Geinis 26
26
Isaac ar cuairt i nGerára, mar ar thug Dia an gealltanas thug sé d'Ábraham. Conaradh idir an Rí, abimelech, aus eisean.
1Tráth tháinig an gorta móir ar an tír, indéidh am mheath do thárla le linn ábrahaim, chuaidh Isaac ag triall ar Abimelech, rí na bPaláistíneach go Gerara. 2Agus thaisbeáin an Tighearna é féin dó, 's dubhairt: “Ná téigh síos go dtí an Éighphte. Acht fan ins an chríoch a chuirfeas mise in-iul duit. 3Agus fan ar cuairt ann, agus beidh mise i d'fhochair, agus beannóchaidh mé thú: Óir is duit-se agus do do shíol 'bhearfas mé na tíortha seo uile. I gcoimhlíonadh an ghealltanais a thug mé do do athair Ábraham: 4‘Agus mar na réaltaí san spéir neimhe; 's eadh méadóchaidh mé do shíol, agus bhearfaidh mé na tíortha seo uile do do shliocht; agus in do shíol-sa beannóchar cineacha uile an domhain,’ 5Toisc gur éist Ábrham le mor ghlór, agus choimhead sé mo chúram agus choimhlíon sé m'aitheannta, agus rinne d'réir mo dhlígheadh agus mo reachta.” 6Agus d'fhan Isaac 'n-a chómhnaidhe i n Gerara.
7Agus nuair cheistnigh fir na háite sin é i dtaobh na mná, d'fhreagair sé: “Is í mo dheirbhshiuir í.” Óir bhí eagla air innsighe dóbhtha gurab í a bhean-chéile í, a 'smeoitíu go marbhóchadh siad é mar gheall ar a h-áilneacht. 8Agus le h-imtheacht aimsire fada, agus é 'n-a chómmhnaidhe annsin, chonnaic Abimelech, rí na bPalaísíneach, é, thríd an fhuinneóig, agus é ag súgrú le Rebecca, a bhean. 9Ghlaoidh sé air, agus ars eisean: “Is dóigh (Cinnte) linn gurab í do bhean-chéile í: ‘Tuige ar leig tú ort gurab í do dheirbhshiuir í?” D'fhreagair sé: “D'eagla go bhfuighinn bás ar a son.” 10Agus arsa Abimlech: “Cad tuige duit bréag a innsighe dúinn? D'fhéadfadh fear éigin de'n phobal dhul a luighe le do bhean agus tharraingeóchthá-sa peacadh mór anuas orainn.” Agus d'fhógair sé do chách, a rádh: 11“An té bhainfeas le bean an fhir seo, cuirfear chun báis é—féach!”
12Agus rinne Isaac síol-chur san talamh sin, agus méaduigheadh air fa chéad an bhliain chéadna sin: agus do bheannuigh an Tighearna é. 13Agus d'eirgh mo dhuine saidhbhir, agus chuaidh chun cinn fé shonas, agus a' méadhú leis, no gur eirigh leis bheith mór cumasach i maoin. 14Agus bhí a lán caoirigh agus tréada 'n-a sheilbh aige, agus teaglach íontach mór, agus mar gheall air sin tháinig éad ar na Paláitínigh chuige.
15Agus líon siad isteach na tonracha a bhí deanta (tochailte) fa'n am sin ag seirbhísí a athar, Ábraham, 's líon arís le créafóig iad. 16'S gur dhubhairt Abimelech féin le Isaac: “Glan leat amach as seo, ó d'eirigh tú ró-chómhartach dúinne.” 17Agus d'imithigh sé as an áit, no go dtáinig chuig Gleann-Shruth Gherara, le cur faoi annsin. 18Agus thochail sé arís tobracha eile a bhí deanta ag seirbhísigh a athar—Ábraham—agus a líon na Philistínigh ar ais arís sa tsean-am, in dhéidh a bháis-siud: agus thug sé na h-ainmneacha céadna ortha 's do thug a athair (féin) ortha roimhe leis.
19Agus thochail siad san ghleann-shruth agus fuaireadar fíor-uisce ann. 20Acht san dúithche sin, freisin, do chuir eadhairi Ghearára i n-éadán aodhairí Isaaic, a rádh: “Is linne an t-uisce sin.” Agus as an rádh sin agus an raic thóg siad, thug sé ‘Sitnah’ .i. Eitheach, mar ainm ar an tobar. 21(Agus rinneadh comrascal) agus thochail siad ceann eile; agus rinneadh iomrascal fa sin, fosta, agus thug se d'ainm air-“Eascháirdeas”. 22D'imthigh sé as sin agus thochail tobar eile, acht char bhain siad leis sin; agus ar a shon sin, thug sé Rehobot .i. “Fairsingeacht”, mar ainm air, a rádh: “Anois, thug an Tighearna fairsingeacht dúinn, le n-ár méadú féin ar thalamh an domhain.”
23Agus d'imthigh sé as an áit sin suas go dtí Bersaboí. 24Áit in ar thaisbeáin an Tighearna é féin dó, an oidhche chéadna, a rádh: “Mise Dia Ábrahaim, d'athair. Ná bíodh eagla ort, tá mé i gcuideachta leat, beannóchaidh mé thú, agus méadóchaidh mé do shíol, ar son mo sheirbhísigh, Abraham.” 25Agus thóg sé altóir annsin, agus ghlaoidh sé ar ainm an Tighearna. Agus do chuir a bhóth 'n-a shuidhe, agus thug órdú d'á chuid seirbhíseach tobar a thochailt.
26Agus tháinig Abimelech, agus Ochozath, a chara, agus Phicol, Paíomh-Thaoiseach ar a chuid saighdtur, aníos as Gerára, go dtí é, 27Agus arsa Isaac leo: “ 'Tuige sibh-se a' teacht chugam, mise a bhfuil fuath agaibh orm, agus a ruaig sibh ar shiubhal uaibh?” 28Agus d'fhreagair siad-san: “Chonnacthas dúinn go bhfuil an Tighearna leat, agus dubhramar linn féin, ‘Bíodh briathar móide eadrainn, agus deanamaois connradh, 29nach ndeanfaidh tú aon díoghbhail dúinn, fé mar nár bhain muidinne leat, ná le do chuid, 's nach dtearnamar a dhath de dhíoghbhail duit. Acht tú a chur ar shiubhal i síothcháin, méaduighthe i mbeannacht an Tighearna.’” 30Agus rinne sé fleadh dóbhtha, agus tar éis bheith ithte agus ólta aca. 31Tráth d'eirigh siad sa maidin thug siad a mbriathra móide d'á chéile. Agus chuir Isaac ar a dtriall go síothchánta iad, ar a mbaile féin.
32Agus féach, an lá céadna sin tháinig seirbhísigh Isaac, ag innsighe dó fa thobar a bhí tochailte aca, a rádh: “Fuaireamar fíor-uisce.” 33Agus ar an tobar sin thug sé “A Lán” (mar ainm), agus tugadh Bersaboí .i. “A Lán,” ar an chathair go dtí an lá indiu féin.
34Agus á bhí Esau an Dachad blian ar aois phós sé mná—Iudith íngean Bírí, an t-Ethiteach, agus Basemath, ínghean Éloin, as an áit chéadna. 35Agus ba ghránda le Isaac agus le Rebecca an bheirt (bhan) aca.
Currently Selected:
Geinis 26: ABNPOD
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Peadar Ó Dubhda 1943.

: