YouVersion Logo
Search Icon

Eaxodus 15:23-25

Eaxodus 15:23-25 ABN

Nuair a shroicheadar Márá níorbh fhéidir leo uisce Mhárá a ól lena sheirbhe; uime sin a tugadh Márá ar an áit. Bhí an pobal ag monabhar in aghaidh Mhaois. “Cad tá le hól againn?” a deiridís. Ghlaoigh Maois chun an Tiarna agus thaispeáin an Tiarna crann dó; chaith Maois é sin isteach san uisce agus d'éirigh sé milis. Ansiúd a rinne [an Tiarna] statúid agus reacht dóibh; ansiúd a rinne sé iad a phromhadh.