YouVersion Logo
Search Icon

Ṁaṫa 3

3
Caibidil III
Teagasc agus caiṫe beuṫa Eóin Ḃáisde, 13 noċ re ar baisdeaḋ Iosa Criosd
1Ann sna laiṫiḃ sin do ḃí Eoin Baisde, ag déanaṁ seannmóra a ḃfásaċ ṫíre Iúdaiġe, 2Agus a ráḋ, Déanuiḋ aiṫríġe: óir do ḋruid ríoġaċd De riḃ. 3Oír a sé so an té úd air ar laḃair Isaias faíġ, ag raḋ, Guṫ an té éiṁġeas air an ḃfasaċ, Ullṁuiġiḋ sliġe an Tiġearna, déanuiḋ a ċasain díreaċ. 4Agus a sí culuíġ do ḃí uime Eóin éadaċ do rúaiḋneaċ ċáṁall, agus crios leaṫair a ttimċeall a leasruiġ: agus a sé do buḋ bíaḋ ḋó lócuiste agus mil ḟiáin. 5Do ċúaiḋ Ierusaléim a maċ ċuige an tansin, agus Iudéa uile, agus luċd na tálṁan atá a ttimċeall Iordan uile, 6Agus do ġaḃadar baisdeaḋ úaḋa ann Iordán, ag adṁáil a bpeacaḋ.
7Agus an tan do ċunnairc sé mórán do Ṗáirisíneaċaiḃ agus do na Sadúiseaċaiḃ ag teaċd do ċum a ḃaisdiġ féin, a dúḃairt sé ríu, A ṡíol na naiṫreaċ neiṁe, cía do ḟoillsiġ ḋáoiḃ teiṫeaṁ ón ḟeirg atá ag teaċd? 8Ar a naḋḃarsin taḃruiġ toraḋ ḃus iomċuḃuiġ do naiṫriġe: 9Agus na smúainiḋ a ráḋ ionnaiḃ féin, Atá Abraham na aṫair aguin: óir a deirim riḃ, gurab éidir lé Día clan ḋéanaṁ Dabrahám do na cloċuiḃsi. 10Agus a nois atá an túaġ ar na cur do ċum fréiṁe na gcrann: air a naḋḃarsin gioḋ bé crann naċ iomċrann toraḋ maiṫ gearrṫar é, agus teilgṫear san teiniḋ é. 11Go deiṁin baisdimsi siḃ lé huisge do ċum aiṫriġe: aċd ċeana an té ṫig am ḋíaiġ is láidire é ná me, agus ni fíu misi a ḃróga diomċur: baisdfe seisean leis an Spioraid Náoṁ, agus lé teiniġ siḃ: 12Agá ḃfuil a críaṫar ann a láiṁ, agus glanfuiġ sé urlár a ḃúailte, agus cruinneoċuiġ sé an ċruiṫneaċd an ait ṫaisgiḋe; agus loisgfiḋ sé an ċáiḋ lé teiniġ naċ éidir do ṁúċaḋ.
13Taínic Iósa an tansin on Ngalilé go Iordán do ċum Eóin, íonnas go mbaisdfeaḋ sé é. 14Aċd ċeana do ṫoirmeisg Eóin é, ag ráḋ, Atá a ríaċdanus oramsa ṫusa dóm ḃaisdeaḋ, agus an ḃfuil tusa ag teaċd ċugamsa? 15Agus do ḟreagair Iósa é agus a duḃairt se ris. Léig ḋó a nóis: óir is mar so íomċuḃaiġ ḋúinn gaċ uile ċeart do ċoiṁlíonaḋ. Do ḟulaing sé ḋó an tansin. 16Agus ar mbeiṫ ar na ḃaisdeaġ Díosa, do ċúaiḋ sé air ball súas as a nuisge: agus, féuċ, do hósglaḋ neaṁ ḋó, agus do ċunnairc sé Spiorad Dé ag tuirrling a gcosaṁlaċ ċoluim, agus ag teaċd airsion: 17Agus féuċ gúṫ ó neaṁ, ag ráḋ, Ag so mo Ṁac gráḋaċ so, dá ḃfuil mo ṁórṫoil ann.

Currently Selected:

Ṁaṫa 3: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in