Seċariah 4
4
Caibidil IV.
Is é fioġair Ċriosd, Serubbabel.
1Agus ṫáinic an taingiol do ċoṁraiḋ riom a rís, agus do ḋúisiġ sé mé aṁuil duine, dúisiġear as a ċodlaḋ,
2Agus a duḃairt sé ríom, Cred do ċí tú? agus a duḃairt misi, Daṁairc mé, agus féuċ cuinnleóir uile dór, go scála air a ṁullaċ, agus seaċd ttóirsi air, agus seaċd bpíopa ċum na seaċd lampuiḃ, noċ do ḃí air a ṁullaċ:
3Agus dá ċrann ola láiṁ ris, áon aca air an ttaóiḃ deas don scála, agus an dara crann don taóiḃ ċlé ḋe.
4Marsin do ḟreagair mé agus do laḃrus ris a naingiol do ċoṁráiḋ riom, ag ráḋ, Cred íadso, a ṫiġearna?
5Annsin do ḟreagair an taingiol do coṁráiḋ riom agus a duḃairt sé riom, Naċ ḃfeadar tusa cred íad so? Agus duḃairt misi, Ní ḟeadar, a ṫiġearna.
6Annsin do ḟreagair seision agus do laḃair sé riomsa, ag ráḋ, Ise so briaṫar an TIĠEARNA re Serubbabel, ag ráḋ, Ní lé slúaġ, nó lé cuṁaċdaiḃ, aċt lé mo spioraidse, a deir TIĠEARNA na slóġ.
7Cía ṫusa, a ṡléiḃ ṁóir? do ḋéantar réiteaċ ḋíotsa roiṁe Ṡerubbabel: agus do ḃéara sé amaċ a ċeannċloċ sin lé gárrṫuiḃ, ag gláoḋuiġ, Grása, grasa ċuige.
8Tuilleaṁ fós ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugam, ag ráḋ,
9A síad láṁa Ṡerubbabel do ċuir bunáit fáoi an tiġso; isiad fós a láṁa ċríoċnoċus é; agus aiṫeonuiġ tú gur bé TIĠEARNA na slóġ do ċuir misi ċugad.
10Oír cía do ṫarcuisniġ lá na niṫeann mbeag? óir gairdeoċuid, agus do ċífid an doruḃa a láiṁ Ṡerubbabel maille ris an móirṡeisior sin; isíad suile an TIĠEARNA, noċ rioṫios síos agus súas air feaḋ na talṁan uile.
11¶ Annsin do ḟreagair misi, agus a duḃairt mé ris, Cred íad an dá ċrann olasa air an ttaoiḃ ndeas don ċoinnleoir agus air an ttaoiḃ ċlé ḋe?
12Agus do ḟreagair mé a rís, agus a duḃairt mé ris, Cred íad an dá ḃeangan ċrann olaso noċ folṁuiġios a nola órḋa ṫríd an dá ṗíopa órḋa asta féin?
13Agus do ḟreagair seision mé agus a duḃairt, Naċ ḃfuil a ḟios agadsa cred íad so? agus a duḃairt misi, Ní ḟeadar, a ṫiġearna.
14Annsin a duḃairt seision, Isíad so an dá ungṫaċ, ṡeasas láiṁ ré TIĠEARNA na talṁan uile.
Currently Selected:
Seċariah 4: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.