Geinis 21
21
Rugadh Isaach. Díbhirtear Agar agus Ismael
1Tháinig an Tighearna ar cuairt chuig Sara, fé mar gheall sé, agus do chomhlíon (sé) an méad a labhair sé. 2Agus do ghein sí 's rug mac in a sean-aois, ag an am ar dhubhairt Dia roimhe le sin. 3Agus thug Ábraham ‘Isaac’ mar ainm ar a mhac, a rug Sara dhó. 4Agus rinne sé timcheall-ghearradh air, ar an ochtmha lá, fé mar d'órduigh Dia dhó. 5Nuair bhí sé an céad blian d'aois, óir ba ag aos sin a athar rugadh Isaac. 6Agus arsa Sara: “Rinne Dia gáire domh; an té chluinfeagh an scéal dheanfaidh sé gáire liom.” 7Agus arís dubhairt sí: “Cé chreidfeadh go gcluinfeadh Ábraham (an scéal) ‘Go dtug Sara cíoch do mhac, a rug sí dhó in a sean-aois?’”
8Agus d'fhás an leanbh, agus baineadh de'n chích é, agus rinne Ábraham fleadh mhór an lá ar baineadh de'n chích é. 9Agus tráth connaic Sara mac Agair, an t-Éighphteach, ag súgrú le Isaac, a mac féin, ar sise le Ábraham: 10“Díbir amach an daor-bhean seo, í féin 's a mac, óir ní bhéidh mac na daor-mhná in a oighre i gcuideachta le mo mhac-sa Isaac.” 11Agus do ghoill seo go mór ar Ábraham ar son a mhic. 12Agus deir Dia leis: “Ná goilleadh sé ort ar son an ghasúir agus do dhaor-mhná. Tabhair aire do gach atá ráidhte ag do bhean Sara leat, óir is i n-Isaac ainmeóchar do shíol (do shliocht). 13Agus dheanfaidh mé cine (náisiún) mhór de mhac na daor-mhná chomh maith, óir is de do shíol-sa é.”
14Nuair bhí an mhaidin ann d'eirigh Ábraham 's thóg roinnt aráin agus buidéal uisce 's chuir ar a gualainn-se é, 's thug an gasúr ar ais dí, 's chuir ar shiubhail í. Agus d'imthigh sise 's chuaidh ar fán bhfásach (úd) Bersaboí. 15Agus an uaire thárla go raibh an buideal uisce caithte, thlig sí an gasúr ag bun chrainn d'a raibh ann. 16Agus d'imthigh sí ar a triall, agus shuidh sí as a chómhair, acht i bhfad uaidh, faid urchuir saighide, óire dubhairt sí: “Ná feicim an gasúr a' fagháil bháis,” agus shuidh sí os a chómhair amach, 's thóg a seam-gháir caointe.
17Agus chuala Dia glór an ghasúir, agus ghlaoidh aingeal Dé as na flaithis ar Agar, a' rádh: “Cad tá 'á dheanamh agat, a Agar? Ná bíodh aon eagla ort óir chuala Dia glór an ghasúir, ó'n áit in a bhfuil sé. 18Eirigh! Tóg an gasúr, agus ber ar láimh air, óir dheanfaidh mise cine (náisiún) mhór de.” 19Agus d'fhoscail Dia a súile-se, agus chonnaic sí tobar uisce 's chuaidh anon 's líon sí an buidéal, 's thug do'n ghasúr le h-ól. 20Agus bhí Dia 'n-a chuideachta, agus d'fhás sé suas agus rinne a chómhnaidhe san bhfásach, agus d'(bhí) fás 'n-a óigfhear—'n-a shaighdiur. 21Agus chomhnuigh sé i bhfásach Pharáin, agus thógh a mháthair bean dó as tír na h-Éighphte.
22Le linn an ama sin, arsa Abilemech, agus Phichol—a cheannaire airm, le Ábraham. “Ta Dia leat ingach á ndeanann tú. 23Dá bhrigh sin, tabhair mionna Dé nach ngortóchaidh tú mé féin ná mo shliocht ná mo stór: acht d'réir mo chinealtais duit-se dean thusa mar a gcéadna domh-sa, agus do'n dúithche ar chómhnuigh tú i do stráinséar inntí” 24Agus dubhairt Ábraham: “Bhearaim (bhearfaidh mé) mo mhionna.”
25Agus labhair sé go géar le Abilemech i dtaobh tobair uisce, a bhí goidthe ar shiubhal ag n-a chuid seirbhíseach, le faréigin. 26D'fhreagair Abilemech é: “Ní raibh fhios agam cé rinne an rud seo; agus níor innis tusa domh, agus char chuala mé focal fa dtaobh de go dtí an lá indiu.” 27Le sin thóg Ábraham caorí agus mairt, agus thug d'Abilemech iad, agus rinne siad connradh eatorra (beirt). 28'S chuir Ábraham seacht gcinn d'uanaibh firinne de'n tréad ar leath-taobh, 29agus d'fhiafruigh Abilemech de: “Cad chuiga na seacht n-uain firinne seo 'á gcur ar leath-taobh agat?” 30Acht ars é: “Tóg thusa seacht gcinn d'uanaibh firinne uaim-se: go mba barrantas agam iad gur mise thochail (rinne) an tobar seo.” 31Mar gheall ar sin tugadh Bersaboí mar ainm ar an áit sin, óir thug an bheirt aca a mionna ann. 32Agus rinne siad connradh fa thobar na mionn, 21:33 a agus d'eirigh Abilemech agus Phicol, a cheannairc áirm, agus phill siad ar chrioch na bPalaistíneach. 33Acht do chuir (phlanndail) Ábraham crann-choill i mBersaboí, agus ins an áit sin ghlaoidh sé ar ainm an Tighearna Dia bhith-bhuain. 34Agus d'fhan sé i gríoch na bPalaistíneach tamall maith de laethibh.
Currently Selected:
Geinis 21: ABNPOD
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Peadar Ó Dubhda 1943.

: