Ṁaṫa 28
28
Caibidil XXVIII
Eiseirġe Ċriosd, 19 leórduġaḋ an Ḃaise, agus na Nabsdal.
1Agus a ndeireaḋ na sábbaide, an tan do ṡoillsiġ an céud lá don tseaċdṁuin, táinic Muire Ṁagdalén agus an Ṁuire eile, dféaċain an túama. 2Agus, féuċ, do ḃí criṫ mór talṁan ann: Oír ag tuirling daingeal an Tiġearna a núas ó neaṁ, táinic sé, agus diomlait sé an ċloċ ón dorus, agus do ṡuiġ sé uirrṫe. 3Agus do ḃí a ġnúis mar mar ṫeinnteaċ, agus a éadaċ geal mar ṡneaċda: 4Agus do ċrioṫnuiġeadar an luċd coiṁéada ar a eaglasan, agus do ḃádar a rioċd ṁairḃ. 5Aċd ar ḃfreagra do naingeal a duḃairt sé ris na mnáiḃ, Ná bíoḋ eagla oruiḃsi: óir atá a ḟios agam, gur ab é Iósa do croċaḋ a táṫáoi díarruiġ. 6Ní ḃfuil sé ann so: óir do eiriġ sé, mar a duḃairt sé, Tigiḋ, féaċaiḋ a náit an a raiḃ an Tiġearna na luiġe. 7Agus ar nimṫeaċd dáoiḃ go lúaṫ, innsiḋ dá ḋeisciobluiḃ gur éiriġ sé ó ṁarḃuiḃ; agus, féuċ, atá sé ag dul roṁuiḃ don Ġalilé; do ċífiḋe ann sin e: féuċ, a duḃairt misi riḃ é. 8Agus ar nimṫeaċd ón túama go deiṫneasaċ ḋóiḃ maille ré heagla agus ré gáirdeaċus mór; do rioṫadar dá ḟoillsiuġaḋ sin dá ḋeisciobluiḃsion.
9Agus an tan do imṫiġeadar do ċum go ḃfoillséoċadis sin dá ḋeisciobluiḃsion, féuċ, tárla Iósa orrṫá, ag ráḋ, Día ḃur ḃeaṫaḋ ḋáoiḃ. Aċd tangadarsan, agus rugadar ar a ċosaiḃsion, agus do onóruiġeadar é. 10A deir Iósa an tansin ríu, Ná bíoḋ eagla oruiḃ, imṫiġiḋ beiriḋ sgéula ċum mo ḋearḃraiṫreaċ do ċum go raċaidís don Ġalilé, agus do ċífid misi ann sin.
11Agus ar nimṫeaċd dóiḃsean, féuċ, tangadar cuid don luċd faire don ċaṫair, agus do innisidear dúaċdaránuiḃ na sagart gaċ uile ní dá ndearnaḋann. 12Agus do ċruinniġeadar a gceann a ċéile maille ris na sinnsioruiḃ, agus ar ndéanaṁ coṁairle ḋóiḃ, tugadar mórán airgid do na saiġdiúiriḃ. 13Ag ráḋ, Abruiḋ, Tangadar a ḋeisciobuil annsa noiḋċe, agus do ġoideadar é an feaḋ do ḃámuirne ar gcodlaḋ. 14Agus má ċluin an túaċdarán an ní so, do ḃéaruimne fa deara ḋó, naċ bía gúasaċd ar biṫ oruiḃsi. 15Agus ar nġaḃáil an airgid dóiḃsion, do rinneadar mar do múineaḋ ḋoiḃ: agus aiṫrisdior an glorsa a measg na Níuduiġeaḋ go soiṫe an lá a niuġ.
16Aċd do imṫiġeadar an táoindeisciobail dég don Ġalilé ċum sléiḃe mar ar órduiġ Iósa ḋóiḃ. 17Agus an tan do ċonncadar é, do onóruiġeadar é: aċd do ḃi aṁarus ag cuid dióḃ air. 18Agus ar dteaċd Diosa do laḃair sé ríu, ag ráḋ, Ṫugaḋ ḋamsa gaċ uile ċuṁaċda ar a neaṁ agus ar talaṁ. 19Ar a naḋḃarsin imṫiġiḋsi, teaguisgiḋ na huile ċineaḋaċam da mbaisdeaḋ a nainm a Naṫar, agus an Ṁic, agus an Spiorad Náoiṁ: 20Agus teaguisgiḋ íad gaċ uile ní dár, aiṫín misi ḋiḃ do ċoiṁéud: agus, féuċ, a táimsi ḃur ḃfoċair gaċ éinla go deireaḋ an tsaoġail. Amen.
Currently Selected:
Ṁaṫa 28: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: