Geinis 23
23
Bás Shara. A h-adhlacadh i bpáirc Éphroin.
1Agus mhair Sara céad agus fiche-a-seacht blian. 2Agus fuair sí bás i gcathair Arboi .i. Ebron i gcríoch Chanáain, agus tháinig Ábraham 'ghá caoineadh 's 'ghá mairgniú. 3Agus tar éis dó eirghe as caoineadh an mhairbh labhair sé le clann héit, a rádh: 4“Is sráinséar agus cuairteóir in bhur measc mise. Tabhairigidh áit adhalctha dom in a gcuiridh mé mo (bhean) mharbh.” 5D'fhreagair clann Héit é, a rádh: 6“A Thighearna, éist linn. Is flaith ó Dhia thusa in ár measc. Cuir do mharbh ins an reilig is mó againn. Agus ní bhéidh de chómhacht ag aon duine diultú duit do mharbha chur (adhlacú) in a thomba.”
7D'eirigh Ábraham 'n-a sheasamh 's d'úmhluigh sé do mhuintir na críche sin .i. do chlanna Héit. 8Agus ars eisean leobhtha: “Má's toil anma libh-se go n-adhlacfainn mo mharbh, tabhairigidh cluas dom, agus deanaigidh eadar-ghuidhe le Éphron mac Seoir ar mo shon— 9go dtugaidh sé domh an uaimh dúbhailte, atá aige, i gcionn a pháirce. Ar a luach iomlán airgid bhearfaidh sé í, as bhur gcómhair, go seilbheóchaidh mé mur áit adhlactha í.”
10Is duinne, bhí cómhnaidhe ar Ephron imeasc clanna Héit. Agus thug Éphron freagra ar Ábraham os comhair na ndaoine a chuaidh isteach ar gheata na cathrach, a rádh: 11“Ná bíodh sé mar sin, a thighearna, acht éist thusa le n-a bhfuil le rádh agam. Bhearaim duit an pháirc, agus an uaimh atá ann. I lathair clann mo mhuintire, adhlaic do mharbh.” 12D'úmhluigh Ábraham é féin i lathair muinntir na críche, 13agus labhair sé le Éphron os comhair na ndaoine: “Éist liom, le do thoil. Bhearfaidh mé airgead ar an phairc. Glac é, agus annsin cuirfidh mé mo mharbh ann.” 14Agus thug Éphron freagra: 15“A thighearna, éist liom. An talamh ar mhaith leat fhagháil is fiu ceithre céad sicles airgid é, sin an luach eadrainne, mise agus tusa: acht caidé seo? adhlaic do mharbh.” 16Agus ar a chlos seo d'Ábraham, thómhas se amach an t-airgead a d'iarr Éphron—i bhfiadhnuise cloinne Héit—na ceithre céad sicles in airgead gheal, de'n airgead choitcheannta a bhí in-úsáid. 17Agus an pháirc arbh' le Éphron í roimhe sin, mar a rabh an uaimh dúbailt agus a h-aghaidh ar Mhámbre, í sin agus an uaimh, agus a rabh de chrainn ann, agus thart timcheall air, 18tugad i Seilbh Ábraham iad, i láthair cloinne Héit, agus a dteachaidh de dhaoiní isteach ar gheata na cathrach. 19Agus do chuir Ábraham a bhean Sara i n-uaimh dúbhailte na páirce a raidh a h-aghaidh ar Mhámbre, .i. Ébron i gríoch Chanaáin. 20Agus rinneadh seilbh na páirce daingean d'Ábraham, chomh maith leis an uaimh a bhí inntí, mar áit adhlatha (dó féin), ag clanna Héit.
Currently Selected:
Geinis 23: ABNPOD
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Peadar Ó Dubhda 1943.

: