Seċariah 13
13
Caibidil XIII.
Is é páis lúaċ ṁoir Ċriosd is tobar glanta da ḋaóiniḃ.
1Annsa lo sin oisceoltar tobar do ṫiġ Ḋáiḃi agus dáitreaḃṫaċaiḃ Ierusalem ar son peacaiḋ agus ar son neaṁġloine.
2¶ Agus tiucfuiḋ a ccriċ annsa lósin, a deir TIĠEARNA na slóġ, go ngéarrfa mé anmanna na nioḋal as an dtalaṁ, agus ní ċuiṁneoċṫar ní is mó íad, agus fós do ḃéara mé air na faiġiḃ agus air na spioraduiḃ neaṁġlana imṫeaċt amaċ as an ttír.
3Agus tiucfáiḋ a ccríċ, an tan do ḋéana duine ar bioṫ féiġeadoireaċd, ann sin a déara a aṫair agus a ṁaṫair do ġin é ris, Ní mairfiḋ tú; óir laḃra tú bréaga a naínm an TIĠEARNA: agus sáiṫfiḋ a aṫair agus a ṁaṫair do ġin é ṫríd a núair ṫairġirios sé.
4Agus tiucfuiḋ a ccríċ annsa lósin, go mbiáiḋ náire air na faiġiḃ gaċ uile ḋuine aca tré na ḟis, an tan ṫairġirios sé; ní mó ċuirfid umpa culaḋa garḃa do ḋéanaṁ mealltóireaċda:
5Aċt a déara sé, Ní fáiġ ar bioṫ misi, treaḃairṫeaċ mé; óir do ṁúin duine ḋaṁ áirnéis do ċoiṁéad as móige.
6Agus a déara áon ris, Cred na cneaḋasa ann do láṁuiḃ? Annsin freigeora seision, Na neiṫe lé ar loiteaḋ mé a ttiġ mo ċarad.
7¶ Múscail, a ċloiḋiṁ, a naġuiḋ máoḋaire, agus anaġaiḋ an duine ar bé mo ċompanaċ, a deir TIĠEARNA na slóġ: buáil an táoḋaire, agus scánruiġ na caóiriġ: agus fillfe me mo láṁ air na húanuiḃ beaga.
8Agus tiucfaiḋ a ccríċ, annsa talaṁ uile, a deir an TIĠEARNA, go ngeárrfuiġear amaċ ḋá ċuid agus go néagfuid; aċt fúigfiġear trían ann.
9Agus do ḃéara mé an treas cuid ṫríd an tteine, agus aṫġlanfa mé íad mar aṫġlantar an tairgiod, agus dearḃoċa mé íad mar ḋearḃṫar an tór: goirfid siad ar mainm, agus éistfiḋ mé riú: déara mé, Is íadsa mo ṗobal; a déaruid síadsan, Isé an TIĠEARNA mo Ḋía.
Currently Selected:
Seċariah 13: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.