YouVersion Logo
Search Icon

Eaxodus 15

15
Laoi an Bhua
1Ansin is ea a chan Maois agus clann Iosrael an laoi seo leanas
in onóir an Tiarna:
“Canfaidh mé don Tiarna; rug sé an bua le barr glóire!
Chaith sé i bhfarraige idir each agus charbadóir.
2An Tiarna mo neart, mo dhán;
eisean mo shlánú.
Eisean mo Dhia, agus molfaidh mé é.
Dia m'athar, agus móraim é!
3Fear faobhair an Tiarna!
An Tiarna a ainm.
4Threascair sé carbaid Fhorainn agus a shlua san fharraige;
d'fhág sé togha a mharcach báite i Muir na nGiolcach.
5Chlúdaigh na tuilte iad;
chuadar go tóin poill mar a dhéanfadh cloch.
6Is glórmhar cumhacht í do dheaslámh, a Thiarna;
rinne do dheaslámh, a Thiarna, smidiríní den namhaid.
7Le neart do mhórgachta, rinne tú lucht d'ionsaithe a threascairt;
scaoil tú le fraoch d'fheirge agus d'alp sé iad mar choinleach.
8Le sraoth do pholláirí rinne cnocáin de na huiscí
agus sheas na tonnta mar chlaí;
dhlúthaigh na haigéin i gceartlár na mara.
9‘Rachaidh mé sa tóir orthu, agus béarfaidh mé orthu,’ arsa an namhaid.
‘Déanfaidh mé an chreach a dháil; sásófar mo chroí léi.
Tarraingeoidh mé mo chlaíomh, agus scriosfaidh mo dheaslámh iad.’
10Shéid tú anáil, agus d'iaigh an fharraige orthu.
Chuadar faoi mar luaidhe sna huiscí gáifeacha.
11Cé is cosúil leat ar na déithe, a Thiarna?
Cé is cosúil leat, a Thiarna, le mórgacht do naofachta
le huafás d'éachtaí glórmhara agus leis na hiontais a chuireann tú i gcrích?
12Shín tú amach do dheaslámh agus shlog an talamh iad.
13Threoraigh tú le teann grá an pobal a d'fhuascail tú;
rinne tú eolas dóibh le do neart chun d'áitribh naofa.
14Ar a chlos seo dóibh, tháinig ballchrith ar na ciníocha;
chuaigh áithritheoirí na Filistíne i gceas naíon.
15Tháinig suaitheadh ar phrionsaí Eadóm;
bhí greim ag an gcreathán ar cheannairí Mhóáb;
d'imigh leá ar áithritheoirí Chanán go léir.
16Tháinig scéin agus scanradh orthu;
mar gur thréan í do lámh, bhíodar gan cor astu dála na cloiche;
go ndeachaigh do phobal thar bráid, a Thiarna;
go ndeachaigh an pobal a d'fhuascail tú thar bráid.
17Thug tú isteach iad agus shuigh tú iad ar do shliabh féin,
san áit dá ndearna tú d'áitreabh,
an sanctóir a dhealbhaigh do lámha.
18Beidh an Tiarna i réim go deo na ndeor.”
19Ghabh eachra Fhorainn isteach san fharraige lena gcarbaid agus lena gcarbadóirí, ach sheol an Tiarna uiscí na farraige siar orthu; shiúil clann Iosrael ar thalamh tirim tríd an bhfarraige. 20Ansin Miriám banfháidh, deirfiúr Árón, thóg sí tiompán ina láimh agus lean na mná go léir í lena dtiompáin sa rince. 21Chuir Miriám ceann ar an luinneog ag canadh dóibh:
“Canaigí don Tiarna; rug sé bua le barr glóire!
chaith sé i bhfarraige idir each agus charbadóir.”
Márá
22Sheol Maois Iosrael ar aghaidh ó Mhuir na nGiolcach agus isteach leo i bhfásach Shiúr mar ar leanadar sa siúl tríd an bhfásach ar feadh trí lá gan uisce a fháil. 23Nuair a shroicheadar Márá níorbh fhéidir leo uisce Mhárá a ól lena sheirbhe; uime sin a tugadh Márá ar an áit. 24Bhí an pobal ag monabhar in aghaidh Mhaois. “Cad tá le hól againn?” a deiridís. 25Ghlaoigh Maois chun an Tiarna agus thaispeáin an Tiarna crann dó; chaith Maois é sin isteach san uisce agus d'éirigh sé milis.
Ansiúd a rinne [an Tiarna] statúid agus reacht dóibh;
ansiúd a rinne sé iad a phromhadh.
26Ansin dúirt sé: “Má éisteann tú go cáiréiseach le glór an Tiarna do Dhia agus a bhfuil ceart ina láthair a dhéanamh agus aird a thabhairt ar a aitheanta agus a reachtanna a choimeád, ní dhéanfaidh mé aon cheann de na holca a d'imir mé ar na hÉigiptigh a imirt ort; mar is mise an Tiarna do shlánaitheoir.” 27Thángadar dá bhrí sin go hÉilím mar a raibh dhá thobar déag fíoruisce agus seachtó crann pailme agus shuíodar a gcampa láimh leis.

Currently Selected:

Eaxodus 15: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in