Seṗaniah 2
2
Caibidil II.
Gu ḃfuil pláġa searḃa go teaċt ar na geintiḃ arson iomad a bpeacaḋ.
1Cruinniġiḋ siḃ féin a ḃfoċair a ċéile, aseaḋ, cruinniġiḋ a ccionn a ċéile, a ċineaḋ neaṁḋúileaṁuil;
2Suil ḃéaras a nfuagra amaċ, suil imeaċus an lá mar an ccáiṫleaċ, suil ṫiucfas lá fearg ḃorb an TIĠEARNA oruiḃ, suil ṫiucfas lá feirge an TIĠEARNA oruiḃ.
3Iarruiḋ an TIĠEARNA, siḃsi a uile ḋrong ceannsa na talṁan, noċ doibriġ a ḃreiṫeaṁnus; íarruiḋ fíreantaċd, iarruiġ macántaċd: do bfeídir go ḃfoileoċṫáoi síḃ a ló ḟeirge an TIĠEARNA.
4¶ Oír tréigfiġear Gása, agus biáiḋ Ascélon na díaṁaireaċd: dibeoruid Asdod amaċ san meaḋón laói, agus toċalṫar Ecron as a freíṁ.
5A ṁairg do luċt áitriġṫe ċósta na fairge, cíneaḋ na Ċeretíteaċ! atá focal an TIĠEARNA ḃur naġaiḋ; a Ċanaan, a ḋúṫaiġ na Ḃṗilistinéaċ, scriosfa mé ṫusa go dearḃṫa, iondus naċ biáiḋ áitreaḃṫaċ ar biṫ ionnad.
6Agus béid cóstaḋa na fairge na náitiḃ coṁnuiġe agus na mboṫaiḃ ag áoḋairiḃ, agus na máinreaċaiḃ ag tréuduiḃ.
7Agus bíaiḋ an costa aig fuiġioll ṫiġe Iudah; biaṫfuid air: a ttiġṫiḃ Ascélon luiġfid síad síos tráṫnóna: óir cúairteaċuiḋ an TIĠEARNA a Ndía íad, agus fillfiḋ sé a ndáoirsine úaṫa.
8¶ Do ċúala mé masla Ṁóab, agus cáintéoireaċd ċloinne Ammon, lé ar ṁasluiġeadar mo ḋáoine, agus lé ar ṁóruiġeadar íad feín a naġaiḋ a tteórann.
9Uimesin fa mar ṁairim, a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel, Go deiṁin biaiḋ Móab mar Ṡodom, agus clann Ammon mar Ġomorrah, eaḋon na maṫair neantog, agus na poll salumn, agus na háonranaċd ṡiórruiḋe: millfiḋ íarḋráoi mo ḋaóine íad, agus sealḃoċuid íarsma mo ḋaóine íad.
10Isé so do ġeaḃuid ar son a núaḃair, do ḃríġ gur ṁasluiġeadar agus gur ṁóradar íad féin a naġaiḋ ḋaóine ṪIĠEARNA na slóġ.
11 Bíaiḋ an TIĠEARNA úaṫḃásaċ ḋóiḃ: óir cuirfiḋ sé uile ḋée na talṁan do ġorta; agus aiḋeoruid dáoine eision, gaċ áonduine as a ionad féin, eaḋon uile oilén na ngeinteaḋ.
12¶ Siḃsi a Etíopianuiġ mar an ccéadna, muirfiġear siḃ le mo ċloiḋeaṁsa.
13¶ Agus sínfiḋ sé a láṁ amaċ a naġaiḋ an tuáisceart, agus scriosfuiḋ sé a Nassíria; agus do ḋéanuiḋ Nineḃeh na háonránaċd, agus tirim mar ḟásaċ.
14Agus luiġfid tréuda iona lár, uile ḃeaṫáċa na ccineaḋaċ: coideoluiġ an fíaċfairge ar áon agus an bunnán léana iona lindériḃ úaċtaraċa; cánfa a ngúṫ annsna fuinneogaiḃ; biáiḋ áonranaċd annsna tairsiġiḃ: oir noċtfuiḋ sé a nóbair céadair.
15 Isí so an ċaṫair lúaṫġáireaċ do ċoṁnuiġ neaṁċúramaċ, a duḃairt iona croiḋe, Atáimse, agus ní ḃfuil ann aċd mé: cionnus do rinneaḋ fásaċ ḋí, na háit aig beaṫaċaiḃ ċum luiġe síos innte! gaċ uile duine ġaḃus láiṁ ría déana sé feadalaċ, agus croiṫfiḋ a láṁ.
Currently Selected:
Seṗaniah 2: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.