaḋ níor laḃair Iósa áonḟocal. Agus do ḟreagair an tárdṡagart agus a duḃairt sé ris, Cuirim ort a huċd Dé ḃí, innisin dúinn an tú Críosd, Mac Dé. 64A deir Iosa ris, A duḃairt tusa é: aċd ċeana a deirimsi riḃ, Na ḋiaiġ so do ċifiḋe Mac an duine na ṡuiḋe ar deas láiṁ ċuṁaċd Dé, agus ag teaċd a néulliḃ neiṁe. 65Ann sin do réub an tárdṡagart a éaduiġe, ag ráḋ, Gur laḃair sé blaisṗéime; créd í a nuireasḃuiḋ fiaḋnuisi a tá oruinn ní sa mo? féuċ, do ċúalaḃair a nois a ḃlaisṗéime. 66Créd do cíṫear ḋáoiḃsi? Agus ar ḃfreagra ḋóiḃsean a duḃradar, Do ṫuill sé bás. 67Ann sin do ġaḃadar do ṡeiliḋiḃ an a éadan, agus do ġaḃadar dream eile do ṡlataiḃ air, 68Ag ráḋ, Deuna faiḋeadoíreaċd ḋúinn, a Ċríosd, Cía ḃúail ṫú?
69Agus do ḃí Peadar na ṡuiḋe a muiġ ann sa halla: agus táinic cailin aíriḋe ċuige, ag ráḋ, Do ḃí tusa leis a ḃfoċair Iósa an Galiléaċ. 70Aċd do ṡéan seisean a ḃfíaḋnuisi ċáiċ uile, ag ráḋ, Ní ḟeidir mé créd a deir tú. 71Agus ar ndul a maċ ḋó ann sa ṗóirsi, do ċonnairc cailín eile é, agus a duḃairt sí rís an luċd do ḃí a laṫair, Do ḃí an fearsa leis a ḃfoċair Iósa Násarḋa. 72Agus do ṡéan sé a rís maille ré mionnaiḃ, Ní haiṫne ḋaṁ an duinesin. 73Agus tamall na ḋíaiġ sin tangadar an dream do ḃí na seasaṁ a láṫair, agus a duḃradar ré Peadar, Go fírinneaċ is díoḃ súd féin ṫusa; óir a tá do ċamnt féin dod ḃraṫ. 74Ann sin do ṫionnsgain sé ḃeiṫ ag malluġaḋ agus ag mionnuġaḋ, Ní haiṫne ḋaṁ an duine. Agus ar an mball do ġláoiḋ an coileaċ. 75Agus ann sin do ċuiṁniġ Peadar ar ḃríaṫruiḃ Iósa, a duḃairt ris, Suil ġoirfeas an coileaċ, séanfuiḋ tú mé trí húáire. Agus ar ndul a maċ ḋó, do ġuil sé go géur.

Currently Selected:

Ṁaṫa 26: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in